Moirfín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dáileog moirfín.

Is éard is moirfín ann ná druga a dhíorthaítear ó chodlaidín, a úsáidtear chun pian ghéar a mhaolú. De bhrí gur druga andúile é, bíonn sé faoi rialú.

Is féidir le ródháileog a bheith marfach de bhrí go gcuireann sí cosc ar an riospráid. Úsáidtear freisin é in ullmhúcháin frithbhuinní.