John Hayes
Jump to navigation
Jump to search
Is imreoir rugbaí é John James "The Bull" Hayes. Rugadh Hayes ar an 2 Mí na Samhna 1973 sa Cheapach Mhór i gContae Luimnigh. Imríonn sé le Cúige Mumhan agus[1] le foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann. B'iománaí é Hayes le club CLG An Cheapach Mhór agus é óg. Níor imir sé rugbaí ar chor ar bith go dtí go raibh sé ocht mbliana déag d'aois, nuair a d'imir sé leis an mBrú in aghaidh an Chaisleáin Nua Thiar. Chaith sé tamall ag imirt rugbaí sa Nua-Shéalainn agus nuair a d'fhill sé ar Luimneach thosaigh sé ag imirt le foireann na Mumhan. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta sa bhliain 2000, in aghaidh na hAlban. Bhuaigh sé Corn na hEorpa le foireann na Mumhan sna blianta 2006 agus 2008.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |