Nicitín
| Spriocghalar | ulcerative colitis (en) |
|---|---|
| Sonraí cliniciúla | |
| Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category D (en) |
| Grúpa cógaseolaíochta | nicotine-like alkaloid (en) |
| Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
| Foirmle | C10H14N2 |
| Mais mhóilíneach | 162.115698448 Da |
| Dlús | 1.01 g/cm³ |
| Leáphointe | −110 °F agus −79 °C |
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 54-11-5 |
| PubChem (SID) | 89594 |
| IUPHAR/BPS | 2585 |
| DrugBank | DB00184 |
| ChemSpider | 80863 |
| UNII | 6M3C89ZY6R |
| KEGG | C00745 |
| ChEBI | 17688 |
| ChEMBL | CHEMBL3 |
| PDB liogann ID | NCT |
| ECHA | 100.000.177 |

Is é an 3-[(2S)-1-meitilpioróilidín-2-il]piridín nó an nicitín an t-alcalóideach is cúis leis an dúil nimhe a chuireann na daoine sa tobac. I nduilleoga an phlanda tobac is mó atá an nicitín ar fáil (seasann sé do 0.6 - 3.0 % de mheáchan an tobac thirim), nó úsáideann an planda é mar nimh a choinníonn na feithidí ó na duilleoga. Sna laethanta a bhí, bhaineadh an duine daonna féin úsáid áirithe as an nicitín leis na feithidí a mharú, agus inniu féin, úsáidtear comhdhúile atá cosúil leis an nicitín ó thaobh a struchtúir agus a dtionchair de, ar nós imideaclóipríd.
Is féidir le tiúchan lag nicitín néaróga an duine a spreagadh, agus is dual don duine taitneamh a thabhairt don spreagadh seo agus dúil nimhe a chur sa nicitín dá thoradh sin. Tá sé thar a bheith deacair an nós sin a bhriseadh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |