Mustafa Kemal Atatürk
Ba é Gazi Mustafa Kemal Atatürk (1881 – 10 Samhain 1938) a bhunaigh poblacht na Tuirce. Fuair sé oiliúint oifigigh san Arm Otamánach agus throid sa Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Breataine. I ndeireadh an chogaidh thapaigh sé an deis agus chuaigh i gceannas ar arm mór in oirthear na Tuirce.
An náisiúnachas agus an saoltachas na clocha ba mhó ar a phaidrín, agus chuir sé in aghaidh na gcléireach Moslamach le lámh láidir chun an tIoslamachas a dhíbirt as an bpolaitíocht. Theastaigh uaidh cuma an Iarthair a chur ar an Tuirc: bhain sé an fial de na mná agus choisc na fir ar éadaí dúchasacha a chaitheamh.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Mustafa Kemal sa bhliain 1881 i Selânik (Thessalonike na Gréige). Mionstátseirbhíseach ba ea a athair a chuaigh le díol agus ceannach an adhmaid. De réir nósanna an lae sin, ní bhfuair an buachaill ar dtús ach aon ainm amháin - Mustafa.
Fuair athair Mhustafa, Ali Rıza Efendi, bás nuair nach raibh a mhac ach seacht mbliana d'aois, agus bhí ar a mháthair, Zübeyde Hanım, an buachaill a thabhairt suas.
In aois a dhá bhliain déag chuaigh Mustafa óg ag foghlaim saighdiúireachta i scoil mhíleata Selânik agus, sa bhliain 1895, i Manastır (Bitola inniu i bAn Mhacadóin Thuaidh). Bhí an dá scoil mhíleata seo sa chuid den Impireacht Otamánach a raibh éirí amach ar siúl ag na Gréagaigh. Bhí Mustafa chomh gasta sin ag foghlaim na matamaitice i scoil Selânik gur bhronn a mhúinteoir an leasainm Kemal - "Foirfeacht" - air. Rinneadh leifteanant de sa bhliain 1905 agus cuireadh ar fiannas leis an gCúigiú hArm i nDamascas é, ach bhí a dhílseacht don Impireacht ag meath, agus chuaigh sé i rúnchumann oifigeach náisiúnaíoch darbh ainm Vatan ve Hürriyet ("Tír Dhúchais agus Saoirse"). Sa bhliain 1907 rinneadh captaein de; chuaigh sé sa Tríú hArm thiar i Manastır agus chuaigh sna Turcaigh Óga, dream a threascair an sabhdán Abdülhamid a Dó sa bhliain 1908. Ba ghearr go raibh Mustafa Kemal ina oifigeach sinsearach.
Sa bhliain 1910 fuair sé oiliúint cogaíochta sa Fhrainc. An bhliain dár gcionn fuair sé post sa Roinn Cogaidh in Iostambúl, ach bhí air dul go dtí cúige Trablusgarp sa Libia lena chosaint ar na Iodálaigh. Chuaigh sé ag cosaint Tobruk ar 22 Nollaig 1911 agus rinneadh ceannasaí de i nDerne ar 6 Márta 1912.
D'fhill Mustafa Kemal ar Iostambúl nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Balcánach i Mí Dheireadh Fómhair, 1912. Throid sé le fórsaí na Bulgáire ag Gallipoli agus arís ag Bolayır ar chósta na Tráice (Trakya na Tuircise), agus is mór an lámh a bhí aige in athghabháil Edirne agus Demotika (Didymoteicho). Sa bhliain 1913 cuireadh é chun Sóifia, príomhchathair na Bulgáire, mar ionadaí míleata lena choinneáil amach ó bheartaíocht pholaitiúil na príomhchathrach, agus sa bhliain 1914 rinneadh leifteanantchoirnéal de.
Ar fiannas sa Chéad Chogadh Domhanda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus Kemal i Sóifia lochtaigh sé go géar na daoine arbh áil leo dul chun cogaidh ar thaobh na Gearmáine. Ar 16 Iúil 1914 chuir sé teachtaireacht oifigiúil ó Shóifia chuig an Aire Cogaidh, ag rá gur chóir don Impireacht a bheith neodrach. Ní raibh gar ann, áfach, ó bhí an tAire, Enver Pasha, báúil leis an Gearmáin, agus shínigh conradh rúnda dá réir.
Bhí ar an Marascal Gearmánach Otto Liman von Sanders caolas na Dardainéile a chosaint, agus é i gceannas ar Chúigiú hArm na hImpireachta Otamánaí. Cuireadh Mustafa Kemal i gceann Rannán a Naoi Déag, a bhí ag comhoibriú leis an gCúigiú hArm.
Ar 19 Feabhra 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na nDardanelles, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli. Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas agus chinn na Briotanaigh ar thrúpaí a chur i dtír. Is é an toradh a bhí air seo go raibh fórsaí na Breataine i mbun comhrac fada in aisce agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar an an Leithinis.
Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.
Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:
Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.
Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr. Rinneadh coirnéal de Kemal de bharr a ndearna sé agus é i gceannas le linn an fheachtais.
I ndeireadh na dála, nuair a bhí a ndúil bainte den rath ag na Briotanaigh i ndiaidh deich mí troda, thug siad a gcuid saighdiúirí leo ón Leithinis.
Rinne ceannasaithe Otamánacha eile éacht freisin agus Liman von Sanders san áireamh, ach ba é Mustafa Kemal an laoch, dar leis na Turcaigh.
I ndiaidh an chogaidh chuir Kemal in iúl a ardmheas ar an namhaid:
- Na laochra seo a dhoirt a bhfuil féin agus a fuair bás ar pháirc an áir, tá siad sínte i gcré chairdiúil anois. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha, mar sin. Ní féidir Johnny agus Mehmet a aithint thar a chéile agus iad ina gcodladh taobh le taobh anois sa tír seo againne. Sibhse, a mháithreacha sna tíortha i gcéin, triomaígí bhur gcuid deor.
I ndiaidh an fheachtais seo chuaigh Kemal chun Edirne, áit ar fhan sé go dtí 14 Eanáir 1916. Cuireadh i gceannas ar an Séú Cór Déag sa Dara hArm é agus thug sé a aghaidh ar Chugas. Rinneadh Briogáidire air ar 1 Aibreán 1916, cé go meastar gur chuir Enver Pasha moill ar an ardú céime d'aonghnó.
Poblacht na Tuirce
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí baint ag Mustafa Kemal leis an ngluiseacht náisiúnaíoch ón mbliain 1919 amach. Chuir sé féin agus a chairde ciorclán amach ag fógairt go raibh neamhspleáchas na tíre i mbaol; d'éirigh sé as an arm agus chuir an rialtas barántas amach lena ghabháil. (Fógraíodh ina dhiaidh sin go raibh sé daortha chun báis.)
Tháinig an Pharlaimint Atamánach dheireanach le chéile in Iostanbúl sa bhliain 1920; nuair a scaoil fórsaí na Breataine í chuir Mustafa Kemal an Tionól Mór Náisiúnta (TMN) ar bun. Ar 10 Lúnasa 1920 chuir an Visír Mór Damat Ferid Pasha a lámh le Conradh Sèvres, rud a cuir bailchríoch ar dheighilt na hImpireachta, agus roinnt réigiún san áireamh ar chuid dhílis den Tuirc iad, dar leis na náisiúnaithe. Ar chomhairle Mhustafa Kemal thóg an TMN Arm Náisiúnta, agus chuaigh sin ag troid i dtrí chogadh - i gcoinne na bhFrancach, na nGréagach agus na nAirméineach. Ghluais na Gréagaigh chun tosaigh, agus rinne an TMN ardcheannasaí de Mhustafa Kemal ar 5 Lúnasa 1921. Chuaigh na Turcaigh i ngleic leis na Gréagaigh arís agus d'éirigh go maith leo; ghabh siad Smyrna ar 10 Meán Fómhar 1922.[1]
Thosaigh Comhdháil Lausanne ar 21 Samhain 1922, agus dhiúltaigh an toscaire Turcach, İsmet İnönü, glacadh le haon rud a chuirfeadh isteach ar neamhspleáchas na tíre.[2] Síníodh Conradh Lausanne ar 24 Iúil 1923. Shínigh Rialtas Shaorstát Éireann an Conradh sin, de bharr go raibh an Saorstát fós ina bhall d'Impireacht na Breataine. Fógraíodh Poblacht na Tuirce ar 29 Meán Fómhair 1923.
Polasaithe baile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Mustafa Kemal ceannaire an stáit nua, agus chuaigh sé i mbun an tír a leasú i gcúrsaí polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta d'fhonn stát daonlathach saolta a chruthú. Ba é an bunphrionsabal aige neamhspleáchas iomlán na Tuirce.
Ní raibh ann ach aon pháirtí amháin, eagraíocht ar tugadh an Páirtí Poblachtach (Cumhuriyet Halk Fırkası) uirthi sa bhliain 1923. Ach bhí na toghcháin saor agus bhí córas cothrom toghchánaíochta ann.[3] Bhí sé de cheart ag na teachtaí an rialtas agus an Príomh-Aire a roghnú. Rinne Bunreacht na bliana 1924 idirdhealú éigin idir an chumhacht fheidhmeach agus an chumhacht reachtach, ach bhí an-chumhacht ag an Uachtarán.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léigh freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Landau, Jacob M (1983). Atatürk and the Modernization of Turkey Boulder, Colorado: Westview Press. ISBN 978-0-86531-986-8.
- Kinross, Patrick (2003). Atatürk: The Rebirth of a Nation London: Phoenix Press. ISBN 978-1-84212-599-1. OCLC 55516821.
- Mango, Andrew (2002). Ataturk: The Biography of the Founder of Modern Turkey Woodstock, NY: Overlook Press, Peter Mayer Publishers, Inc. ISBN 1-58567-334-X.
- Webster, Donald Everett (1973). The Turkey of Atatürk; Social Process in the Turkish Reformation New York: AMS Press. ISBN 978-0-404-56333-2.