Stephen Roche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stephen Roche
Stephen ROCHE.jpg
Saol
Eolas breitheDún Droma, 28 Samhain 1959 (63 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Muintir
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Gairm
Gairmrothaí spóirt
Bealach
GrúpaíBlianta
Peugeot 1981-1983
La Redoute-Cycles MBK 1984-1985
Carrera (en) Aistrigh 1986-1987
Fagor-MBK 1988-1989
Histor-Sigma 1990-1990
Tonton Tapis-GB 1991-1991
Carrera (en) Aistrigh 1992-1993
 

Ba Stephen Roche an t-aon Éireannach riamh a bhuaigh an rás rothaíochta, an Tour de France ar an 26 Iúil 1987.[1] Rugadh Stephen Roche, ar an 28 Samhain 1959 i nDún Droma, i mBaile Átha Cliath.

Tour de France[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh an tséasúir rothaíochta i 1986 agus an Tour buaite cúig huaire aige, thug Bernard Hinault le fios go raibh sé lena rothar a fhágáil le claí agus le dul ag feilméaracht sa mBriotáin,[2] áit ar tógadh é. I dtús na bliana dár gcionn goineadh an seaimpín reatha, Greg Lemond, de thimpiste agus é ag foghlaeireacht agus nuair a bhuaigh Stephen Roche an Giro, tosaíodh ag tuairimíocht go raibh an seans ann go dtabharfadh sé an Tour leis freisin – rud nach raibh déanta ach ag Hinault, Eddy Merckx, Faustino Coppi agus ag Jacques Anquetil.

Bhí coimhlint ghéar idir Roche agus Pedro Delgado le linn Tour na bliana 1987. Ceathracha soicind farasbarr a bhí ag Roche ar a chéile comhraic nuair a cuireadh críoch leis an rás ar na Champs Élysées tar éis trí seachtaine rásaíochta.

Stephen Roche, "Bonjour le Tour" in Düsseldorf, 2017.

Léim Stephen Roche ar a rothar i Creteil ar an Domhnach ar an 26 Iúil 1987 agus a fhios aige go mbeadh sé ar an gcéad Éireannach a bhuaigh an Tour de France nuair a shroichfeadh sé Páras a bhí 119k uaidh. Léim Charlie Haughey ar bord eitleáin i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ansin roimhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2019-07-26.
  2. "‘In ainm an Athar, an Mhic agus an Spiorad Naomh. Fair play do Stephen Roche…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-07-26.