Urjala
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
|
|||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Daonra | |||||||||||
Iomlán | 4,829 (2017) ![]() | ||||||||||
Teanga, nó leagan teanga | An Fhionlainnis ![]() | ||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||
Cuid de | Pirkanmaa (en) ![]() ![]() | ||||||||||
Ar theorainn le | |||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||
Cruthú | 1868 | ||||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||||
Comhlacht reachtach | Urjala municipal council (en) ![]() ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||
Eile | |||||||||||
Suíomh gréasáin | urjala.fi ![]() |
Ceantar san Fhionlainn is ea Urjala (Urdiala as Sualainnis, cé nach n-úsáidtear an leagan Sualainnise go minic inniu). Tá Urjala suite i gcúige na Fionlainne Thiar, nó i gcúige traidisiúnta na Tabhastlainne. Tá 5540 duine ina gcónaí ansin. Tá Urjala ag críochantacht le Forssa, Humppila, Kylmäkoski, Kalvola, Tammela, Punkalaidun, Vesilahti, agus Vammala.
Is í an Fhionlainnis an t-aon teanga dhúchasach amháin a labhraítear in Urjala, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt sa Tabhastlann.
Nuutajärvi - Sráidbhaile na Gloine[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é "sráidbhaile na gloine" (lasikylä), Nuutajärvi, an áit is mó le rá in Urjala inniu. Is iad na séiteoirí traidisiúnta gloine a thuill a clú do Nuutajärvi, agus is féidir earraí gloine a cheannach sa sráidbhaile a séideadh de réir na seanmhodhanna oibre. Tá radharc ag na daoine ar an gceárta gloineadóireachta, i gcruth is go bhfeiceann siad an dóigh a bhfuiltear ag séideadh gloine. Bunaíodh monarcha gloine Nuutajärvi sa bhliain 1793, agus is í an mhonarcha gloine is sine san Fhionlainn. Tá scoil séiteoireachta gloine san áit freisin.
I nDilchuimhne ar Väinö Linna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is follasach nach ligtear cuimhne Väinö Linna i ndearmad ach an oiread. Gach bliain, ceiliúrtar Féile Pentinkulma, nó Pentinkulman päivät, in Urjala, agus na scríbhneoirí is an lucht léinn ag teacht le chéile i ndeireadh Mhí Iúil nó i dtús Mhí Lúnasa le tábhacht an scríbhneora i gcultúr na Fionlainne a phlé nó le gnéithe de stair na Fionlainne a chardáil a bhfuil baint acu le saol is le saothar Väinö Linna, ar nós an chogaidh chathartha. Is é cumann cuimhneacháin Väinö Linna, nó Väinö Linnan seura, a chóiríonn an fhéile.