Cóbalt
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Cóbalt sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Co |
Uimhir adamhach | 27 |
Mais adamhach | 58.933194 |
Cumraíocht leictreon | [Ar] 3d⁷ 4s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 4 grúpa 9 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 8.92 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 2,719, 1,768 agus 1,495 |
Fiuchphointe | 5,612, 3,200 agus 2,927 |
Leictridhiúltacht | 1.88 |
Ga ianach | 0.56, 0.65, 0.9 agus 0.55 |
Stair | |
Aimsitheoir | Georg Brandt |
Fionnachtain | 1735 |
Eapainm | kobold |
Is dúil cheimiceach é an cóbalt, agus is miotal é a bhfuil dlúthghaol aige leis an iarann. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 58.933195(5) g·mol−1. Is é an uimhir adamhach atá ag an gcóbalt ná 27, agus is é Co an tsiombail a sheasann dó. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an gcóbalt, is é sin, 59Co. Is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga, agus is é 60Co an ceann is cobhsaí acu, nó is í an leathré atá aige ná 5.2714 bliain. Tagann béite-mheath radaighníomhach ar 60Co, agus é ag claochlú go 60Ni, ar ceann d'iseatóip chobhsaí na nicile é.
Miotal airgeadgheal nó liath é an cóbalt, agus fearómaighnéadas ann. Ní féidir teacht ar an gcóbalt sa dúlra i bhfoirm na dúile aonraithe, ach bíonn comhdhúile an chóbailt réasúnta coitianta. Is minic a fhaightear in éineacht nó in aice leis an nicil é. Tá cóbalt riachtanach san orgánach daonna féin, nó is cuid de vitimín B-12 é.
Is iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +1 ann chomh maith. Tá an iliomad comhdhúile ag an gcóbalt, agus úsáid á baint astu le freastal ar a lán riachtanaisí éagsúla. Mar shampla, is éard atá sa ghorm chóbaltach (cineál dath gorm) ná comhocsaíd an chóbailt (uimhir ocsaídiúcháin +2) agus an alúmanaim, CoAl2O4.
Úsáidtear an cóbalt i gcóimhiotail. Thairis sin, úsáidtear iseatóip radaighníomhacha an chóbailt mar rianairí sa mhíochaine - is é sin, cuirtear blúire beag den chóbalt radaighníomhach ag cúrsaíocht i gcolainn agus i meitibileacht an othair le súil is go gcuideodh sé leis an dochtúir galair áirithe, ar nós siadaí urchóideacha, a aithint. Tá an t-iseatóp úd 60Co in ann gámaradaíocht láidir a astú, agus úsáidtear é le cealla ailse a mharú freisin.
Le bheith beacht, ní hé an cóbalt a astaíonn na gáma-ghathanna, ach an t-iseatóp nicile is toradh do bhéite-mheath an chóbailt. Fágann an béite-mheath an nicil flosctha - is é sin, luchtaithe le fuinneamh; agus caithfidh an t-adamh nicile an fuinneamh seo a astú uaidh le staid chobhsaí a bhaint amach.
Uaireanta, déantar tagairt do "bhuama cóbailt", mar shaghas buama adamhach atá níos urchóidí ná an gnáthchineál. Níor tógadh aon cheann den bhuama seo riamh, cé go raibh sé i mbéal an phobail tráth. Is éard a bheadh ina leithéid ná gnáthbhuama adamhach a mbeadh cóbalt ina thimpeall. Nuair a phléascfadh an buama, d'iompódh an gnáthchóbalt ina raidiseatóp - is é 60Co an t-iseatóp a bheadh i gceist - agus chuirfeadh sé go mór mór leis an truailliú radaighníomhach i ndiaidh na pléisce.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |