Jump to content

Neamhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 17:53, 27 Feabhra 2024 le Kevin Scannell (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNeamhain
Nemain Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálainm baineann
dia an chogaidh Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, is bandia í Neamhain (Sean-Ghaeilge: Nemain) a sheasann do scrios an chogaidh. Sna téacsanna ársa ina thagann Mór-Ríoghain i láthair mar trí-bhandia — an triúr deirfiúracha a mbíonn sna Morrígna ann[1][2][3] — is í Neamhain ar cheann de na deirfiúracha.[4]

Sa Táin Bó Cuailnge, chuir Neamhain na hairm trí na céile, sa dóigh is go ndearna comrádaí ár ar a chéile. Nuair a tháinig arm Méabha ag Magh-Tregham (i gContae an Longfoirt an lae inniu), ar a slí go Cuailnge, nocht Neamhain í féin ina measc: “Then the Neamhain attacked them, and that was not the most comfortable night with them, from the uproar of the giant Dubhthach through his sleep. The bands were immediately startled, and the army confounded, until Méabh went to check the confusion.”[5]

In "Breslech Maighe Muirthemhne”, insítear gurbh Neamhain í bandia cumhachta na nGael, arbh fhéidir léi céad fear a mharú le haon rosc catha amháin: "Neamhain confused the army; and the four provinces of Eriu dashed themselves against the points of their own spears and weapons, so that one hundred warriors died of fear and trembling in the middle of the fort and encampment that night."[6]

Tagann sí i láthair scaití mar bhean ní, ag caoineadh ar bhruach abhann, ag ní na n-éadaí nó ionathar de laoch gan rath.

In Sannas Chormaic, deirtear gurbh í Neamhain bean chéile Neide, dia an chogaidh. I ndán sa Leabhar Laighneach (fol. 6, a2), ba iad Badhbh agus Neamhain beirt mná céile Neide:

Neit mac Indu, is a bheirt bhan,
Badhbh agus Neamhain, go fíor,
Maraíodh in Aileach, gan locht,
Le Neptur d'Fhomhóraibh.[7]

Ar leathanach 5, a2 san MS céanna, deirtear gurbh iad Fea agus Neamhain mná céile Neide, ach i ndán faoi Aileach ón Dinnseanchas caomhnaithe san "Ordnance Memoir of Templemore" (lch. 226), deirtear nach bhfuil ach Neamhain amháin bréan chéile Neide.[8] Also, in the Irish books of genealogy, both Fea and Neamhain are said to have been beirt iníonacha Ealcmhair de Bhrú na Bóinne, agus mná céile Neide Mhic Indae. This identical kinship of Fea and Nemhain implies that the two are one and the same personality.

Is iad leaganacha a "dia-ainm" (Béarla theonym) sna téacsanna ná Nemon, Nemain agus Neman. Cuireann seo in iúl go mbeadh fréamh Prota-Ceiltis ann, dá mb'a leithéid ann ag an am seo, na *Nemānjā, *Nemani-s nó *Nemoni-s.

Níltear ar aon ghuth maidir le sanasaíocht an ainm. Mhol Squire (2000:45) gur 'nimhneach' a bhí i gceist, fréamhaithe ón bProta-Ceiltis *nemi- 'rud a thugtar', (Sean-Ghaeilge nem, iol. neimi, nimh).[9] Ach is léir gur ainmfhocail i-fréamh é *nemi-, cé gur a-fréamh agus o-fréamh faoi seach iad na foirmeacha athchruthuithe *Nemā-njā, *Nema-ni-s, agus *Nemo-ni-s.

Mar an gcéanna, ní hionann an Prota-Ceiltis *nāmant- 'namhad' (Sean-Ghaeilge náma, gin. námat, iol. námait [1]) agus *Nemānjā, *Nemani-s nó *Nemoni-s chun iad a chur i gcomórtas a chéile.

I ndeireadh na dála, is sochreidte é gur foirm an fhocail Prota-Ind-Eorpaigh *nem- ('gabh, tóg, tabhair amach') é, gaolta leis an nGréigis Ársa Némesis, samhail an cheartais chúitigh i Miotaseolaíocht na Gréige. Tá an focal seo gaolta le Nomos, le brí gnás nó dlí, agus freisin roinn, nó dáil. Is é an fhréamh Prota-Ind-Eorpachféin an fhréamh den tSean-Ard-Ghearmáinis nâma 'creach'; Gearmáinis nehmen, 'tóg'; Béarla aclaí; Zend nemanh 'coir'; Albáinis name 'mallacht'; agus Breatnais, Coirnis agus Briotáinis nam, 'locht' [2]. De réir na teoirice seo, ba í bhrí an t-ainm ná an 'Mór-Thógóir' nó an 'Mór-Chionroinneoir'.[10]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Sjoestedt, Marie-Louise. "Celtic Gods and Heroes": 31–32. Dover Publications. 
  2. O hOgain, Daithi (1991). "Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition": 307–30. Oxford: Prentice Hall Press. 
  3. Davidson, Hilda Ellis (1988). "Myths and symbols in pagan Europe: early Scandinavian and Celtic religions": 97. Syracuse: Syracuse University Press. 
  4. MacKillop, James (1998). "Dictionary of Celtic mythology": 335–336. Oxford: Oxford University Press. 
  5. Leabhar na hUidhre, fol. 46, b1.
  6. Leabhar Laighneach, fol. 54, a2 agus b1
  7. On the Goddess of War of the Ancient Irish, W M Hennessy, RIA
  8. Ordnance Memoir of Templemore, lch. 226
  9. ???
  10. ???