Björk
Amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir ceoil agus aisteoir Íoslannach is ea Björk Guðmundsdóttir, a saolaíodh ar an 21 Samhain 1965. Tá clú uirthi as a guth sainiúil, as a raon gutha trí ochtach agus as an bpearsantacht mar éan corr a bhíonn aici go poiblí. D'fhorbair sí stíl eicléictiúil cheoil le linn a gairme a chlúdaíonn daichead bliain, agus a cuid inspioráide á fáil aici ón gceol leictreonach, pop, trip hap, clasaiceach agus avant-garde.
Is i Réicivíc a rugadh agus tógadh Björk, a chuaigh i mbun gairme mar cheoltóir nuair a bhí sí 11 bhliain d'aois. Bhí aitheantas idirnáisiúnta gnóthaithe aici cheana deich mbliana ina dhiaidh sin agus í ina príomhamhránaí sa bhanna rac-cheoil ailtéarnaigh, The Sugarcubes. Tar éis gur briseadh an banna ceoil suas in 1992, bhain Björk clú agus cáil amach mar cheoltóir aonair lena halbaim Debut (1993), Post (1995) agus Homogenic (1997), agus í ag comhoibriú le healaíontóirí ó réimse disciplíní agus seánraí fad a bhí baint aici le héagsúlacht tionscadail ilmheán. Tar éis na nóchaidí, chum sí na halbaim Vespertine (2001), Medúlla (2004), Volta (2007), Biophilia (2011), Vulnicura (2015), Utopia (2017) agus Fossora (2022).
D'éirigh le roinnt albam Björk dul chomh fada leis an 20 albam ar bharr chairteacha 200 Billboard sna SAM. Bhí 31 cheann dá singlí ar na 40 singil ar bharr na gcairteacha popcheoil ar fud an domhain agus 22 cheann ina measc a bhí ar na 40 cnagshingil sa RA, lena n-áiríodh "It's Oh So Quiet", "Army of Me" agus "Hyperballad", a bhí ar na 10 singil ab fhearr, agus "Play Dead", "Big Time Sensuality" agus "Violently Happy", a bhí ar na 20 ceann ab fhearr. I measc a cuid ardmholtaí agus duaiseanna, tá gradam de chuid Order of the Falcon, cúig cinn de chuid BRIT Awards agus 16 ainmniúchán Grammy. In 2015 ainmníodh in iris Time í mar dhuine de na 100 duine a raibh an tionchar ba mhó ar domhan. Luaigh Rolling Stone in 2023 gurb í an 64ú hamhránaí ab fhearr agus an 81ú cumadóir amhrán ab fhearr riamh.
Rinne Björk an phríomhpháirt in Dancer in the Dark, scannán a stiúir Lars von Trier in 2000. Fuair sí duais "An Ban-aisteoir is Fearr" ag Féile Scannán Cannes dá bharr, mar aon le hainmniúchán dhuais "An tAmhrán Bunaidh is Fearr" ag Gradaim an Acadaimh lena hamhrán "I've Seen It All". Ina theannta sin, bíonn Björk ag labhairt ar son cúiseanna timpeallachta san Íoslainn. Tiomnaíodh taispeántas iardhearcach do Björk ag Iarsmalann na Nua-Ealaíne (MoMA) i Nua-Eabhrac in 2015.
Saol agus gairm bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]1965–1984: Tús a saoil agus a gairme
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Björk Guðmundsdóttir ar an 21 Samhain 1965 i Réicivíc. Gníomhaí ab ea a máthair Hildur Rúna Hauksdóttir (7 Deireadh Fómhair 1946 – 25 Deireadh Fómhair 2018), a rinne agóid in aghaidh fhorbairt Stáisiún Hidrileictreach Fljótsdalur (Íoslainnis: Fljótsdalsstöð) in Kárahnjúkar. Fuair Hildur Rúna colscaradh ó athair Björk, an leictreoir is ceann ceardchumainn Guðmundur Gunnarsson, tar éis bhreith Björk agus thóg sí an leanbh aisti féin agus an bheirt acu bogtha isteach i gcomún. Is é Sævar Árnason, iarghiotáraí ón mbanna Pops, leasathair Björk é.
Agus í sé bliana d'aois, chláraigh Björk in Barnamúsíkskóli i Réicivíc, an scoil ina ndearna sí staidéar ar an bpianó agus an fhliúit chlasaiceach. Bhí athair Laufey, ar amhránaí Íoslannach eile í, ag freastal ar an scoil chéanna léi ag an am sin freisin. Nuair a chan Björk "I Love to Love", amhrán mór le Tina Charles den bhliain 1976, le linn ceadal ceoil sa scoil, sheol a múinteoirí taifeadadh ar a léiriú den amhrán chuig RÚV, arbh é an t-aon stáisiún raidió sa tír ag an am. Thairg ionadaí ó lipéad ceoil Fálkinn conradh taifeadta do Björk tar éis don stáisiún sin a taifeadadh a chraoladh go náisiúnta. Bhí sí aon bhliain déag d'aois nuair a taifeadadh a céad cheirnín, Björk, a mheastar a bheith i measc a saothar ógánaigh agus a eisíodh san Íoslainn i mí na Nollag 1977.
Nuair a bhí Björk sna déaga, agus an ceol punc-rac scaipthe chun na hÍoslainne faoin am sin, thug sí an banna cailíní Spit and Snot le chéile. In 1980, chruthaigh sí an grúpa snagcheoil cumaisc Exodus, chomhoibrigh sí leis an ngrúpa JAM80 agus chríochnaigh sí ar an scoil cheoil. In 1981, chruthaigh sise agus an t-olldordóir Jakob Magnússon grúpa eile darbh ainm Tappi Tíkarrass ("Cuir Corc i dTóin na Striapaí" san Íoslainnis) agus chuir siad an ceirnín leathfhada Bitið fast í vitið ("Bain Greim Ghéar as an Intinn" san Íoslainnis) amach i mí Lúnasa 1982. Eisíodh a n-albam Miranda i mí na Nollag 1983. Léiríodh an grúpa sa chlár faisnéise Rokk í Reykjavík, agus Björk le feiceáil ar chlúdach an leagain VHS de. Is le linn na tréimhse sin a chuir Björk aithne ar an ngiotáraí Þór Eldon agus an grúpa osréalaíoch Medusa, ina raibh an file Sjón, duine ar chuir sí tús le comhoibriú saoil agus ar chruthaigh sí an grúpa Rokka Rokka Drum leis. Rinne Björk cur síos ar an seal a chaith sí in Medusa mar "ollscoil aoibhinn ar nós 'déan féin é': an bhisiúlacht den chéad scoth!" Bhí Björk mar ghné-ealaíontóir dóibh ar "Afi", a bhí mar thraic ar cheirnín le Björgvin Gíslason den bhliain 1983.
De bharr go rabhthas ar tí an seó raidió Áfangar a bhaint den aer, bhí an bheirt phearsa raidió Ásmundur Jónsson agus Guðni Rúnar ag iarraidh go mbeadh léirithe beo ann ar an gclár deireanach de. Sheinn Björk i ngrúpa le Einar Melax (ó Fan Houtens Kókó), Einar Örn Benediktsson (ó Purrkur Pillnikk), Guðlaugur Kristinn Óttarsson agus Sigtryggur Baldursson (ó Þeyr) agus Birgir Mogensen (ó Spilafífl) sa cheolchoirm sin, ar lena linn a d'fhorbair siad stíl raic Ghotaigh. Is tríd an taithí sin a d'fhorbairt Björk a cuid guthaíochta, agus í á breacadh le huallfairt agus scréachach aici. Gott kvöld ab ainm don ghrúpa le linn na ceolchoirme, ach thug siad an t-ainm Kukl ("Asarlaíocht" san Íoslainnis) orthu féin nuair a chinn siad leanúint dá gcuid seanma le chéile ní ba mhoille. Tugadh cead don ghrúpa taifeadadh i stiúideo trí lucht aitheantais Björk agus chuir siad a gcéad singil amach in 1983. Rinne an grúpa a gcéad mhórléiriú ag féile san Íoslainn a raibh an banna punc ainrialachais Crass mar phríomhoirfidigh aici agus thairg Crass Records, lipéad an bhanna chéanna, conradh ceirnín don ghrúpa. Tar éis don ghrúpa an ceirnín The Eye a eisíodh in 1984, chuaigh siad ar chamchuairt dhá mhí ar fud na hEorpa, a raibh léiriú ag féile Roskilde sa Danmhairg mar chuid de agus iad mar an chéad ghrúpa Íoslannach a bhí ann riamh. D'fhoilsigh Björk cnuasach lámhdhaite dánta dar teideal Um Úrnat frá Björk le linn na tréimhse sin agus dáileadh an leabhar in 1984.
1985–1992: The Sugarcubes
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is in 1986 a d'eisigh Kukl a ndara halbam, Holidays in Europe (The Naughty Nought). Nuair a bhris an banna suas de bharr aighneas pearsanta, d'fhan Björk i gcomhar le Guðlaugur, a dtugtaí The Elgar Sisters ar an tionscadal eatarthu. Roinnt de na hamhráin a thaifead siad, rinne Björk singlí aonair taoibh B díobh sa deireadh.
Bhí a céad ról aisteoireachta ag Björk in The Juniper Tree (arna scannánú in 1986 agus arna eisiúint in 1990), scéal asarlaíochta atá bunaithe ar fhinscéal na nDeartháireacha Grimm agus arna stiúradh ag Nietzchka Keene. Rinne Björk páirt an chailín Margit, ar maraíodh a máthair as asarlaíocht a chleachtadh. An samhradh sin, chruthaigh Þór Eldon an comharghrúpa ealaíne Smekkleysa ("Neamhbhlas" san Íoslainnis) in éineacht le Einar Örn, a bhíodh in Kukl, agus é de rún acu lipéad ceoil agus comhlacht foilsitheoireachta araon a dhéanamh de. Rinneadh baill de chairde leo, mar a bhí, Melax agus Sigtryggur ó Kukl mar aon le Bragi Ólafsson agus Friðrik Erlingson ó Purrkur Pillnikk, a rinne comhcheangal le chéile mar bhanna a raibh brabús mar an t-aon chuspóir acu. Þukl ab ainm dóibh ar dtús, cé gur tugadh a mbunainm orthu fós ina gcuid fógraíochta. Sykurmolarnir ("Cnapanna Siúcra" san Íoslainnis) an t-ainm a thug siad orthu féin ní ba mhoille, agus iad i mbun ceolchoirme mar bhanna tacaíochta don ghrúpa Íoslannach Stuðmenn. Ba ar an 21 Samhain 1986, an 21ú breithlá ag Björk, a eisíodh a gcéad singil dúbailte taoibh A, "Einn mol'á mann", a raibh na hamhráin "Ammæli" ("Breithlá") agus "Köttur" ("Cat") air.
Agus The Sugarcubes mar ainm orthu, shínigh an grúpa conradh le One Little Independent Records (ar a dtugtaí One Little Indian tráth) ag deireadh na bliana sin. Eisíodh a gcéad singil Béarla, "Birthday", sa Ríocht Aontaithe ar an 17 Lúnasa 1987; seachtain ina dhiaidh sin, dhearbhaigh Melody Maker mar shingil na seachtaine é. Shínigh The Sugarcubes conradh dáilte le Elektra Records sna Stáit Aontaithe freisin agus thaifead a gcéad albam, Life's Too Good, a tháinig amach in 1888. Tamall i ndiaidh eisiúint an albaim agus bhreith a bpáiste, fuair Björk agus Eldon colscaradh cé go raibh siad fós sa ghrúpa céanna. Díoladh breis agus milliún cóip den albam ar fud na cruinne ansin. Chomhoibrigh Björk mar amhránaí cúlra ar thrí albam—Loftmynd (1987), Höfuðlausnir (1988) agus Hættuleg hljómsveit & glæpakvendið Stella (1990)—leis an gceoltóir Megas ag an am sin chomh maith.
Sa ráithe dheiridh den bhliain 1988, chuaigh The Sugarcubes ar camchuairt i Meiriceá Thuaidh agus bhí glacadh dearfach leo. Ar an 15 Deireadh Fómhair, bhí an banna ag seinm ar Saturday Night Live. Rinne Björk léiriú aonair den amhrán Nollag "Jólakötturinn" ("The Christmas Cat") le Ingibjörg Þorbergs ar an díolaim Hvít er borg og bær. Thóg an banna briseadh ansin i bhfianaise na heaspa spéise ina ndara halbam, Here Today, Tomorrow Next Week! (1989) agus na camchuairte fada idirnáisiúnta. Ba i rith na tréimhse sin a thosaigh Björk ag obair ar a tionscadail aonair agus a rinne sí fonnadóireacht chúlra, in 1990, ar Gums le Bless. In éindí leis an ngrúpa snagcheoil Tríó Guðmundar Ingólfssonar sa bhliain chéanna, thaifead sí léirithe de shnagcheol móréilimh agus a bunsaothair féin ar chnuasach darb ainm Gling-Gló, arbh é a halbam ba mhó díol ina tír dhúchais é fós amhail in 2011. Chuir Björk an-suim sa cheol house freisin agus í ag canadh ar an albam ex:el le 808 State, go sonrach ar "Qmart" agus "Ooops", amhráin a eisíodh le chéile mar shingil sa RA in 1991. Ina theannta sin, chan sí ar an amhrán "Falling" ón albam Island le Current 93 agus Hilmar Örn Hilmarsson. Ba sa bhliain chéanna a chas sí leis an gcláirseoir Corky Hale agus a ghlac an bheirt acu páirt i seisiún taifeadta, rud a claochlaíodh ina thraic ar an albam Debut le Björk ní ba mhoille.
Bhí an cinneadh déanta ag Björk ag an bpointe sin éirí as an mbanna chun dul le gairm aonair, ach bhí aon albam eile fós le déanamh de réir a gconartha. Stick Around for Joy (1992) an t-ainm a bhí air sin agus tháinig camchuairt bholscaireachta ina dhiaidh, rud ar ghlac sí leis. Bhí Björk le cloisteáil ar dhá thraic d'fhuaimrian an scannáin Remote Control (nó Sódóma Reykjavík san Íoslainn) den bhliain 1992. Bhris The Sugarcubes suas tar éis a gceolchoirme deiridh ar fad i Réicivíc. Is éard a thug Rolling Stone orthu ná "an banna rac is mó a tháinig as an Íoslainn riamh".
1993–1996: Debut agus Post
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhog Björk go Londain chun leanúint dá gairm bheatha aonair. Thosaigh sí ag obair leis an léiritheoir ceoil Nellee Hooper (a raibh léiriúchán déanta aici ar cheol Massive Attack i measc ceoltóirí eile). As a bpáirtíocht a d'eascair an chéad chnagshingil idirnáisiúnta de chuid Björk, "Human Behaviour", ar traic damhsa é atá bunaithe ar rif ghiotáir a sampláladh ó cheol Antônio Carlos Jobim. Níor seinneadh an t-amhrán go forleathan ar an raidió i bhformhór na dtíortha, ach craoladh an físeán ceoil de go tréan ar MTV. Ba é Michel Gondry a stiúir é sin agus a bhí mar chomhoibrí rialta le Björk ina dhiaidh. Glacadh go maith le Debut, an chéad albam aonair ag Björk, nuair a tháinig sé amach i mí an Mheithimh 1993; d'ainmnigh NME mar albam na bliana é agus bhain sé an platanam amach in SAM.
Mar thoradh ar Debut, léim Björk ó bheith ina ball de scata bannaí ceoil sna déaga agus sna luathfhichidí chun tús a chur lena gairm aonair. Roghnaigh sí an t-ainm Debut chun bheith mar léiriú ar chaibidil nua ina saol. Meascán amhrán a scríobh Björk ó thréimhse a déaga, mar aon le comhshaothair liriceacha ní ba dhéanaí óna hobair le Hooper, atá san albam damhsabhunaithe sin ina bhfuil éagsúlacht mhaith uirlisí. Tá cóiriú téadach a bhfuil blas Bollywood air le cloisteáil sa singil "Venus as a Boy" air, mar shampla. Canann Björk leagan den fhonn aitheanta snagcheoil "Like Someone in Love", agus cláirseach dá tionlacan, chomh maith agus níl ach ensemble de shacsafóin mar thionlacan ar an traic deiridh, "The Anchor Song".
Ag Gradaim BRIT 1994, bhuaigh Björk duais "An Ceoltóir Mná Idirnáisiúnta Is Fearr" agus "An Ceoltóir Nua Idirnáisiúnta Is Fearr". A bhuí le rath an albaim Debut gurbh fhéidir léi comhoibriú ar thraiceanna aon uaire le healaíontóirí as an RA agus tíortha eile. D'oibrigh sí le David Arnold ar "Play Dead", a bhí mar théama an scannáin The Young Americans in 1993 (agus mar thraic bónais ar atheisiúint ar Debut), chomhoibrigh sí ar dhá amhrán don tionscadal Nearly God le Tricky, chan sí ar an traic "Lilith" don albam Not for Threes le Plaid agus chomhscríobh sí an t-amhrán "Bedtime Story" don albam Bedtime Stories le Madonna. Sa scannán Prêt-à-Porter in 1994, bhí ról ag Björk nár luadh sna creidiúintí.
Post an dara halbam stiúideo aonair ag Björk. In 1995 a eisíodh an t-albam sin a bhí léirithe i gcomhar le Nellee Hooper, Tricky, Graham Massey ó 808 State agus an léiritheoir leictreonaice Howie B. Agus í ag tógáil ar ar éirigh léi in Debut, lean Björk dá trialacha le fuaimeanna éagsúla agus chuir sí suim ar leith sa cheol damhsa agus teicneo. As léiriúchán Tricky agus Howie B a tháinig fuaimeanna de chineál trip hap/leictreonaice chun cinn ar thraiceanna amhail "Possibly Maybe" agus "Enjoy" freisin. Faoin tionchar ag an mbeirt acu agus Graham Massey, ar shine a cairdeas leis-sean, spreagadh Björk le gnéithe amhail na buillí toirniúla tionsclaíocha in "Army of Me" a chruthú. Shroich an t-albam an 7ú háit i liosta "Na 90 Albam Is Fearr de na 90idí" agus an 75ú háit i liosta "Na 100 Albam Is Fearr, 1985–2005" de chuid Spin. Rangaíodh Post agus Homogenic ar liosta PitchFork Media de "Na hAlbaim Is Fearr de na 90idí" sa 21ú háit agus sa 20ú háit, faoi seach. In 2003, shroich an t-albam an 373ú háit ar liosta Rolling Stone de "Na 500 Albam Is Fearr Riamh". Ba thart ar an am sin go raibh aistíl Björk á móradh tríd an persona ar nós "síogaí" a rinneadh di sa phreas, rud a raibh uirthi dul i ngleic leis agus albaim eile á n-eisiúint aici ní ba dhéanaí.
Cé gur mhó a físeáin a tharraing an aird choiteann ar Björk ná a hamhráin, rinneadh cnagshinglí pop sa RA de roinnt amhráin ó Post agus bhain sé an platanam amach in SAM ar deireadh. Chuir Björk saothar ar fáil don albam comhoibríoch Chansons des mers froides le Hector Zazou in 1995 freisin, agus an t-amhrán traidisiúnta Íoslannach "Vísur Vatnsenda-Rósu" á chanadh aici.
1997–2000: Homogenic agus Dancer in the Dark
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó Londain a chuir Björk chun bóthair go dtí an Spáinn, áit ar thaifead sí Homogenic, albam a cuireadh amach in 1997. Bhí Björk ag obair leis na léitheoirí Mark Bell ó LFO agus Howie B mar aon le Eumir Deodato ar an albam, ar tháinig líon mór athmheascthaí as. Meastar go bhfuil Homogenic ar na saothair is turgnamhaí agus is eisdírithí de chuid Björk, agus buillí ábhalmhóra ann mar léiriú ar thírdhreach na hÍoslainne, go háirithe san amhrán "Jóga", ina gcumasctar fuaimeanna macnasacha téaduirlisí le cnagarnach charraigeach leictreonach. Deimhníodh mar albam óir é in SAM in 2001. Bhí sraith físeáin cheoil ag gabháil leis an albam agus craoladh cuid acu go minic ar MTV. Ba iad an comhoibrí rialta Michel Gondry a stiúir an físeán le haghaidh "Bachelorette" agus Chris Cunningham a stiúir "All Is Full of Love", arbh é an chéad singil DVD a eisíodh in SAM riamh é, rud a réitigh an bealach d'ealaíontóirí le físeán DVD agus gnéithe ilmheán eile a chur lena singlí. Thosaigh Björk ag scríobh ar bhonn ní ba phearsanta ansin: "Thuig mé gur tháinig mo sheal mar eisdíritheach chun deiridh. Bhí orm dul abhaile agus aithne a chur orm féin arís," a dúirt sí.
In 1999, iarradh ar Björk an scór a chumadh agus a léiriú don scannáin Dancer in the Dark, ceoldráma faoi inimirceach darb ainm Selma atá ag streachailt le híoc as obráid chun a mac a chosaint ar an daille. Nuair a d'iarr an stiúrthóir Lars von Trier ar Björk smaoineamh ar ról Selma a dhéanamh sa scannán, agus é á chur ina luí uirthi gurbh é an t-aon bhealach leis an gcarachtar a chur in iúl ná cumadóir an cheoil a chur sa pháirt sin, ghlac sí leis sin sa deireadh. Tosaíodh an scannánú go luath in 1999 agus ba ag an 53ú heagrán d'Fhéile Scannán Cannes in 2000 a taispeánadh an scannán den chéad uair. Fuair an scannán an Palme d'Or agus fuair Björk gradam "An Ban-aisteoir is Fearr" dá ról. Tuairiscíodh go raibh an siút chomh dian sin ar a corp agus a mothúcháin araon gur mhionnaigh sí nach ndéanfadh sí aisteoireacht arís go deo. Luaigh Björk ní ba mhoille go raibh sí riamh ag iarraidh ceoldráma amháin a dhéanamh sa saol agus gurbh é Dancer in the Dark an ceoldráma sin é. Eisíodh fuaimrian Björk mar an t-albam Selmasongs agus ainmníodh an dísréad dar teideal "I've Seen It All", a sheinn sí le Thom Yorke ó Radiohead air, do dhuais "An tAmhrán Bunaidh is Fearr" ag Gradaim an Acadaimh. Cheol Björk an t-amhrán céanna ag na Oscars in 2000 (gan Yorke), agus í ina gúna cáiliúil ar chuma na heala.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol a bhaineann leis an Íoslainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |