An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)
Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh ag an Gúm sa bhliain 1948 is ea An Braon Broghach. Cuid de luathshaothair an Chadhanaigh atá i gceist dar le roinnt léirmheastóirí agus braitear gur in An Braon Broghach a thagann Ó Cadhain chun aibíochta mar scríbhneoir. Roghnaigh An Club Leabhar an cnuasach mar leabhar acu. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, a chuir sé an díolaim gearrscéalta seo le chéile.
Is é is brí leis an teilgean cainte an braon broghach ná an chéad bhraon poitín a thagann as an stil nuair a bhítear ag déanamh poitín.
Scéalta an Chnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tnúthán an Dúchais
- An Gheis
- An Taoille Tuile
- Críonadh na Slaite
- An t-Aonú Fleasc Déag
- An Bhearna Mhíl
- An Bóthar go dtí an Ghealchathair
- An Bhliain 1912
- Ag Dul ar Aghaidh
- Lá Scíthe
- Oscailt an Dorais
Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aistríodh cuid de scéalta an chnuasaigh go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity (Leagan de An Bóthar go dtí an Ghealchathair) le hEoghan Ó Tuairisc. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |