An Braon Broghach
Cineál | bailiúchán gearrscéalta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Máirtín Ó Cadhain |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 1948 |
Foilsitheoir | An Gúm |
Seánra | bailiúchán gearrscéalta |
Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh an Gúm sa bhliain 1948 is ea An Braon Broghach. Cuid de luathshaothair an Chadhnaigh atá i gceist dar le roinnt léirmheastóirí agus braitear gur in An Braon Broghach a thagann Ó Cadhain chun aibíochta mar scríbhneoir. Roghnaigh An Club Leabhar an cnuasach mar leabhar dá gcuid. Le linn na tréimhse sin a chaith an Cadhnach sa Churrach a scríobh sé an díolaim gearrscéalta seo.
Is é is brí leis an teilgean cainte an braon broghach ná an chéad bhraon poitín a thagann as an stil nuair a bhítear ag déanamh poitín.
Scéalta an Chnuasaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tnúthán an Dúchais
- An Gheis
- An Taoille Tuile
- Críonadh na Slaite
- An t-Aonú Fleasc Déag
- An Bhearna Mhíl
- An Bóthar go dtí an Ghealchathair
- An Bhliain 1912
- Ag Dul ar Aghaidh
- Lá Scíthe
- Oscailt an Dorais
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aistríodh cuid de scéalta an chnuasaigh go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity (Leagan de An Bóthar go dtí an Ghealchathair) le hEoghan Ó Tuairisc. D'fhoilsigh Poolbeg Press Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |