Fuascailt Dheiridh
Appearance
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Endlösung der Judenfrage |
---|---|
Cineál | cinedhíothú |
B'í an Fhuascailt Dheiridh - nó Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí (Gearmáinis: Endlösung der Judenfrage) an t-ainm a bhí ag Adolf Hitler agus ag an rialtas Naitsíoch ar an bplean a bhí acu Giúdaigh na hEorpa a mharú. Ba chuid lárnach é de pholasaí na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda ón mbliain 1939 go dtí bás Hitler sa bhliain 1945. B'é Adolf Eichmann a chum is a cheap an téarma úd Endlösung. B'í Oibríocht Reinhard, nó marú na nGiúdach i nGobharnóireacht Ghinearálta na Polainne, sa bhliain 1942 an chéad mhóroibríocht a raibh baint aici leis an bhFuascailt Dheiridh. B'é an tUileloscadh, ina bhfuair ocht milliún Giúdach bás, príomhthoradh na scéime seo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Naitsíochas é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |