An Bhanglaidéis
An Bhanglaidéis | |||||
---|---|---|---|---|---|
গণপ্রজাতন্ত্রী বাংলাদেশ (bn) বাংলাদেশ (bn) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amar Sonar Bangla | ||||
Mana | «Beautiful Bangladesh» «Bangladesh Godidog» | ||||
Siombail oifigiúil | Nymphaea nouchali | ||||
Ainmnithe in ómós | Beangáilis | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Dhaka | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 169,356,251 (2021) | ||||
• Dlús | 1,147.63 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Beangáilis | ||||
Reiligiún | Ioslam, an Hiondúchas, an Búdachas agus an Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Áise Theas | ||||
Achar dromchla | 147,570 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Bheangál | ||||
Pointe is airde | Mowdok tiang (en) (1,054 m) | ||||
Pointe is ísle | Bá Bheangál (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 26 Márta 1971 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | Westminster system (en) agus poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Banglaidéise | ||||
Comhlacht reachtach | Jatiya Sangsad (en) | ||||
• Uachtarán na Banglaidéise | Syed Nazrul Islam (1971–1972) | ||||
• Príomh-Aire na Banglaidéise | Muhammad Yunus (2024–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Banglaidéise | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 416,264,802,185 $ (2021) | ||||
Airgeadra | taka na Banglaidéise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .bd agus .বাংলা | ||||
Glaochód | +880 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 999 | ||||
Cód tíre | BD | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | bangladesh.gov.bd | ||||
Is tír atá suite san Áise Theas í an Bhanglaidéis, nó Daonphoblacht na Bangladéise.[1] Tá teorainn mhór aici leis an India, agus teorainn bheag le Maenmar san oirdheisceart. Tá Bá Bheangál sa deisceart. Is é Dhaka an phríomhchathair.
Tá an tír suite sa réigiún Beangál. Is grúpa eitneach Áiseach iad na Beangálaigh. Is í an Bheangáilis a bpríomhtheanga.
Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75% den tír faoi leibhéal na mara.[2]
An Phacastáin Thoir an t-ainm a bhíodh ar an mBanglaidéis tráth. In 1971, d’athraigh sé go dtí an Bhanglaidéis nuair a roinn an dá chuid den Phacastáin tar éis cogadh dian.[3]
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1974, bhí an daonra sa Bhanglaidéis ag 75 milliún. In 2022, bhí beagnach 170 milliún ina gcónaí sa tír.[4]
Tá dlús mór daonra ann anois, a lán daoine ina gcónaí i dtír atá beag go leor, tír nach bhfuil ach a dhá oiread méid na hÉireann.
Na Róihinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir na Náisiún Aontaithe, tá na Róihinsí ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Tá siad ag brath go mór anois sa Bhanglaidéis ar chúnamh dhaonnúil cosúil le bia agus bunriachtanais eile an tsaoil, tar éis dóibh an teorainn a thrasnú chun dídean a lorg. Tá thart ar 1,000,000 teifeach sa Bhanglaidéis in 2023, a mheastar.[5]
Tíreolaíocht agus athrú aeráide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toisc go luíonn an Bhanglaidéis go híseal, bíonn go leor tuilte inti agus déantar go leor damáiste ar na cóstaí, áit a gcónaíonn na daoine is boichte.[3]
Tá an tír á mhilleadh ag an athrú aeráide.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Réimeas Briotanach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar An Réimeas Briotanach (Béarla: The British Raj) (Hiondústáinis: राज, راج, rāj nó go litriúil "Réimeas") ar an dtréimhse ama ina raibh forlámhas coilíneach na Breataine i bhfeidhm ar fho-ilchríoch na hIndia idir 1858 agus 1947. Áirítear an réigiún ar a dtugtar go coitianta 'An India' in úsáid chomhaimseartha, na fearainn a bhí riartha go díreach ag an Ríocht Aontaithe, mar aon leis na stáit ríoga a rialaigh rialtóirí aonair faoi cheannasaíocht Corónach na Breataine.
1940idí agus gorta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí gorta sa Bheangáil sna 1940idí déanacha. Fuair na milliúin bás in oirthear na hIndia is an Bheangáil Thoir (an Bhanglaidéis anois) leis an seargadh ríse. Tá an galar sin annamh anois mar gur tugadh isteach saghsanna frithsheasmhacha.
1947 agus críochdheighilt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an réigiúin sa bhliain 1947, nuair a tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach agus nuair a bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais.
1952 agus géarleanúint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roghnaíodh an 21 Feabhra an Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh, in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.[6]
1970 agus Cioclón Bhola
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 12 Samhain 1970, bhuail Cioclón Bhola an tír, cioclón fíordhíobhálach. Maraíodh 300,000 ar a laghad, 500,000 b'fhéidir. Idir 1971 agus 2020, maraíodh 779,324 eile de bharr na drochaimsire.[7] Bhí polasaí "laissez-faire"[8] ag an Phacastáin Thiar ag an am, agus chuir sé seo le báiní iad a bhí ina gcónaí sa Bhanglaidéis. Ní raibh fóirithint ar bith le fáil, ná cúnamh forbartha idirnáisiúnta ag an am.[9] Tharla réabhlóid an bhliain dár gcionn.[10]
1971: cinedhíothú agus neamhspleáchas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 26 Márta 1971, thosaigh an oibríocht mhíleata "solas cuardaigh". D'ionsaigh an Phacastáin Thiar na náisiúnaithe sa Bhanglaidéis. Tharla cinedhíothú.[11] Dúnmharaíodh go barbartha 300-500,000 (3 milliún a deir an rialtas inniu).[12]
Bhain an Phacastáin Thoir neamhspleáchas amach ó Phacastáin Thiar i mí Nollag 1971. Tugadh "an Bhanglaidéis" ar an tír nua ag an am sin.
1990idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail Cioclón Gorky an tír sa bhliain 1991. Maraíodh 138,866, ar a laghad.
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Bhanglaidéis a tháirgtear cuid mhaith de na hearraí faisin a choinníonn siopaí in iarthar an domhain ar oscailt. Agus cuireadh 2 mhilliún duine as obair láithreach sa Bhanglaidéis sa bhliain 2020 nuair a dhún 1,000 monarcha faisin i bhfíorthús na géarchéime COVID-19.[13] Bhí na gcéadta milliún euro d’orduithe curtha ar ceal, ag brandaí, dearthóirí agus siopaí móra an domhain, a d’fhág oibrithe bochta na Banglaidéise i gcruachás ceart.[14] Agus is oibrithe bochta iad lucht oibre na monarchana faisin ansin fiú agus iad ag obair – ní shaothraíonn siad ach thart ar 500 Takas (€5) in aghaidh an lae.
Tá 10 milliún Banglaidéiseach ar imirce ar fud an domhain agus bítear ag brath go mór ar an airgead a chuireann siadsan abhaile. Ach thit na síntiúis sin go mór nuair a fágadh na himircigh iad féin as obair le linn na paindéime Covid-19.
Éire agus An Bhanglaidéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá Concern ag obair sa Bhanglaidéis ó 1972.[3]
- Tá Cúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na Róihinsí a theith ó stát Rakhine i Maenmar. Cuireann Cór Mearfhreagartha na hÉireann saineolaithe ar fáil i gcás ina bhfuil bearna scileanna ghearrthéarmach sna Náisiúin Aontaithe chun freagairt na heagraíochta sin ar ghéarchéim dhaonnúil a neartú.[15]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bangladesh" The World Factbook — Central Intelligence Agency. Curtha i gcartlann 2021-01-01 ar an Wayback Machine
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-13). "Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 COGG / FIONNAGH NALLY ./ CONCERN. "Duine mar mé - SCEALTA O GACH CEARN DEN DOMHAN AG TEACHT CHUGAT O CONCERN WORLDWIDE". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "Demographics of Bangladesh" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ "Rohingya Refugee Crisis Explained" (en). www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ Tuairisc.ie, 17 Feabhra 2015
- ↑ "World’s deadliest tropical cyclone was 50 years ago" (en). public.wmo.int (2020-11-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-26. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ "Laissez-faire" (as en) (2023-10-25). Wikipedia.
- ↑ Julian Francis (2019). "Remembering the great Bhola cyclone". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "Cyclone Bhola: The Disaster That Re-Made South Asia" (en-US). Jamhoor. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ "Bangladesh genocide" (as en) (2023-11-12). Wikipedia.
- ↑ BBC (Dummett, Mark, 16 December 2011. "Bangladesh war: The article that changed history")
- ↑ Sara Ní Chuirreáin (17 Bealtaine 2020). "Athruithe móra á dtuar i ndomhan an fhaisin de thoradh Covid-19" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ Sara Ní Chuirreáin (28 Meitheamh 2020). "Beartáin éadaí faiseanta ar leathphraghas le tacú le hoibrithe sa Bhanglaidéis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ "Mar - John Durcan ag obair leis an gClár Domhanda Bia sa Bhanglaidéis - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-11-12.