Robert Clive

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Clive
Robert Clive, 1st Baron Clive by Nathaniel Dance, (later Sir Nathaniel Dance-Holland, Bt).jpg
ball de 11ú Parlaimint na Breataine Móire


ball de 13ú Parlaimint na Breataine Móire


ball de 12ú Parlaimint na Breataine Móire


ball de 14ú Parlaimint na Breataine Móire

Saol
Eolas breitheShropshire agus Ríocht na Breataine Móire, 25 Meán Fómhair 1725, 29 Meán Fómhair 1725
NáisiúntachtRíocht na Breataine Móire
BásLondain, 22 Samhain 1774
Áit adhlacthaShropshire
Cúis bháisféinmharú (easfhuiliú)
Muintir
AthairRichard Clive
MáthairRebecca Gaskell
Céile/CéilíMargaret Clive (en) Aistrigh  (Márta 15, 1753 -
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materMerchant Taylors' School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata agus saighdiúir
Áit oibreBeangál
Duaiseanna
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Seirbhís mhíleata
Brainse míleatacos-slua
Céimmaorghinearál
Throid sé/sí agCarnatic Wars (en) Aistrigh
Battle of Chandannagar (en) Aistrigh
Battle of Plassey (en) Aistrigh

Saighdiúir agus polaiteoir Sasanach ab ea an Maorghinearál agus Tiarna Robert Clive nó "Clive of India" (29 Meán Fómhair 1725 - 22 Samhain 1774). D'athraigh Clive cúrsa na staire nuair a chuir sé India faoi chois sna 1750-1760idí. D'éirigh Clive thar a bheith saibhir dá bharr.

Tharraing Clive conspóid lena bheo agus lena mharbhː laoch náisiúnta sa Bhreatain inniu do dhaoine áirithe, agus impiriúlaí agus tíoránach cruálach do dhaoine eile, agus é freagrach as "éigniú India"

pictiúir a rinneadh sa 19ú haois

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Robert Clive ag casadh le Mir Jafar, Cath Plassey, le Francis Hayward, 1760

Rugadh Clive ar 29 Meán Fómhair 1725 in aice le Market Drayton, Shropshire. Bhí deacrachtaí ag Clive ar scoil. Athraíodh ó scoil go scoil é.

India[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh é go Madras mar cúntóir don Chomhlacht na hIndiacha Thoir nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois, sa bhliain 1744. Bhí caidreamh corrach aige lena chomhghleacaithe agus rinne sé iarracht lámh a chur ina bhás féin.

Shah Alam (impire Mughal) agus Clive (pictiúr a rinneadh sa bhliain 1781)

Chuaigh sé sna saighdiúirí leis an gComhlacht sa bhliain 1746, ag troid in aghaidh na bhFrancach agus na "ndúchasach".

Sa bhliain 1751, agus in aois 25 dó, chum Clive seift chun cathair Arcot a ghabháil ó Chanda Sahib, ceannaire áitiúil. Bhí cáil ar Clive ar fud na hEorpa tar éis an chatha seo.

1765:  Shah Alam (impire Mughal) ag géilleadh do Clive

Rinneadh gobharnóir de Clive ar Fort St David, ionad tábhachtach míleata de chuid na Breataine san India. Throid sé cathanna eile a mhéadaigh cumhacht na Breataine sa tír.

D'fhill Clive don chéad uair ar an mBreatain i 1753. Chaith sé seal sa Pharlaimint 1754-1755.

Plassey[cuir in eagar | athraigh foinse]

Troideadh cath Plassey sa bhliain 1757, agus in aois 31 do Clive, tháinig an tír faoi smacht an Chomhlachta, go hiomlán beagnach (tháinig fo-ilchríoch na hIndia faoina smacht nuair a troideadh Cath Buxar in 1764)

Chuaigh Clive ar ais don dara uair go Sasana i 1760, é saibhir agus ardchlú air. D'éirigh leis stíl shoiléir bhríomhar Béarla a fhorbairt agus bhí ardmheas ar a chumas óráidíochta nuair a bhí sé sa pharlaimint. Ardaíodh go Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1762. Cheannaigh Clive an-chuid talún ag an am seo.

1764: An Tiarna Clive (Shah Alam II, impire Mughal sa chúlra), pictiúr le Charles Clive

Gobharnóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Clive ar ais chun na hIndia i 1764 mar Ghobharnóir ar Bheangál agus rinne leasú ar an státseirbhís a bhí curtha ar bun ansin.

Theip ar a shláinte ar fad agus chuaigh sé ar ais go Sasana in 1767, don tríú uair. Cuireadh fiosrúchán ar bun faoi chaimiléireacht i Westminister agus cuireadh ina leith gur bhain Clive mí-úsáid as an muinín a chuir daoine ann mar Ghobharnóir, srl.

Bhris gorta amach sa Bheangál idir 1769 - 1773 agus polasaithe an Chomlachta freagrach as.

Laoch sa Bhreatainː dealbh i Londain inniu

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sláinte Clive go dona (bhí clocha domlais ag gabháil dó). Bhí an-dúil ag Clive san óipiam. Fuair sé bás ar an 22 Samhain 1774. Níl a fhios céard ba chúis leis; ghlac sé ródháileog agus taom croí, b'fhéidir. Ní raibh ach 48 mbliana slánaithe aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]