Feachtas Gallipoli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gallipoli)
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataFeachtas Gallipoli
Middle Eastern theater of World War I (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfeachtas míleata agus ionsaí míleata
Dáta9 Eanáir 1916
Comhordanáidí40°14′15″N 26°16′39″E / 40.2375°N 26.2775°E / 40.2375; 26.2775
ÁitGallipoli
Tíran Impireacht Otamánach
RannpháirtitheImpireacht na Breataine, Troisième République, Impireacht na Gearmáine, an Impireacht Otamánach, Impireacht na Rúise, An Ostair-Ungáir, Ian Standish Monteith Hamilton (en) Aistrigh, Horatio Kitchener, John de Robeck (en) Aistrigh, William Birdwood, 1st Baron Birdwood (en) Aistrigh, Winston Churchill, Henri Gouraud (en) Aistrigh, Maurice Bailloud (en) Aistrigh, Otto Liman von Sanders (en) Aistrigh, Enver Pasha (en) Aistrigh, Mehmet Esat Bülkat, Cevat Çobanlı, Mustafa Kemal Atatürk, Wehib Pasha, Sarkis Torossian (en) Aistrigh, Réimeas Briotanach agus French West Africa (en) Aistrigh
Mustafa Kemal ag Gallipoli lena chuid saighdiúirí, 1915

Bhí Feachtas Gallipoli ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'ionsaigh fórsaí na Breataine, na Fraince agus fórsaí nuachruthaithe na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC), srl. an Impireacht Ottoman ag leithinis Gallipoli san Dardainéil.[1] Lean an cogáoicht ó 25 Aibreán 1915 go 9 Eanáir 1916.

Ar deireadh, tar éis 8 mí de chogaíocht, cuireadh an ruaig ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Bhí an-chuid taismeach ar an dá thaobh agus fuair thart ar leathmhilliún bás.[2]

Atatürk, agus Cheannasaí an Airm (1918).

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 19 Feabhra 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na Dardainéile, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli. Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.

Bhí dhá mhóraidhm straitéiseacha leis an bhfeachtas san Dardainéilː[3]

  • An chéad aidhm ná an Impireacht Otamánach a chur ó mhaith trí Chathair Chonstaintín nó Iostánbúl a ghabháil, agus iachall a chur ar na Gearmánaigh saighdiúirí agus ábhar cogaidh a bhogadh ón bhFrainc go dtí an fronta nua.
  • An dara haidhm ná bealach a oscailt isteach go dtí Impireacht na Rúise chun go bhféadfaí ábhar cogaidh agus eile a sheoladh ina treo agus faoiseamh a thabhairt di. Bhí Impireacht na Rúise iata isteach ag cabhlach an Kaiser i Muir Bhailt agus ag na hOtamánaigh sa Mhuir Dhubh.
Fiúsailéirí Ríoga na hÉireann in Gallipoli

Cogaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal Atatürk i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainnee (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.


Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:

Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.

Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.

I ndeireadh na dála, teip a bhí i bhfeachtas an Entente in Gallipoli in aghaidh Impireacht na Tuirce. i ndiaidh deich mí troda, thug siad a gcuid saighdiúirí leo ón Leithinis. Tháinig an feachtas chun críche ar an 9 Eanáir 1916, nuair d'fhág na fórsaí deiridh an leithinis. Gallipoli. B'é an cúlú an chuid ba éifeachtaí den bhfeachtas airm a thosaigh ar an 25ú Aibreán 1915.[3]

1ú Chathlán Astrálach ag Steeles Post ar chósta Gallipoli, 3 Bealtaine 1915

Saighdiúirí Éireannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí

  • Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,
  • Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan,
  • Fiúsailéirí Ríoga Inniskilling agus
  • an 10ú Rannán (Éireannach)

i measc na n-aonad de chuid Arm na Breataine a throid ag Gallipoli.

Cé nárbh Éireannaigh iad na saighdiúirí go léir sna haonaid sin, meastar go raibh ar a laghad 3,500 fear ó gach cearn d'oileán na hÉireann ina measc siúd a maraíodh agus gur baineadh gortú do roinnt mílte Éireannach eile le linn an fheachtais.[4]

Ar dheis, na séiplínigh O'Connor agus Crozier, Royal Irish Rifles.

Tháinig cuid mhaith Éireannach den chéad ghlúin i dtír i Gallipoli mar bhaill de d'fhórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne agus bhásaigh siad ann.

Ag an reilig ag V-Beach (Cape Helle),cuireadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a maraíodh agus iad ag teacht i dtír.[5]

dul i dtír in Gallipoli (ANZAC, 1915)

Anailís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an coinceap stráitéise slán, ach bhí an cur i bhfeidhm lag.[3]

Dúirt Michael D. Higgins sa bhliain 2015, "Ba cheart dúinn a admháil gur ordaíodh do na fir sin bás agus fulaingt a imirt, agus iad mar chuid d’fhórsa ionsaitheach míchinniúnach a cruthaíodh gan mhachnamh ceart: thit saighdiúirí na Tuirce ina mílte agus iad ag cosaint a dtíre dúchais, agus cailleadh i bhfad níos mó díobh ná a cailleadh de na Comhghuaillithe... b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Is caolas a ceangail an Mhuir Aeigéach go dtí Muir Mharmara í an Dardainéil. Is suite í san Tuirc.
  2. centenaries.ucd.ie (2016). "UCD Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
  3. 3.0 3.1 3.2 Criostoir Mac Amhlaoimh (Iúil 2015). "Gallipoli / Cartlann Feasta" (ga-IE). Feasta 68 (7), 12-13.. Dáta rochtana: 2022-01-09.
  4. Department of Foreign Affairs. "Comóradh Fheachtas Gallipoli - An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
  5. Office of the President of Ireland. "News President To Attend Ww1 Commemorations In Turkey Gallipoli And Visit Irish" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
  6. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.