Wolfgang Borchert
Wolfgang Borchert | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Hamburg, 20 Bealtaine 1921 |
Náisiúntacht | An Ghearmáin |
Teanga dhúchais | An Ghearmáinis |
Bás | Basel, 20 Samhain 1947 |
Áit adhlactha |
Ohlsdorf Cemetery (en) ![]() |
Cúis bháis | bás nádúrtha (heipitíteas) |
Muintir | |
Máthair | Hertha Borchert |
Oideachas | |
Alma mater |
Gymnasium Eppendorf (en) ![]() (1932 - |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm | |
Gairm | drámadóir, gearrscéalaí, file, scríbhneoir agus trodaí frithbheartaíochta |
Saothar iomráiteach |
The Man Outside (en) ![]() The Bread (en) ![]() Q482623 ![]() Q1962855 ![]() |
Gluaiseacht | Trümmerliteratur |
Gluaiseacht ealaíne | cóiriú drámaí |
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag | An Dara Cogadh Domhanda |
IMDb | nm0096042 |
borchertgesellschaft.de | |
Discogs ID | 702365 |
![]() |
Áirítear Wolfgang Borchert (20 Bealtaine 1921, Hamburg - 20 Samhain 1947, Basel, an Eilvéis) ar dhuine de na scríbhneoirí móra i dtréimhse an chineál litríochta iarchogaidh, ar a dtugtar Trümmerliteratur, nó litríocht na bhfothrach, i stair litríochta na Gearmáine.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí a athair, Fritz Borchert, ina mhúinteoir bunscoile, agus bhain a mháthair, Hertha Borchert, amach cáil áirithe áitiúil ag cumadh filíochta i gcanúint an tuaiscirt. Thosaigh an mac ag scríobh dánta nuair a bhí sé cúig bliana déag, agus cuid acu á bhfoilsiú ar an nuachtán áitiúil, Hamburger Anzeiger.
Go gairid roimh an gcogadh, rinneadh printiseach siopadóra leabhar de, ach níor fhan sé ansin, nó bhí a chroí sáite san amharclannaíocht. Chaith sé trí mhí ina aisteoir i Hannover, ach ansin, tháinig an ghairm shlógtha, agus b'éigean dó troid ar an gcathéadan thoir, sa Rúis.
I Mí Eanáir 1942, goineadh é, agus nuair a bhí sé ag éileamh leis an gcneá, buaileadh breoite le diftéire é. Caitheadh an drochamhras air go raibh sé tar éis é féin a ghoin le teacht slán ón gcathéadan, agus chuaigh an scéal chun na cúirte. Bhí an t-ionchúisitheoir ag éileamh go gcuirfí chun báis é, ach d'éigiontaigh an coiste cúirte é.
Níor scaoileadh saor é go fóill, áfach, nó bhí sé tar éis Hitler a cháineadh ina chuid comhfhreagrais phríobháidigh. Chaith sé sé seachtaine i mbraighdeanas dá thoradh sin, agus ansin, cuireadh ar ais go dtí an cathéadan thoir é. Bhí sé ag dul ó ospidéal go hospidéal, agus na Naitsithe ag cur an dlí air uair i ndiaidh a chéile, go dtí gur fhill sé abhaile i Mí na Bealtaine den bhliain 1945. Faoin am seo, bhí sé an-tinn, agus ní raibh sé le biseach a fháil choíche.
I ndiaidh an chogaidh, rinne sé iarrachtaí áirithe a chuid a shaothrú ag amharclannaíocht, ach níor cheadaigh a dhrochshláinte dó leanúint leis an obair seo. Nuair a dúirt na dochtúirí nach raibh ach bliain nó dhó fágtha aige, chrom sé ar an scríbhneoireacht, agus chum sé thart ar fiche gearrscéal i dtréimhse ghairid. Bhí sé ábalta a phríomhshaothar, an dráma Draussen vor der Tür ("Amuigh ar an tairseach") a chríochnú sular shíothlaigh sé i dteach téarnaimh i mBasel, an Eilvéis.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Borchert go mór mór faoi thionchar an eispriseanachais, ach d'fhág leithéidí Kurt Tucholsky agus Erich Kästner a lorg air chomh maith. Fuair sé bás go ró-óg le páirt cheart a ghlacadh i saol liteartha na tíre. Bhí sé ag éileamh go dtabharfaí droim láimhe lena raibh ann roimh an gcogadh, ó bhí an litríocht féin náirithe ag an Naitsíochas.
Chuaigh an dearcadh seo go mór mór i bhfeidhm ar lucht a chomhaimsire, go háirithe scríbhneoirí Gruppe 47. "Ní hí an dea-ghramadach atá uainn", a dúirt sé, "ach scríbhneoirí a thugann crann ar chrann agus bean ar bhean. Ní mór gach sórt a scríobh go simplí soiléir, gan dul i dtuilleamaí an mhodha choinníollaigh."
Dánː 'Versuch es'[1][2][cuir in eagar | athraigh foinse]
Stell dich mitten in den Regen, glaub an seinen Tropfensegen spinn dich in das Rauschen ein - und versuche gut zu sein!
Stell dich mitten in den Wind, glaub an ihn und sei ein Kind – laß den Strum in dich hinein - und versuche gut zu sein.
Stell dich mitten in das Feuer, liebe dieses Ungeheuer in des Herzens rotem Wein - und versuche gut zu sein!
Leagan Gaeilgeː 'Dein Iarracht'[cuir in eagar | athraigh foinse]
Seas faoi thulca na fearthainn Aithin na beannachtaí sna braonaíocha Tarraing an monabar thart ort mar bhrat Is dein iarracht a bheith go maith!
Seas i mbéal na gaoithe Creid inti agus bí id leanbh Scaoil an scríob isteach ionat Is dein iarracht a bheith go maith!
Seas i gcorplár na tine Gráigh an tarrachtach Le fíon dearg do chroí-se Is dein iarracht a bheith go maith!
Leagan Gaeilge le Aogán Ó Muircheartaigh bunaithe ar leagan le Dominique Lieb/Púca Press
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Versuch es - Deutsche Lyrik". www.deutschelyrik.de. Dáta rochtana: 2021-11-20.
- ↑ "Versuch es (Wolfgang Borchert) – Meinstein" (de-DE). Dáta rochtana: 2021-11-20.