Grigoriy Rasputin
(1916) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Григорий Распутин |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 9 Eanáir 1869 (Iúlach) Pokrovskoye (Impireacht na Rúise) |
| Bás | 17 Nollaig 1916 (Iúlach) 47 bliana d'aois Cathair Pheadair (Impireacht na Rúise) |
| Siocair bháis | Dúnbhású (Bá agus tráma balaistíoch) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Ceartchreidmheach an Oirthir |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | misteach, tuathánach, polaiteoir, diamhraí, manach |
| Teangacha | An Rúisis agus Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Praskovia Fyodorovna Dubrovina |
| Páiste | Maria Rasputin |

Bráthair siúil ab ea Grigoriy Yefimovich Rasputin (Gaelaithe uaireanta mar Raspúitín) a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na Rúise, Nioclás a Dó.
Rugadh Rasputin ar an 22 Eanáir, 1869 (ar an 10 Eanáir, de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir. Dúnmharaíodh Rasputin i gCathair Pheadair ar an 30 Nollaig, 1916.

Finscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt.
Mar shampla
- Deirtear gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh dá chuid cluanaireachta
- De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir.
- Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an haemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an Impire.

Sloinne coitianta é Rasputin sa Rúis, go háirithe sa tSibéir. Is dealraitheach nach bhfuil gaol ar bith ag an scríbhneoir Valentin Rasputin leis an mbráthair siúil.
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go dtí le déanaí, chreidtí gurbh é an Prionsa Feliks Yusupov a mharaigh Rasputin i gcomhcheilg le dornán comhchoirithe. Fear uasal Rúiseach a bhí ann agus é míshásta leis an tionchar a bhí ag leithéid Rasputin ar an Impire agus ar a bhean chéile ach go háirithe.
I ndiaidh bhás Rasputin, bhí Yusupov agus a chuid comhchoirithe ag cumadh scéalta áiféiseacha faoi chomh deacair is a fuair siad an bráthair siúil a mharú, agus iad ag iarraidh é a nimhiú le ciainíd, é a lámhach le piostail agus é a chnagadh le smachtíní. Chinn siad é a bhá in Abhainn Moika, ceann de na haibhneacha atá ag sní trí Chathair Pheadair.
De réir na fianaise atá ann inniu, áfach, ba é an Leifteanant Oswald Rayner, spiaire Sasanach a raibh aithne aige ar Yusupov, a scaoil an t-urchar a bhuail éadan Rasputin agus a mharaigh ar an toirt é.