Óipiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Síol an chodlaidín

Is éard is óipiam ann (Laidin: Lachryma papaveris) ná úsc triomaithe as síolchochaill ghlasa an chodlaidín. Bíonn alcalóidigh thámhshuanacha éagsúla san úsc, ina measc moirfín.

In úsáid chomh fada siar leis na Bablónaigh, na hÉigiptigh, na Gréagaigh is na Rómhánaigh chun pianta a mhaolú, agus scíth is codladh a chur ar dhaoine. Frithbhuinneach freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Óipiam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 494.