Henry Moseley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Henry Moseley
Henry Moseley (1887-1915).jpg
Saol
Eolas breitheWeymouth, 23 Samhain 1887
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásGallipoli (en) Aistrigh, 10 Lúnasa 1915
Cúis bháis (tráma balaistíoch)
Muintir
AthairHenry Nottidge Moseley
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Oideachas
Alma materColáiste Eton
Summer Fields School (en) Aistrigh
Coláiste na Tríonóide, Oxford
Ollscoil Oxford
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmfisiceoir, innealtóir agus ceimiceoir
FostóiríOllscoil Mhanchain
Ollscoil Oxford
Duaiseanna
Matteucci Medal  (1919)
Ainmníodh é/í le haghaidh
Duais Nobel san Fhisic
(1915)
[[Nobel Prize in Chemistry (en) ]]
(1915)
Daoine le tionchar air/uirthiErnest Rutherford
BallraíochtManchester Literary and Philosophical Society (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda
Balliol-Trinity College Laboratories, 1910

Fisiceoir Sasanach ab ea Henry Gwyn Jeffreys Moseley (23 Samhain 1887 - 10 Lúnasa 1915). Tá clú bainte amach aige mar a gheall ar a chuid oibre ar na huimhreacha adamhacha..

feadán x-ghathach a rinne Moseley
na huimhreacha adamhacha agus Dlí Moseley[1]

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirigh Mosley sa bhliain 1913 an coibhneas docht idir díraonadh x-ghathach speictream na ndúl agus a n-áit cheart sa Tábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le lucht leictreach an núicléis, is é sin, lucht na bprótón. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.

Portrait of Henry G.J. Moseley, 1887-1915, in lab holding a glass globe, from Nature magazine (cropped).jpg

Roimh fhionnachtain Moseley, measadh go raibh uimhreacha adamhacha (nó uimhir eiliminteach) de dhúil mar uimhir sheicheamhach leath-treallach, bunaithe ar sheicheamh na maiseanna adamhacha, ach mionathraíodh go pointe áirithe iad nuair a mheas ceimiceoirí go raibh an mionathrú seo inmhianaithe, mar a rinne Dmítrí Meindeiléiv.

Ina fhionnachtain, Tábla Peiriadach na nDúl, mhalartaigh Meindeiléiv oird cúpla péire dúile; bhí sé in ann iad a chur in áiteanna níos oiriúnaí sa tábla. Mar shampla, sannadh na huimhreacha adamhacha 27 agus 28 do na miotail cóbalt agus nicil, faoi seach, bunaithe ar a n-airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, cé go raibh na maiseanna adamhacha beagnach mar an gcéanna acu.

Déanta na fírinne, tá mais adamhach cóbailt beagán níos mó ná mais nicile, rud a chuirfeadh ord droim ar ais dá gcuirfí sa Tábla Peiriadach go liopasta iad de réir na maise adamhaí.

Léirigh turgnaimh Moseley i speictreascópacht X-gha go díreach óna bhfisic go bhfuil na huimhreacha adamhacha difriúla ag cóbalt agus nicil, 27 agus 28, agus go gcuirtear iad sa Tábla Peiriadach i gceart le tomhais oibiachtúla.

Dá réir sin, léirigh fionnachtain Moseley nach uimhreacha treallacha iad uimhreacha adamhacha na ndúl bunaithe ar cheimic agus intuigtheacht ceimiceoirí, ach ina ionad sin, tá bunús daingean turgnamhach acu ó fhisic a speictrim X-gha.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Moseley bás i nGallipoli sa bhliain 1915.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Moseley's law" (as en) (2021-04-28). Wikipedia. 
  2. Colaiste Oiriall. "Stair an adamh". Dáta rochtana: 2021.