Vicipéid:Ailt roghnaithe/Cartlann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seo é an chartlann i gcomhair alt roghnaithe:

Académie française[athraigh foinse]

13 Feabhra 2005 - 19 Meitheamh 2005

Comhairle tábhachtach is ea an Académie française (Acadamh na Fraincíse) a stiúrann an Fhraincis. Bhunaigh an Cairdinéal de Richelieu é sa bhlian 1635, i ré rí Louis XIII. Tá sé ar cheann des na h-institiúid is ársa sa bhFrainc. Tá 40 bhall ann, a thoghann na baill atá cheana ann.

Gaeilge[athraigh foinse]

19 Meitheamh 2005 - 29 Meán Fómhair 2005 Is í an Ghaeilge (.i. Gaeilge na hÉireann) an teanga Ghaelach a labhraítear in Éirinn. Is i measc an dá teanga oifigiúil Phoblacht na hÉireann. Ar 13 Meitheamh, 2005 d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha de chuid an AE an Ghaeilge a ghlacadh mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Beidh feidhm leis an stádas seo ó 1 Eanáir, 2007.

Cogadh Cathartha na hÉireann[athraigh foinse]

29 Meán Fómhair 2005 - 15 Meitheamh 2006

Ba choimhlint é Cogadh Cathartha na hÉireann a d'éirigh as siniú an Conradh Angla-Éireannach. Cheap daoine áirithe nach raibh an conradh neamspleách go leor agus bhí siad dian i gcoinne cailleadh an Tuaiscirt. Dúirt na daoine eile gur 'cloch chéime' é an Conradh i dtreo lán-neamhspleáchas. Tháinig scoilt mhór ar an tír agus bhí a lán daoine thar a bheith searbhach faoi. D'fhás an dá pháirtí polaitiúla is mó i bPoblacht na hÉireann as an gcogadh, Fianna Fáil agus Fine Gael. Chomh maith leis sin, rinneadh a lán damáiste do bhonneagar an stáit, rud a bhí dian le tógáil le tír fíor-nua, mar a bhí Saorstát Éireann.

Väinö Linna[athraigh foinse]

15 Meitheamh 2006 - 30 Aibreán 2007

Väinö Linna, a rugadh in Urjala ar an 20 Nollaig, 1920 agus a shíothlaigh i dTampere ar an 21 Aibreán, 1992, b'eisean scríbhneoir náisiúnta na Fionlainne thar aon scríbhneoir eile san fhíchiú haois. Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le Cumannachas ná fiú le Daonlathas Sóisialta. Rinne sé a chomhionannú le haicme na n-oibrithe sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.

George Orwell[athraigh foinse]

30 Aibreán 2007 - 14 Meitheamh 2007

Is é George Orwell ainm cleite an úrscéalaí Shasanaigh Eric Arthur Blair (1903-1950). Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. B'iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea é an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh an leagan Sóivéadach den Chumannachas...

Winston Churchill[athraigh foinse]

14 Meitheamh 2007 - 1 Deireadh Fómhair 2007

Polaiteoir agus ceannaire cogaidh Sasanach ab ea é Winston Spencer Churchill, (1874 - 1965). Chaith sé tréimhse ina oifigeach airm san India, bhain sé páirt i gCath Omdurman san tSúdáin, agus ghlac sé páirt freisin i gCogadh na mBórach.

Bhí sé ina theachta parlaiminte é ón mbliain 1900 anuas, agus rinneadh ceannaire na h-aimiréalachta de sa bhliain 1911. Lean sé ar aghaidh sa phost sin go dtí an Chéad Chogadh Domhanda. Ba Rúnaí Stáit don Chogadh é ó 1919-1921, agus, mar sin, b'ar a chrann-san a thit sé an Conradh Angla-Éireannach a shíniú sa bhliain 1921.

Bhí sé ina phríomhaire ar an mBreatain le linn an chuid is mó den Dara Cogadh Domhanda (1940 - 1945), tar éis dó teacht i gcomharbas ar Neville Chamberlain. Bhí sé ina shiombail do mhuintir na Breataine i rith an chogaidh. Tar éis roinnt blianta a chaitheamh sa fhreasúra, ghnóthaigh sé olltoghchán sa bhliain 1951, agus fuair sé é ina phríomh-aire arís (go dtí an bhliain 1955).

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air ar son na gcuimhní cinn a d'fhoilsigh sé idir 1948 agus 1953. Fuair sé bás ar 24 Eanáir 1965...

Oscar Wilde[athraigh foinse]

1 Deireadh Fómhair 2007 - 8 Nollaig 2007

Úrscéalaí, drámadóir, file agus dea-chainteoir Éireannach ab ea Oscar Fingal O’Flahertie Wills Wilde (16 Deireadh Fómhair 1854 - 30 Samhain 1900).

Rugadh Wilde i mBaile Átha Cliath do chlann Angla-Éireannach, agus rinne sé staidéar ag Coláiste na Tríonóide ó 1871-1874. Fuair sé scoláireacht le tuilleadh staidéir a dhéanamh in Oxford, agus bronnadh onóracha dúbailte air.

Tháinig an chéad bhailiúchán véarsaí le Wilde i gcló sa bhliain 1881, agus d'fhoilsigh sé an nóibhille The Canterville Ghost (1887) agus scéalta do pháistí sna leabhair The Happy Prince and Other Stories (1888) agus The House of Pomegranates (1891). Níor fhoilsigh Wilde ach úrscéal amháin The Picture of Dorian Gray (1891). Bhain Wilde amach a chlú is a cháil lena chuid drámaí áfach; go príomha Salomé (1893), Lady Windermere's Fan (1892) agus The Importance of Being Earnest (1895).

Tháinig drochdheireadh le saol Wilde, nuair a chaith sé seal i bpríosún de dheasca "mígheanmnaíochta tromchúisí". Fuair sé a shláinte scriosta ag filleadh chun saoirse dó, agus chaith sé faoi léan agus faoi dhímheas é tar éis sin. Fuair sé bás i bPáras, agus tá sé curtha i Reilig Père-Lachaise....

An tAontas Sóivéadach[athraigh foinse]

8 Nollaig 2007 - 25 Nollaig 2007

Stát Cumannach ab ea é Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, nó An tAontas Sóivéadach (Rúisis: Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik) agus é suite san Eoráise, a mhair ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1991. Ón mbliain 1945 go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na Stáit Aontaithe inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo ag déanamh téisclim chogaidh in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda...

An Nollaig[athraigh foinse]

25 Nollaig 2007 - 2 Eanáir 2008

Saoire sa bhféilire Chríostaíoch a cheiliúrann breith Íosa Chríost is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis), a chomórtar ar 25 Mí na Nollag. De réir na soiscéil, rugadh Íosa Críost don Maighdean Muire i mBeitheal, tar éis di féin agus dá fear céile Iósaf teacht ann le clárú don cheannáireamh Rómhánach. Dúirt lucht a leantha gur chomhlíon a bhreith fáisnéisí na bhfáidhe Giúdacha go dtiocfadh slánaitheoir as teach Dháibhí. Is saoire mór poiblí ar fud cuid mór den domhain an Nollaig, freisin - fiú i dtíortha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán Críostaithe. Tá plé i gcónaí faoi dáta ceart ar a rugadh Íosa.

GULag[athraigh foinse]

2 Eanáir 2008 - 7 Bealtaine 2008

Seasann an giorrúchán Rúisise GULag (Rúisis: ГУЛаг) do Glavnoye Upravleniye Lagerey, is é sin, Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. Bhí a leithéid sin d'údarás i mbun riarachán na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach nuair a bhí Stalin i gceannas.

Bhí cineálacha éagsúla de champaí ann. B'é an campa daorbhroide an cineál ba choitianta, ach thairis sin, bhí ionaid speisialta (шарашка/sharashka) ann do na saineolaithe ina raibh siad ag déanamh taighde don Stát, go háirithe ar mhaith leis na fórsaí armtha. Chuirtí daoine folláine i ngealtlanna (психушка/psikhushka) ar "chúiseanna polaitiúla". I gcampaí áirithe, chuirtí príosúnaigh i mbun oibreacha a raibh an radaighníomhaíocht ag roinnt leo, ag baint úráiniam as an talamh mar shampla, nó ag glanadh iarsmaí na dtástálacha adamhacha.

B'é an scríbhneoir Aleksandr Solzhenitsyn a chuir an focal féin i mbéal an phobail leis an leabhar millteanach staire a d'fhoilsigh sé sna seachtóidí, mar atá, Архипелаг ГУЛаг/Arkhipelag GULag, is é sin, Oileánra GULag nó Oileánra na gCampaí Géibhinn...

An Asarbaiseáin (tír)[athraigh foinse]

7 Bealtaine 2008 - 5 Lúnasa 2008

Poblacht iar-Shóivéadach is ea í an Asarbaiseáin, nó Poblacht na hAsarbaiseáine (Asarbaiseáinis: Azərbaycan Respublikası). Tugtar "Tír na Síor-Thine" ar an Asarbaiseáin, ós rud é go bhfuil sí saibhir in artola. Tá sí suite idir an Iaráin, an Rúis, an Airméin agus an tSeoirsia. Tá cuid den Asarbaiseáin, mar atá Naxçıvan, dealaithe ón gcuid eile den phoblacht ag an Airméin. Tá Naxçıvan ag críochtanacht go díreach leis an Tuirc.

Timpeall chasadh na mílaoise, bhí 8.5 milliún duine ina gcónaí san Asarbaiseáin. Muslamaigh Shítheacha is ea iad na hAsarbaiseánaigh de gnáth (93.4%), agus is í an Asarbaiseáinis teanga oifigiúil na tíre. Labhraítear an teanga chéanna in Asarbaiseáin na hIaráine freisin. Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó. Bhí mionlach mór Airméanach ann freisin - sular phléasc an cogadh amach leis an Airméin...

Aleksandr Solzhenitsyn[athraigh foinse]

5 Lúnasa 2008 - 16 Deireadh Fómhair 2008

Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach ab ea é Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын). Saolaíodh i gKislovodsk é ar an 11 Nollaig, 1918. B'eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar oileánra na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel sa litríocht air sa bhliain 1970, ach díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile. Fuair sé bás i Moscó ar an 3 Lúnasa, 2008....

Incigh[athraigh foinse]

16 Deireadh Fómhair 2008 - 28 Nollaig 2008

B'í Impireacht na nInceach an impireacht ba mhó i Meiriceá roimh theacht na nEorpach, agus nuair a bhí sí i mbarr a méide, bhí sí ar impireachtaí móra an domhain de réir an chaighdeáin chomhaimseartha. Bhí lárionad riaracháin, polaitiúil agus míleata na himpireachta suite i gCuzco. Thosaigh forbairt na himpireachta seo i sléibhte Pheiriú sa bhliain 1197. I rith na mblianta 1438-1533, d'éirigh leis na hIncigh cuid mhór d'iarthar Mheiriceá Theas a tharraingt isteach ina n-impireacht go cairdiúil nó go cogúil, agus í ag cumhdach cuid mhór de na tailte a bhaineann le Peiriú, Eacuadór, leis an mBolaiv, an Airgintínan tSile inniu...

Córan[athraigh foinse]

28 Nollaig 2008 - 9 Feabhra 2009

Is é an Córan, nó an Córán (Araibis: القرآن Al Cur’án), leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Muslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe , agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh sibh é, a deir Dia, sa Chóran. Tá ainm an Chórain bunaithe ar thamhan focail a chiallaíonn léamh, léitheoireacht sna teangacha Seimíteacha...

NASA[athraigh foinse]

9 Feabhra 2009 - 9 Aibreán 2009

Seasann an ceithre litir úd NASA do na focail Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ("National Aeronautics and Space Administration"), is é sin, údarás spáis na Stát Aontaithe. Bunaíodh an t-údarás seo thiar sa bhliain 1958, agus é freagrach as cúrsaí spásaireachta an stáit i Meiriceá. Thairis sin, déanann an t-údarás taighde fadtéarmach aerloingseoireachta, idir shibhialta agus mhíleata. Tá an t-údarás bunaithe ar an aisling "feabhas a chur ar an mbeatha abhus, tús a chur leis an mbeatha thall, agus teacht ar bheatha ar an taobh amuigh", is é sin, obair fhónta a dhéanamh ar mhaithe leis na daoine ar an Domhan, na pláinéid eile a thabhairt chun míntíreachais agus beatha na bpláinéad eile a aimsiú, más ann dá leithéid....

Paragua[athraigh foinse]

9 Aibreán 2009 - 8 Meitheamh 2009

Is tír i Meiriceá Theas í Paragua, nó Poblacht Pharagua. Tá teorainneacha aici leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín. Cosúil leis an mBolaiv, níl aon chósta aici. Is í Paragua an chéad tír i Meiriceá Theas a d'fhógair neamhspleáchas ar an Spáinn. Tír dhátheangach is ea í Paragua, nó siúd is gurb í an Spáinnis an chéad teanga oifigiúil, is í an teanga bhundúchasach úd Guaráinis is mó a labhraítear sa ghnáthshaol. Tá 6 mhilliún duine ina gcónaí ann, agus is í Asunción an phríomhchathair ....

Francisco Franco[athraigh foinse]

8 Meitheamh 2009 - 7 Lúnasa 2009

Oifigeach airm ab ea é Francisco Franco Bahamonde (4 Nollaig 1892-20 Samhain 1975) a chuaigh i gceannas ar an Spáinn mar dheachtóir míleata i ndiaidh chogadh cathartha na Spáinne. Is é an teideal oifigiúil a bhí air ná "ceannasaí na crosáide deireanaí agus an Spáinneachais, ceannasaí an chogaidh in aghaidh an Chumannachais agus lucht a chomhghuaillíochta", nó, go simplí, an Ceannasaí, El Caudillo. Ba mhinic a thugtaí El Generalísimo air freisin. Mhair sé i gceannas ar an stát go lá a bháis ....

Mícheál Ó Coileáin[athraigh foinse]

8 Lúnasa 2009 - 2 Deireadh Fómhair 2009

Ba cheannaire míleata agus polaiteoir Éireannach é Mícheál Eoin Ó Coileáin (16 Deireadh Fómhair 189022 Lúnasa 1922) a rugadh i gContae Chorcaí. Bhí sé beartach i gCogadh na Saoirse, agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach na Chéad Dála. De dheasca an chonartha seo a chuaigh an chríochdheighilt ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug de Valera aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha....

Éamon de Valera[athraigh foinse]

2 Deireadh Fómhair 2009 - 3 Mí na Samhna 2009

Trodaí saoirse agus polaiteoir ab ea é Éamon de Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 - 29 Lúnasa 1975) a bhí ina Thaoiseach agus ina Uachtarán ar Éirinn. Ceannaire tábhachtach ab ea é de Valera sa ghluaiseacht phoblachtach sa 20ú haois, agus chaith sé tréimhse an-fhada ón mbliain 1917 go dtí an bhliain 1973 i saol polaitiúil na tíre. Eisean a chum Bunreacht na hÉireann sa bhliain 1937, agus chaith sé a sheal ina Thaoiseach agus ina Uachtarán. Is é Fianna Fáil, an páirtí a bhunaigh sé sa bhliain 1926, an ceann is mó sa tír fós .... [ níos mó ]

Iúil Caesar[athraigh foinse]

3 Mí na Samhna 2009 - 23 Nollaig 2009

Bhí Iúil Caesar (i Laidin Caius Iulius Caesar; 13 Iúil, 100 RC - 15 Márta, 44 RC) ina ghinearál, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir sa tSean-Róimh. Bhí sé ina bhall den chéad triúracht, agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach deachtóireacht na Poblachta Rómhánaí. Bíonn a chuid scríbhinní, go háirithe an leabhar a scríobh sé faoin gcogadh Gailleach, á stáidéar fós ag scoláirí Laidine agus ag staraithe míleata .... [ níos mó ]

Cogadh an Gheimhridh[athraigh foinse]

23 Nollaig 2009 - 24 Eanáir 2010

B'é Cogadh an Gheimhridh an cogadh a fearadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach ón tríochadú lá de Mhí na Samhna, 1939, go dtí an dóú lá déag de Mhí na Márta, 1940. Thosaigh an cogadh nuair a d'ionsaigh na díormaí Sóivéadacha an Fhionlainn i ndiaidh eachtra teorainne - "an lámhach ag Mainila" - arbh é an chiall a baineadh as i mbolscaireacht an Aontais Shóivéadaigh ná gur ionsaí Fionlannach a bhí ann. Bhí na Fionlannaigh riamh ag áitiú nach raibh ann ach saighdeadh a rinne na Sóivéadaigh féin, agus tá an méid sin admhaithe ag an Rúis ó thit an tóin as an gcóras Sóivéadach. .... [ níos mó ]

Cogadh na Saoirse (Éire)[athraigh foinse]

24 Eanáir 2010 - 20 Márta 2010

Tugtar Cogadh na Saoirse (nó an Cogadh Angla-Éireannach) ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Thosaigh an cogadh nuair a mharaigh cathlán de chuid an IRA beirt oifigeach de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann ar an 19ú lá d'Eanáir 1919. Cuireadh deireadh leis an gcogadh, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm ar an 21ú lá de Mhí Iúil 1921. Tar éis an chogaidh, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach.... [ níos mó ]

Adolf Hitler[athraigh foinse]

20 Márta 2010 - 9 Bealtaine 2010

Bhí Adolf Hitler (20 Aibreán 188930 Aibreán 1945) ina cheannaire, nó Führer, ar an nGearmáin ón mbliain 1933 go dtína bhás sa bhliain 1945. B'eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an bPolainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomh-aireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar an tír, bhunaigh sé stát ollsmachtúil nár fhág cead cainte ar bith ag an bhfreasúra, agus bhain sé an chuid ba mhó de na cearta sibhialta de na saoránaigh. Rinne sé géarleanúint chruálach ar a chuid naimhde polaitiúla, ar nós na gCumannach, na nDaonlathach Sóisialta, agus a lán dreamanna eile. Bhí an ciníochas fite fuaite trína shaoldearcadh, ionas nach raibh meas an mhadra aige ar na Giúdaigh ná ar na Slavaigh... [ níos mó ]

Impireacht na Rúise[athraigh foinse]

9 Bealtaine 2010 - 2 Iúil 2010

Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. B'í críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Monarcacht oidhreachtúil ab ea í, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó... [ níos mó ]

Corn FIFA an Domhain 2010[athraigh foinse]

2 Iúil 2010 - 14 Iúil 2010

Comórtas sacair ba ea Corn FIFA an Domhain 2010. Bhí sé ar siúl ó 11 Meitheamh 2010 go dtí 11 Iúil 2010. Bhuaigh an Afraic Theas an próiseas tairisceana, agus mar sin d'óstáíl an tír sin an chéad ilchomórtas san Afraic. Is é Waka Waka (i mBéarla agus i Spáinnis) an t-amhrán oifigiúil: is iad Shakira agus an banna Afracach Freshlyground na ceoltóirí. Is é Adidas an comhlacht a dhéanann an liathróid oifigiúil.... [ níos mó ]

Star Trek[athraigh foinse]

14 Iúil 2010 - 2 Meán Fómhair 2010

Is coincheap ficsin eolaíochta é Star Trek (baineann Gaeilgeoirí úsáid as an leagan An Réaltaistear fosta) agus é deartha ag Gene Roddenberry. Ar dtús, ní raibh ann ach sraithscéal i stíl an cheoldráma spáis, ach tharraing an chéad sraith an oiread sin airde i measc chairde an fhicsin eolaíochta is gur tháinig sraith bheoite, roinnt scannán agus sraithscéalta nua sna sálaí aici. Inniu, is cuid den phopchultúr idirnáisiúnta é an Réaltaistear, agus na daoine ag déanamh tagartha dó ar fud an domhain.... [ níos mó ]

Urho Kekkonen[athraigh foinse]

2 Meán Fómhair 2010 - 17 Samhain 2010

Duine de pholaiteoirí móra na Fionlainne sa 20ú haois a bhí i Urho Kaleva Kekkonen (3 Meán Fómhair 1900-31 Lúnasa 1986). Bhí sé ina Uachtarán ar an bhFionlainn sna blianta 1956-1982. Thairis sin, chaith sé cúig sheal ina Phríomh-Aire. Is é an tUachtarán ab fhaide a d'fhan i gceannas ar an tír sin. Cailleadh sa bhliain 1986 é.... [ níos mó ]

Dúpholl[athraigh foinse]

17 Samhain 2010 - 24 Eanáir 2011

Is é is dúpholl (nó poll dubh) ann ná réigiún sa spás-am a bhfuil a réimse imtharraingthe chomh láidir is nach féidir don tsolas féin éalú as. Go bunúsach, is toradh matamaiticiúil do theoiric na coibhneasachta ginearálta (an leagan fairsingithe de theoiric coibhneasachta Einstein) é an dúpholl, ach tá na réalteolaithe i ndiaidh sonrú a chur i gcuid mhaith réadanna aisteacha sa spás a d'fhéadfadh a bheith ina ndúphoill.

Tugtar léaslíne theagmhais ar theorainn sheachtrach an dúphoill. Ní teorainn é a d'fhéadfá a mhothú, ach mar sin féin, is teorainn é a chuirfeadh cor i do chinniúint dá dtrasnófá í, nó aon rud a fuarthas taobh istigh den teorainn, ní féidir dó éalú as an dúpholl, fiú ar feadh tamaillín.... [ níos mó ]

An Airméin[athraigh foinse]

24 Eanáir 2011 - 25 Feabhra 2011

Tír i Sléibhte Chugais is ea í Poblacht na hAirméine, agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Tuirc, agus an Iaráin. Is í Eireaván príomhchathair na hAirméine.

Is é an t-ainm atá ag na hAirméanaigh féin ar a dtír ná Hayastan (Հայաստան), agus é bunaithe ar ainm an laoich mhiotasúil a chuir tús leis an tír, Haik nó Hayq.

Tháinig na hAirméanaigh go dtí an Airméin thart faoin mbliain 600 roimh bhreith Chríost, nuair a thit an tóin as an ríocht úd Urartu a bhí ann rompu. Ina dhiaidh sin, bhí an Airméin ina cúige Peirseach, agus na hAirméanaigh ar fiannas in arm an rí Pheirsigh. De thoradh fheachtas míleata Alastair Mhóir, tháinig stáit nua ar an bhfód, ina measc ríocht Heilléanach na hAirméine, a bunaíodh sa bhliain 190 roimh bhreith Chríost.... [ níos mó ]

Éirí Amach na Cásca[athraigh foinse]

25 Feabhra 2011 - 28 Aibreán 2011

Ceannairc i gcoinne forlámhas Shasana ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca (nó Aiséirí na Cásca) ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu.

Léigh ceannaire an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais, amach Forógra na Poblachta ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm Poblacht neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, HMS Helga, ar an Life, cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann.... [ níos mó ]

George Orwell[athraigh foinse]

28 Aibreán 2011 - 3 Lúnasa 2011

Is é George Orwell ainm cleite an úrscéalaí Shasanaigh Eric Arthur Blair (1903 - 1950). Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. B'iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó.

Fear meánaicmeach ab ea é Orwell a chuaigh leis an Sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas.

Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (Big Brother), an nuachaint (newspeak) agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht.... [ níos mó ]

Tobac[athraigh foinse]

3 Lúnasa 2011 - 7 Nollaig 2011

Is éard is tobac ann ná duillí úra na bplandaí sa ghéineas úd Nicotiana a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar dhruga. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag cráindó i dtoitín, i bpíopa nó i dtodóg agus an toit a análú isteach. Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag caitheamh tobac, ach úsáidtear an leagan tobac a ól freisin, go háirithe sna canúintí deisceartacha.

Is é an Nicotiana tabacum an cineál is mó a chuirtear, ach baintear úsáid as an gcineál Nicotiana rustica chomh maith. Tá an rustica chomh saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar fheithidicíd. Bíonn na seamain bhundúchasacha i Meiriceá Theas ag úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.... [ níos mó ]

An Meán-domhan[athraigh foinse]

7 Nollaig 2011 - 8 Bealtaine 2012

Is é an Meán-domhan (Béarla: Middle-earth; tá an téarma seo bunaithe ar Middangeard an tSean-Bhéarla agus ar Miðgarður na hÍoslainnise) an ilchríoch shamhailteach ina bhfuil imeachtaí an úrscéil fhantaisíochta Tiarna na bhFáinní le J. R. R. Tolkien suite.

Cheap Tolkien an Meán-domhan mar ilchríoch sa chruinne ar a dtugann sé Arda. Cuimsíonn Arda an Domhan, is é sin, ImbarAmbar, chomh maith leis an nGrian, an Ghealach agus na réaltaí. Is cuid den ollchruinne é Arda - is é an ollchruinne.... [ níos mó ]

Kemal Atatürk[athraigh foinse]

8 Bealtaine 2012 - 27 Lúnasa 2012

Saighdiúir agus 1ú Uachtarán na Tuirce ab ea é Gazi Mustafa Kemal Atatürk (1881-1938).

Fuair Atatürk oiliúint oifigigh san Arm Otamánach agus throid sa Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Breataine. I ndeireadh an chogaidh thapaigh sé an deis agus chuaigh i gceannas ar arm mór in oirthear na Tuirce. Chuir sé cogadh ar fhórsaí na Breataine, na Fraince, na Gréige agus na hIodáile, d'éirigh leis iad a ruaigeadh, agus rinne poblacht den Tuirc.

An náisiúnachas agus an saoltachas na clocha ba mhó ar a phaidrín, agus chuir sé in aghaidh na gcléireach Muslamach le lámh láidir chun an tIoslamachas a dhíbirt as an bpolaitíocht.... [ níos mó ]

Úrscéal stairiúil[athraigh foinse]

27 Lúnasa 2012 - 26 Samhain 2012

Is éard is úrscéal stairiúil ann ná úrscéal a bhfuil a imeachtaí suite i dtréimhse áirithe staire, agus an scríbhneoir ag iarraidh saol agus meon na tréimhse sin a athchruthú ar leathanaigh an leabhair. Is féidir don úrscéal stairiúil fíorcharachtair na tréimhse seo a lua nó carachtair fhicseanúla a chur ag caidreamh le fíorcharachtair na tréimhse.

Is minic a deirtear gurbh é Walter Scott a chuir tús leis an seánra litríochta seo, ach scríobhadh leabhair ar féidir úrscéalta stairiúla a thabhairt orthu i gcultúir eile seachas an cultúr Iartharach i bhfad roimh lá Scott.... [ níos mó ]

H. P. Lovecraft[athraigh foinse]

26 Samhain 2012 - 23 Nollaig 2012

Scríbhneoir scéalta uafáis ab ea H. P. Lovecraft (20 Lúnasa, 189015 Márta, 1937) a raibh an-tionchar aige ar fhorbairt na litríochta uafáis san fhichiú haois. Ba é an sceimhle cosmach an príomhthéama ina chuid scéalta, an scanradh a ghlacann an duine roimh chomh dothuigthe, chomh dochuimsithe agus atá an ollchruinne. Cheap sé painteon iomlán de dhéithe cruálacha ar chuma leo faoi leas an chine dhaonna lena shaoldearcadh duairc a chur in iúl. Ba é Cthulhu an dia ba tábhachtaí acu go leor.

Rugadh Howard Phillips Lovecraft sa bhliain 1890, ach ní raibh sé daite dó a chéad óige a chaitheamh faoi chúram a thuismitheoirí féin. B'as Sasana Nua dó, agus pór na huasaicme Protastúnaí ann ó thaobh na dtaobhann.... [ níos mó ]

Daidí na Nollag[athraigh foinse]

23 Nollaig 2012 - 12 Feabhra 2013

Is carachtar é Daidí na Nollag (San NioclásSanta uaireanta) atá mar thraidisiún Nollag ag tíortha Iartharacha an domhain. Tagann an coincheap de fhigiúr ceilte a thugann bronntanais do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú Aois san Áise Bheag. Chuir muintir na hOllainne tús le San Nioclás a thugadh bronntanais ag a fhéile ar 6 Nollaig. I Meiriceá Thuaidh, ghlac coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus rinneadh Santa Claus, de Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar carr sleamhnáin arna tharraingt ag réinfhianna, dreapann sé anuas an simléir, agus fágann sé féiríní do leanaí, agus itheann sé an bia agus (gan amhras ar bith) an deoch a fhágtar lena choinne.... [ níos mó ]

Grigoriy Rasputin[athraigh foinse]

12 Feabhra 2013 - 8 Bealtaine 2013

Bráthair siúil ab ea Grigoriy Rasputin (gaelaithe uaireanta mar Raspúitín) a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na Rúise, Nioclás a Dó. Rugadh Rasputin sa bhliain 1869 i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir, agus dúnmharaíodh é i gCathair Pheadair sa bhliain 1916. Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt. Deirtear, mar shampla, gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh na draíochta a bhí ann. De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir. Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an haemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an Impire.... [ níos mó ]

Uileloscadh[athraigh foinse]

8 Bealtaine 2013 - 24 Iúil 2013

Is é an tUileloscadh an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mein Kampf go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. Is féidir a rá gur thosaigh an tUileloscadh le Reichskristallnacht ar 8 agus 9 Samhain 1938. B'iad na Giúdaigh príomhthargaid an Uilelosctha, agus is gnách a rá gur cuireadh sé mhilliún acu chun báis. Dealraíonn sé, fiú, i bhfianaise an taighde is úire, nach bhfuil mórán le cur leis an uimhir seo ná le baint di. Thairis sin, fuair cuid mhór de Ghiofóga na hEorpa bás sna seomraí gáis, agus bhí dreamanna eile ann a bhí in an-dainséar iad féin a fháil i seomraí gáis na sluachampaí báis. Bhí dearcadh oifigiúil na Gearmáine ar na Rúisigh agus ar na Slavaigh eile chomh dímheasúil is nach síltí a dhath de iad a chur sa ghás in éineacht leis na "ciníocha ísle" eile. Ar chúiseanna polaitiúla, cimíodh cuid mhaith daoine a bhí gníomhach i bpáirtithe daonlathacha nó i ngluaiseacht ceardchumannaíochta na Gearmáine roimh an réabhlóid Naitsíoch, agus cuireadh roinnt nár bheag acu chun báis.... [ níos mó ]

Na Máigigh[athraigh foinse]

24 Iúil 2013 - 20 Nollaig 2013

Grúpa eitneach iad na Máigigh a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leathinis Yúcatan. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh. Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigeach. Bhí na Máigigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile. Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.... [ níos mó ]

It's a Wonderful Life[athraigh foinse]

20 Nollaig 2013 - 21 Feabhra 2014

Scannán Meiriceánach ón bhliain 1946 is ea It's a Wonderful Life (Is Iontach an Saol é), agus é ar cheann de na scannáin Hollywood is mó a rinneadh riamh. Tá an scéal bunaithe ar an ngearrscéal "The Greatest Gift" le Philip Van Doren Stern agus bhí Frank Capra ina stiúrthóir air, le James Stewart sa pháirt is mó. Cuirtear luathshaol an charachtair George Bedford (Stewart) i láthair sa scannán, ach titeann buaicphointe an scéil amach ar Oíche Nollag, oíche ina bhfuil George in ísle brí le féinmharú ar intinn aige, agus seoltar an t-aingeal coimhdeachta Clarence chun chabhrú leis. Meastar go bhfuil an scannán ar cheann de clasaicigh na Nollag, agus taispeántar go minic é ag an am seo don bhliain....[ níos mó ]

Dóiteán Mór Londan[athraigh foinse]

21 Feabhra 2014 - 24 Bealtaine 2015

Réab Dóiteán Mór Londan trí lár chathair Londan, i Sasana, ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an cúigiú lá de Mheán Fómhair 1666. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach Westminster, Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach. Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, Ardeaglais Naomh Pól, agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin.... [ níos mó ]

Neil Young[athraigh foinse]

24 Bealtaine 2015 - 2 Meán Fómhair 2015

Is ceoltóir Ceanadach é Neil Percival Kenneth Robert Ragland Young, nó Neil Young de ghnáth a rugadh ar an 12 Samhain 1945. Is cumadóir, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil é Young, agus ainm in airde aige ó thús a ghairme cheoil sna 1960idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá saothar mór taifeadta agus eisithe ag Young le grúpaí ceoil éagsúla agus mar cheoltóir aonair. Tá an-mheas air mar cheoltóir, agus tionchar nach beag imeartha aige ar a lán ceoltóirí eile. .... [ níos mó ]

Constance Gore-Booth Markiewicz[athraigh foinse]

3 Meán Fómhair 2015 - 2 Eanáir 2016

Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Constance Gore-Booth, níos deireanaí an Chuntaois Constance Markievicz (4 Feabhra 1868 Londain - 15 Iúil 1927 Baile Átha Cliath). Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markievicz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in Éirinn sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa Pholainnis ná "Markiewicz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná Konstancja Markiewiczowa....níos mó

Meitreo Pháras[athraigh foinse]

2 Eanáir 20169 Márta 2016

Comhartha Art Nouveau de chuid Meitreo Pháras
Comhartha Art Nouveau de chuid Meitreo Pháras

Is mearchóras iarnród cathrach é Meitreo Pháras (Fraincis: Métro de Paris) atá suite i bPáras na Fraince. Is siombail den chathair é agus tá clú aige mar gheall ar ailtireacht na stáisiún agus a dtionchar Art Nouveau. Tá 16 líne sa chóras agus tá an chuid is mó de na stáisiúin faoin talamh. Tá fad iomlán de 214 km (133 mi) ag an gcóras agus tá 302 stáisiún aige. Toisc go bhfreastalaíonn roinnt líne ar chuid de na stáisiúin, áfach, tá 384 stad san iomlán. Is iad na stáisiúin sa chóras na stáisiúin leis na heatraimh is dlúithe ar domhain—tá 245 stáisiún laistigh de theoireannacha chathair Pháras. Tá uimhir uathúil ag baint le gach aon líne sa chóras (1 go 14) ach tá dhá mhionlíne ann freisin (3bis agus 7bis). ... [ Níos mó ]

Máirtín Ó Cadhain[athraigh foinse]

9 Márta 20161 Meitheamh 2016

Máirtín Ó Cadhain
Máirtín Ó Cadhain

Máirtín Ó Cadhain (190618 Deireadh Fómhair 1970) ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair na litríochta Nua-Ghaeilge. Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis i measc ábhar eile. Cré na Cille, úrscéal, an saothar is mó cáil a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in An Braon Broghach go forleathan mar shárshaothair. Ba mhúinteoir scoile, ball d'Óglaigh na hÉireann, agóidí, scríbhneoir, agus ollamh le Gaeilge é. Déantar staidéar ar a shaothar ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn. Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag ... [ Níos mó ]

Téarmaí seoltóireachta[athraigh foinse]

1 Meitheamh 20169 Eanáir 2017

Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus báid.

Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlannais agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht.

Tá tagairt déanta in Adamnani Vita S. Columbae (“Beatha Cholm Cille”), saothar Laidine de chuid an 7ú haois, do “longa fada” a bhí déanta d'adhmad giúise agus d'adhmad daire agus do choití agus do churacha a thug adhmad chun Oileán Í chun soithí a thógáil. Nuair a bhain na Lochlannaigh fúthu in Éirinn sa 9ú haois bhunaigh siad bailte móra ar an gcósta agus agus lean siad orthu ag déanamh a gcuid long féin. I measc na bhfocal a thug na Lochlannaigh don Ghaeilge tá ancaire ... [ Níos mó ]

Mars (pláinéad)[athraigh foinse]

9 Eanáir 201724 Nollaig 2017

Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is gnách "an pláinéad dearg" a thabhairt air. Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. WellsEdgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.

Tá an pláinéad ainmnithe as dia Rómhánach an chogaidh. Tugtar Ares ar an dia céanna as Gréigis, agus sin é an fáth go n-úsáidtear an téarma úd areolaíocht uaireanta, nuair atáthar ag trácht ar staidéar geolaíoch an phláinéid seo. Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann ... [ Níos mó ]

The Beatles[athraigh foinse]

24 Nollaig 20172 Bealtaine 2018

Banna popcheoil ó Learpholl, Sasana, ab ea The Beatles. An Fab Four a thugtar ar cheithre ghnáthbhall an bhanna amannta. Tá siad i measc na ngrúpaí is mó cáil agus is rathúla i stair an rac-cheoil.

Tá níos mó ceirníní díolta ag The Beatles ná aon bhanna eile riamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, dar leis an Recording Industry Association of America. Sa Ríocht Aontaithe, scaoil siad níos mó ná 40 singil, albam agus EP a chuaigh go dtí barr na gcairteacha. Bhí an rath céanna acu i dtíortha eile, agus measann an comhlacht ceoil EMI go raibh níos mó ná aon bhilliún cheirnín díolta acu timpeall na cruinne faoin mbliain 1985. Sa bhliain 2004, roghnaigh an iris Rolling Stone iad mar uimhir a haon ar a liosta den 100 Ealaíontóir Ceoil is Fearr Riamh. De réir na hirise chéanna, bhí baint lárnach ag ceol an bhanna le cultúr na 1960idí, agus tá an tionchar a bhí acu ar an gcultúr pop le feiceáil fós sa lá atá inniu ann.

[ Níos mó ]

Leabhar Cheanannais[athraigh foinse]

2 Bealtaine 201826 Aibreán 2019

Is lámhscríbhinn dhathmhaisithe i Laidin é Leabhar Cheanannais (Laidin: Codex Cenannensis, Béarla: Book of Kells) (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Trionóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar Leabhar Cholm Cille uaireanta) ina bhfuil ceithre Shoiscéal an Tiomna Nua, mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh manaigh Cheilteacha amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an Bhíobla ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is máistirshaothar é den challagrafaíocht agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in Éirinn é.

[ Níos Mó ]

Ku Klux Klan[athraigh foinse]

11 Meán Fómhair 2019

Is ainm é Ku Klux KlanKKK a úsáideann a lán grúpaí dúchasacha sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe, go háirithe sa Deisceart. Bíonn lucht leanúna Ku Klux Klan ag ionsaí Gormaigh agus lucht inimirce, agus iad ag iarraidh ardchumhacht an chine bháin a chur chun cinn. Go stairiúil, bhí Ku Klux Klan ag caitheamh róbaí bána agus púicíní ar dhéanamh coirceoige, agus iad ag cur i gcéill gurbh iad taibhsí na saighdiúirí a fuair bás i bpáirc an áir i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe ar son an Deiscirt. Sin é an chuma a bhíonn ar lucht leanúna KKK ina lán scannán, cuir i gcás.

Tháinig an chéad KKK ar an bhfód i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus é ag dul i muinín sceimhlitheoireachta, foréigin agus linseála leis na hAfra-Mheiriceánaigh, na Caitlicigh agus na Giúdaigh a choinneáil faoi smacht.

Iarshaighdiúirí de chuid Arm an Deiscirt a bhunaigh an chéad KKK sa bhliain 1865. Bhí sé ag iarraidh forlámhas an chine bháin a chur ar bun arís trí eagla a chur ar na Tuaisceartaigh a chuir fúthu sa Deisceart (na carpetbaggers), ar na Deisceartaigh a bhí ag comhoibriú leis an Tuaisceart (na scalawags) agus ar na Gormaigh a bhí saortha ó bhráca na daoirse (na freedmen). Ar dtús, ní raibh ... [ Níos mó ]


Piaras Béaslaí[athraigh foinse]

11 Meán Fómhair - 25 Deireadh Fómhair 2020

Scríbhneoir Gaeilge, trodaí saoirse d'Éirinn agus saighdiúir ab ea Piaras Béaslaí, nó Percy Frederick Beazley. Rugadh i Learpholl é ar an 10ú Márta 1881, agus fuair sé bás ar an 22ú Meitheamh 1965 i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé drámaí agus dánta, ach is é an saothar litríochta is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal fáthchiallach Astronár.

Éireannaigh ab ea a thuismitheoirí, Nannie Hickey (Áine Ní Ící) agus Patrick Langford Beazley. Ní raibh focal Gaeilge i bpluc ceachtar acu, ach mar sin féin, bhí suim acu i gcás na hÉireann. Fuair Piaras óg féith na scríbhneoireachta ó thaobh na dtaobhann freisin, nó scríobh Nannie a lán dánta agus scéalta tírghráthúla faoi Éirinn agus faoi laochra na hÉireann nuair a bhí sí óg, agus chaith Patrick Langford Beazley na blianta fada ina eagarthóir ar nuachtán na gCaitliceach i Learpholl.

Fuair Piaras óg an chéad bhunscolaíocht i Wallasey i Learpholl, ach ansin, cuireadh ag foghlaim é i gColáiste San Proinsias Xavier. Scoil Chaitliceach do chlann na meánaicme Éireannaí i Learpholl a bhí ann agus í á reáchtáil ag na hÍosánaigh. D'éirigh le Piaras go maith ar scoil, ó bhí sé tar éis tús a chuid Laidine, Fraincise agus Gréigise a fhoghlaim óna athair cheana féin, nuair a tháinig sé go dtí an coláiste. Fear mór léitheoireachta ab ea a athair, agus ba mhinic a léadh sé os ard scéalta as na leabhair do Phiaras agus dá dheartháireacha. Faoi thionchar na léitheoireachta seo, chuir Piaras óg suim san amharclannaíocht agus sa drámaíocht. Ina bhuachaill óg dó ... [ Níos mó ]

2020 - 2021[athraigh foinse]

An Bhrasaíl[athraigh foinse]

25 Deireadh Fómhair 2020

Tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach. Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar ceann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar. Is í Brasília príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.

Is í Brasília an phríomhchathair. De réir bhunreacht na bliana 1988, is poblacht dhaonlathach ionadaíoch chónascach uachtaráin í an Bhrasaíl. Is é an tUachtarán ceann an rialtais agus an stáit, agus córas ilpháirtithe i bhfeidhm leis an tsaoirse pholaitiúil a chinntiú do na saoránaigh ... [ Níos mó ]

Thin Lizzy[athraigh foinse]

Banna rac-cheoil as Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann ab ea Thin Lizzy. Bhí siad ar cheann de na bannaí ba mhó in Éirinn ar feadh na 1970idí agus na 1980idí nuair a bhí an dord-ghiotáraí Phil Lynott ina phríomhamhránaí orthu. Bhí cúpla amhrán an-cháiliúil acu, mar shampla The Boys Are Back in Town, Jailbreak agus an leagan rac-cheoil a rinne siad den amhrán traidisiúnta Éireannach Whiskey in the Jar.

Agus na blianta ag dul thart, bhí roinnt giotáraithe éagsúla ag Thin Lizzy, ach choimeád siad a guth sainiúil dá gcuid féin i gcónaí. Mar a scríobhann an léirmheastóir ...

[ Níos mó ]

An Araibis[athraigh foinse]

Is í an Araibis an ceann is mó cainteoirí dúchais de na teangacha Seimíteacha. Teanga Sheimíteach í an Araibis, rud a fhágann go bhfuil an dúrud gaolta aici i measc teangacha ársa tábhachtacha an Mheán-Oirthir. Is iad na teangacha Seimíteacha ná: an Acáidis. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim—in Iaráic an lae inniu—a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na Suiméirise, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn ....

[ Níos mó ]

Samuel Beckett[athraigh foinse]

Úrscéalaí, drámadóir agus file Éireannach ba ea Samuel Beckett (13 Aibreán 1906 – 22 Nollaig 1989). Tugtar léiriú diúltach ar an staid dhaonna i saothar Beckett. Is é rí na "Téatar na hÉigéille" é. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Beckett sa bhliain 1969 as a chuid scríbhneoireachta Toghadh Beckett mar Shaoi d’Aosdána sa bhliain 1984. Cailleadh é i bPáras de bharr fadhbanna riospráide ....

[ Níos mó ]