Meitreo Pháras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Meitreo Pháras

Íomhá
Sonraí
CineálCóras mear-idirthurais
Cuid deÎle-de-France mobilités
Foirgníocht19 Iúil 1900 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla19 Iúil 1900 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Tomhas219.9 (fad) km
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPáras, An Fhrainc
Map
 48°51′25″N 2°21′05″E / 48.8569°N 2.3514°E / 48.8569; 2.3514
Le cuid27
Gníomhaíocht
Am oibriúcháin1900 –
ÚinéirRATP agus Île-de-France mobilités
OibreoirRATP
Cuairteoirí1,559,500,000 (2018)
Suíomh gréasáin oifigiúilratp.info
Facebook: RATPofficiel Twitter: RATPgroup Cuir in eagar ar Wikidata

Is mearchóras iarnród cathrach é Meitreo Pháras (Fraincis: Métro de Paris) atá suite i bPáras na Fraince. Is siombail den chathair é agus tá clú aige mar gheall ar ailtireacht na stáisiún agus a dtionchar Art Nouveau. Tá 16 líne sa chóras (tá an córas RER níos mó fós) agus tá an chuid is mó de na stáisiúin faoin talamh. Tá fad iomlán de 214 km (133 mi) ag an gcóras agus tá 302 stáisiún aige. Toisc go bhfreastalaíonn roinnt líne ar chuid de na stáisiúin, áfach, tá 384 stad san iomlán.[1]

Is iad na stáisiúin sa chóras na stáisiúin leis na heatraimh is dlúithe ar domhain—tá 245 stáisiún laistigh de theoireannacha chathair Pháras. Tá uimhir uathúil ag baint le gach aon líne sa chóras (1 go 14) ach tá dhá mhionlíne ann (3bis agus 7bis). Ar dtús bhí na mionlínte mar chuid de líne 3 agus de líne 7 ach ansin d’fhorbair siad go neamhspleách.

Aithnítear na línte ar léarscáileanna mar gheall ar a ndath agus a n-uimhir. Taispeántar treo an taistil le hainm an stáisiúin ceann aistir.

Is é an córas meitreo i bPáras an dara córas meitreo is gnóthaí ar domhain (tá Meitreo Mhoscó sa chéad áit).[2] Taistealaíonn 5,23 milliún paisinéir ar an meitreo gach lá (2012) agus breis is 1,388 billiún paisinéir san iomlán gach bliain. Is é Châtelet-Les-Halles an stáisiún faoi thalamh is mó ar domhan (freastalaíonn sé ar 5 líne meitreo agus 3 líne RER).[3]

Stair ghearr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Líne 5 ag dul trasna na Séine ar an tarbhealach Austerlitz.

Osclaíodh an chéad líne gan searmanas i mí Iúil, sa bhliain 1900, le linn mhórthaispeántas an domhain dar theideal “Exposition Universelle”. Fairsingíodh an córas go mear go dtí an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí croílár an chórais críochnaithe faoi na 1920idí. Tógadh síntí go dtí na bruachbhailte, mar aon le Líne 11, sna 1930idí.

Bhí an gréasán ró-sháithithe i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin, tugadh isteach traenacha nua chun sruth tráchta níos airde a cheadú. Tá deacracht ann maidir le tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh mar gheall ar dhearadh an ghréasáin (mar shampla na hachair ghairide idir na stáisiúin). Mar réiteach, tógadh gréasán eile dar ainm "RER". Forbraíodh an gréasán seo ó na 1960idí ar aghaidh.

Ag deireadh na 1990idí, tógadh uathlíne, líne 14, chun faoiseamh a thabhairt do líne A ón RER.

Ainm an chórais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é "Métro" ainm giorraithe an chuideachta a bhíodh i gceannas an ghréasáin ar dtús (Compagnie du chemin de fer métropolitain de Paris, dá ngaireadh "Métropolitain". Giorraíodh é sin go "Métro" go sciobtha.) Feidhmítear an Métro sa lá atá inniu ann ag údarás iompair phoiblí dar ainm Régie autonome des transports parisiens (RATP). Tá an t-údarás seo i gceannas ar chuid den ghréasán RER, ar sheirbhísí bus agus ar línte iarnróid éadroma. Bhí an t-ainm "métro" an-choiteann agus glacadh leis in a lán teangacha. Mar sin, is é an focail is úsáidte ar domhain chun cur síos ar chóras idirthurais uirbigh (go háirithe na córais a bhíonn faoi thalamh).

Úsáid ghinearálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaireanta oscailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

An gréasán mheitreo

Ritheann traenacha ó 0500 go 0100 a bheag nó a mhór ón Domhnach go dtí an Déardaoin. Tugtar "balai" (scuab) ar an traein dheireanach toisc go scaobann sí na paisinéirí deireanacha suas. Sroicheann an traein seo an stáisiún ceann aistir ag 01.15. Anois fanann an meitreo ar oscailt go dtí 02.15 gach Aoine [4], Sathairn agus oícheanta roimh lá saoire (ón 7 Mí na Nollag 2007).

Fanann an gréasán ar oscailt an oíche ar fad go páirteach Oíche Chaille, Fête de la Musique nó Nuit Blanche agus ócáidí eile.

Na traenacha á n-úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díoltar ticéid ag bothanna agus ag uathmheaisín i bhforhalla an stáisiúin. Téitear isteach sna stáisiúin trí uathgheata agus osclaítear na geataí sin agus cártaí cliste nó gnáth-thicéid á n-úsáid. Cuireann na geataí ticéid ar ais chun go bhféadfadh paisinéirí iad a choinneáil.

Rubar

Mar is gnách le córais mheitreo na hEorpa, ní osclaítear na doirse go huathoibríoch ar an gcuid is mó de na línte. Is gá luamhán a ardú (ar gach traein a rinneadh roimh 1977) nó cnaipe ar an doras a bhrú (rothstoc níos déanaí). Osclaítear doirse go huathoibríoch ar na traenacha is déanaí ar líne 1 agus ar líne 14 (agus níos minice ar líne 2, ar líne 5 agus ar líne 9). De réir teoirice, bheadh na traenacha sa stáisiún ar feadh tréimhse níos faide ná is gá toisc go mbíonn ar phaisinéirí na doirse a oscailt iad féin, ach bíonn Párasaigh láithreach agus na doirse á n-oscailt acu, áfach. Chomh maith leis sin, cuirtear na doirse ar chumas ag an tiománaí díreach roimh stad na traenach.

Ticéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar "t+" ar an ngáth-thicéad. Tá sé bailí do thuras leanúnach amháin. Féadfar é a úsáid ar an ngréasán mheitreo iomlán, ar bhusanna, ar thramanna agus i gcrios 1 den ghréasán RER. Ceadaítear leis an ticéad aistrithe neamtheoranta a dhéanamh agus an modh iompair céanna á úsáid (i.e. ó mheitro go meitro, ó bhus go bus agus ó thram go tram). Ceadaítear chomh maith aistrithe neamtheoranta a dhéanamh idir bus agus tram, agus idir meitreo agus crios 1 den ghréasán RER. Agus ag aistriú ó mheitreo go dtí an RER, caithfear an ticéad a choimeád. Ceanglaíonn an RER go mbeadh ticéad bailí ag paisinéirí chun dul isteach sa chóras, fiú má do thuras aistrithe amháin é. Cosnaíonn an ticéad seo 1,70€ nó 12,70€ do "carnet" (sin deich dticéad i leabhar).[5] Níl aon teorainn ama ag baint leis an "carnet".

Navigo

Úsáidtear an Carte Navigo go heisiatach ag táillí eile. Sin cárta cliste éadadhaill atá bunaithe ar aitheantas radaimhinicíochta (RFID).

Cuimsíonn táillí áirithe:

  • laethúil (Mobilis)
  • seachtainiúil (hebdomadaire nó "hebdo") nó míosúil (mensual)
  • bliantúil (intégrale, nó imagine R le haghaidh mac léinn)
  • Cárta taistil dar ainm Paris Visite. Tá sé ar fáil ar feadh lá amháin, ar feadh dhá lá, ar feadh trí lá nó ar feadh cúig lá. Clúdaíonn an ticéad seo crios 1 go crios 2 – sin lárionad Pháras, nó crios 1 go crios 6 – sin an gréasán ar fad agus an RER go dtí na haerfoirt, Versailles agus Disneyland Paris.

Tá ticéid speisialta don deireadh seachtaine ar fáil do dhaoine óige faoi 26 bliain (le ticket jeunes week-end).[6] Tá siad bailí ar Shathairn agus ar Dhomhnaí amháin agus do na dátaí atá sonraithe. Tá na praghsanna sa réimse ó 3,30€ (crios 1 go crios 3) go 8,20€ (gach crios).

RER

Achoimre theicniúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fad iomlán de 214 km (133 mi) ag an gcóras agus tá 300 stáisiún aige (384 stad), le 62 stáisiun ina stáisiún aistrithe.[1] Ní chuimsíonn na figiúirí sin an gréasán RER. Is é 562 m (1.845 ft) an meánfhad ó stáisiúin. Stopann traenacha ag gach stáisiún.[7] Ní chomroinneann línte ardáin, fiú ag stáisiúin aistrithe. Baineann sé sin le línte an ghréasán RER chomh maith.

Tá meánluas de 32 km san uair (22 mph) agus uasluas de 70 km san uair (44 mph) ag gach traein ach amháin na huath-thraenacha gan tiománaí i líne 14 a mbíonn luas de 80 km san uair acu. Tógann meánthuras ó stáisiún amháin go stáisiún eile 58 soicind. Taistilíonn traenacha ar an deis. Tá leithead caighdeánach i gceist sa rian iarnróid ach tá an leithead lódála níos lú ná ar an ngréasán SNCF. Tá na traenacha sa réimse ó trí charráiste go sé charráiste. Tagann fuinneamh ó tríú taobhiarnród (750V DC), ach amháin ar na línte le boinn rubair. Ar na línte sin, tagann an sruth ó threoirbharraí. Tá Línte 1, 4, 6, 11 agus 14 le boinn rubair.

Leanann an chuid is mó de na línte bóithre, toisc gur baineadh úsáid as an modh "gearr agus clúdaigh". Mar sin, leanann líne 1 an Champs-Elysées go díreach. Ar línte eile níl roinnt stáisiún agus a n-ardáin ailínithe (mar shampla Commerce): tá an tsráid ar an dromchla ró-chaol chun an dá ardán a chur i gcodarsnacht le chéile. Tá cuid den ghréasán an-domhain, go háirithe cuid de líne 12, a théann faoi Montmartre, agus líne 14 ar fad.

Rothstoc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Traein thipiciúil MP 59 ar líne 4 de Mheitreo Pháras

Tá traenacha le rothaí cruach ("MF" a sheasann do materiel fer) agus traenacha le boinn rubair ("MP" a sheasann do material pneu) sa rothstoc. Sonraítear cineálacha éagsúla na dtraenacha le bliain a ngréas (seachas bliain a n-úsáide).

  • Traenacha le boinn rubair
    • MP59: Líne 4 agus Líne 11 (Cuirfidh deireadh leis an gcineál seo ar Líne 4 de réir a chéile, nuair a aistreofar MP 89 CC ó Líne 1 sa deireadh)
    • MP 73: Líne 6
    • MP 89 CA: Líne 14
    • MP 89 CC: Líne 1 (Beidh siad aistrithe go Líne 4 ag tús 2008/9)
    • MP 05: Beartaítear an cineál seo a aistriú go Líne 1 faoi 2010 chomh luath agus a bheidh an líne sin uathoibrithe go hiomlán.
  • Traenacha le rothaí cruach
    • MF 67: Línte 2, 3, 5, 9, 10, 12 agus le trí charráiste ar 3bis
    • MF 77: Línte 7, 8 agus 13
    • MF 88: Líne 7bis
    • MF 2000: Beartaítear go mbeidh an cineál seo in úsáid ar linte 2, 5 agus 9 faoi 2007.

Línte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Línte mheitreo Pháras[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm an Líne Oscailte Síneadh is déanaí Stáisiúin Fad Meánstáisiún aistrithe Líon na dturas (sa bhliain) Stáisiúin cheann aistir
‎ Líne 1 1900 1992 25 16,6 km / 10,3 mi 692 m 165.921.408 La Défense // Château de Vincennes
Líne 2 1900 1903 25 12,3 km / 7,7 mi 513 m 95.945.503 Porte Dauphine // Nation
Líne 3 1904 1971 25 11,7 km / 7,3 mi 488 m 91.655.659 Porte de Levallois // Gallieni
Líne 3bis 1971 1971 4 1,3 km / 0,8 mi 433 m 91.655.659 Porte des Lilas // Gambetta
Líne 4 1908 1910 26 10,6 km / 6,6 mi 424 m 155.348.608 Porte de Clignancourt // Porte d’Orléans
Líne 5 1906 1985 22 14,6 km / 9,1 m 695 m 92.778.870 Bobigny // Place d’Italie
Líne 6 1909 1942 28 13,6 km / 8,5 mi 504 m 104.102.370 Charles de Gaulle – Étoile // Nation
Líne 7 1910 1987 38 22,4 km / 13,9 mi 605 m 121.341.833 La Courneuve // Villejuif // Mairie d’Ivry
Líne 7bis 1967 1967 8 3,1 km / 1,9 mi 443 m 121.341.833 Louis Blanc // Pré Saint-Gervais
Líne 8 1913 1974 37 22,1 km / 13,8 mi 614 m 92.041.135 Balard // Créteil
Líne 9 1922 1937 37 19,6 km / 12,2 mi 544 m 119.885.878 Pont de Sèvres // Mairie de Montreuil
Líne 10 1923 1981 23 11,7 km / 7,3 mi 532 m 40.411.341 Boulogne // Gare d’Austerlitz
Líne 11 1935 1937 13 6,3km / 3,9 mi 525 m 46.854.797 Châtelet // Mairie des Lilas
Líne 12 1910 1934 28 13,9 km / 8,6 mi 515 m 81.409.421 Porte de la Chapelle // Mairie d’Issy
Líne 13 1911 2008 32 24,3 km / 15,0 mi 776 m 114.821.166 Châtillon – Montrouge // Saint-Denis // Les Courtilles
Líne 14 1998 2007 9 9 km / 5,6 mi 1.129 m 62.469.502 Saint-Lazare // Olympiades

An mearghréasán réigiúnach breise: an RER[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm an Líne Oscailte Síneadh is déanaí Stáisiúin Fad Meánstáisiún aistrithe Líon na dturas (sa bhliain)
‎ Líne A 1977 1994 46 108,5 km / 67,5 mi 2.411 m 272.800.000
Líne B 1977 1981 47 80,0 km / 49,8 mi 1.739 m 165.100.000
Líne C 1979 2000 84 185,6 km / 115,5 mi 2.184 m 140.000.000
Líne D 1987 1995 59 160,0 km / 99,6 mi 2.807 m 145.000.000
Líne E 1999 2003 21 52,3 km / 32,5 mi 2.615 m 60.000.000

Stáisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáisiún Saint-Paul.

De ghnáth, bíonn dhá lár-rian i stáisiún le dhá ardán de 4m ar leithead ar an imeall. Ach tá timpeall 50 eisceacht ann (go ginearálta stáisiúin atá nó a bhíodh mar cheann aistir); tá trí rian agus dhá ardán ag an gcuid is mó acu (mar shampla Porte d’Orléans), nó dhá rian agus lárardán (mar shampla Porte Dauphine). Tá rian amháin ag roinnt stáisiún, toisc go bhfuil tír-raon achrannach ann (Saint-Georges), go bhfuil sráid caol ar an dromchla (Liège) nó go bhfuil lúba riain ann (Église d’Auteuil).

Bhíodh fad na stáisiún 75 m ar dtús. Síneadh é sin go 90m ar línte le trácht trom (1, 3, 7, 8, 9), agus tá fad de 105m ag stáisiúin áirithe (ní úsáidtear an difríocht sin go dtí seo).

Tógadh stáisiúin, go ginearálta, gar don dromchla agus an modh "gearr agus clúdaigh" á úsáid. Tá síleálacha boghtaí ag na stáisiúin go ginearálta, leis. Tá síleálacha níos airde ag stáisiúin den iarghréasán Nord-Sud, toisc go mbíodh cáitéin ann. Tá eisceachtaí ann maidir le boghtaí gar don dromchla:

  • RER E, Magenta agus Haussmann St Lazare - stáisiúin gleoite
    Tá síleálacha cothroma atá déanta as miotal ag stáisiúin áirithe atá rí-ghar don dromchla, ar líne 1 go ginearálta (Champs-Elysées – Clémenceau).
  • Tá na stáisiúin ardaithe, go háirithe iad ar na línte imeallacha (líne 2 agus líne 6), déanta as bríce agus tá siad clúdaithe le díonbhrait ardáin (líne 2) nó le ceannbhrait ghloine (líne 6).
  • Tá síleálacha an-ard ag na stáisiúin ar an líne is nua (líne 14). Tá na hardáin sna stáisiúin sin dhá oiread leithead na ngáthstáisiún agus tá siad 120m ar fhad. Ó tharla nach bhfuil tiománaí ag na traenacha ar an líne sin, tá doirse ar na hardáin.

Tá roinnt scáilstáisiún i meitreo Pháras agus ní bhfreastalaítear iad le traenacha a thuilleadh.

Maisiú inti[cuir in eagar | athraigh foinse]

ligne 14

Maisítear hallaí na dtraenacha i meitreo Pháras i stíl a sainíodh ag oscailt an mheitreo sa bhliain 1900. Ón am sin, agus athchóirithe ilghnéitheacha déanta don mheitreo, tá meas fós ag oibreoirí an mheitreo do spiorad na haestéitidile sin.

Tá crétíleanna beaga bána ag gnáthstáisiúin le síleálacha boghtaí. Roghnaíodh na tíleanna seo toisc go raibh soilsiú leictreach ag tús na 1900idí an-neamhéifeachtach. Ó thús oibríocht an mheitreo, baineadh úsáid as na ballaí chun fógraíocht a dhéanamh. Frámaítear póstaeir sna stáisiúin is sine i dtíleanna daite a chuimsíonn ainm bhunoibreoir an ghréasáin (CMP nó Nord Sud). Maisítear stáisiúin ar an iarlíne Nord Sud (líne 12 agus líne 13) níos mionchúisí. De ghnáth, bíonn ainmneacha na stáisiún inscríofa le litreacha bána ar phlaiceanna gorma miotalacha (CMP) nó bíonn an t-ainm scríofa i dtíleanna bána ar chúlrach tíleanna gorma (Nord Sud).

station art nouveau de la porte Dauphine (Hector Guimard)

Rinneadh an chéad athchóiriú i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ag an am sin, cuireadh lonráin sruthshoilsiúcháin isteach agus aithníodh go raibh an buntíliú i drochstaid. Dá bhrí sin, rugadh trí phríomhstíl maisithe ina dhiaidh.

  • Idir 1948 agus 1967, chuir RATP cásálacha caighdeánacha daite miotalacha ballaí isteach i 73 stáisiún (École Militaire).
  • Ó dheireadh na 1960idí cuireadh stíl nua isteach i dtimpeall 20 stáisiún. Tugadh stíl "Mouton-Duvernet" ar an stíl seo toisc go maisíodh an stáisiún seo ar dtús. Cuireadh tíleanna neamhbheibhealta i ndoimhneachtaí éagsúla d’oráiste, a bhí 2m ar fhad, in ionad na mbuntíleanna bána. Bhí sé ar intinn ag na pleanálaithe go mbeadh na dathanna sin teolaí agus beoga, ach bhí an t-athchóiriú sin neamhchoiteann. Mar sin, agus de thoradh an chlár "Renouveau du métro", cealaíodh an maisiú sin.
  • station art nouveau de la porte Dauphine (Hector Guimard)
    Ón mbliain 1975, athmhaisíodh stáisiúin áirithe sa stíl Motte. Chuir an stíl sin béim ar na buntíleanna bána ach tugadh deismireachtaí datha do shuiteacha solais, do shuíochánra agus do bhallaí na dtollán aistrithe. Tá suíocháin agus suiteacha solais le cruthanna dána sa stíl ina dhiaidh sin dár ainm "Ouï Dire".

Tá maisiúcháin leithleacha ag roinnt stáisiún chun tábhacht chultúrtha a láithreacha a léiriú. Ba é Louvre – Rivoli ar líne 1 an chéad stáisiún chun a bheith maisithe mar seo. Tá cóipeanna sárshaothar, atá curtha ar taispeáint sa mhúsaem thuas, timpeall an stáisiúin. Samplaí suaitheanta eile de stáisiúin le téamaí maisiúchán ná Bastille (líne 1), Saint-Germain-des-Prés (líne 4), Cluny – La Sorbonne (líne 10) agus Arts et Métiers (líne 11).

Maisiú seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is siombailí íocónacha i bPáras iad bunbhealaí isteach an mheitreo sa stíl art nouveau. Tá 83 sampla fós ann inniu. Hector Guimard a dhear na bealaí isteach agus bhí iontas agus conspóid i bPáras nuair a rinne sé iad sa bhliain 1900. Tá dhá phríomhleaganacha ann:

  • Tá ceannbhrait ghloine ag na bealaí is ilchasta. Tá trí cinn fós ann: Porte Dauphine, Abbessess agus an crosbhealach idir Rue des Halles agus Rue Sainte-Opportune.
  • Tá balastráid iarainn theilgthe atá maisithe i móitífeanna plandaí, agus comhartha "Métropolitain" atá treisithe le dhá chruinneog oráiste ar bharr tacaí iarainn theilgthe i bhfoirm lorgaí plandaí leis, ag na bealaí isteach eile. Tá ceann de na bealaí isteach sin ag stáisiún Metro Bellas Artes i gCathair Mheicsiceo (cé go bhfuil comhartha "Metro" ann), toisc go n-ofráileadh mar bhronntanas é i gcomaoin mhúrmhaisiú Huichol atá curtha ar taispeáint sa stáisiún Palais Royal – Musée du Louvre sa lá atá inniu ann. Thug Páras macasamhail na mbealach isteach sin do Chicago sa bhliain 2001. Cuireadh na macasamhala sin ag an mbealach isteach do stáisiún Van Buren Street den Metra Rail in Chicago, Illinois ag Aibhinne South Micigan agus Sráid East Van Buren. Tá "Metra" scríofa ar an gcomhartha.

Tá bealaí isteach an mheitreo i bhfad níos simplí sa lá atá inniu ann.

  • art nouveau
    Roghnaíodh balastráidí cloiche clasaiceacha do stáisiúin tosaigh áirithe i láithreacha suntasacha (Franklin D Roosevelt, République).
  • Tá balastráidí miotalacha níos simplí i dteannta le comhartha "Métro" le lampa sféarúil i stáisiúin tosaigh eile (Saint-Placide).
  • Ó na 1970idí ar aghaidh, tógadh bealaí isteach le balastráidí íostaigh atá déanta as cruach dhosmálta (Havre – Caumartin). D’éirigh cuaillí eolais leis an litir "M" amháin an norm i ndiaidh an chogaidh (Olympiades, a osclaíodh sa bhliain 2007).

Tá ailtireacht bhunaidh iomláin ag roinnt bhealach isteach stáisiúin (Saint-Lazare), agus tá cuid acu iomlánaithe i bhfoirgnimh chónaithe nó i bhfoirnimh neamhspleácha (Pelleport).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus Meitreo Pháras á fhorbairt i dtosach, tochlaíodh na rianta ag leibhéal na sráide faoin aer agus ansin clúdaíodh iad níos déanaí.

Faoin mbliain 1845, bhí cathair Pháras agus na cuideachtaí iarnróid a bhí ann cheana ag plé córas iarnróid uirbeach a thógáil a nascfadh ioncheantair na cathrach. Theastaigh ó na cuideachtaí iarnróid a línte a raibh ann cheana a shíneadh go gréasán nua faoin talamh, cé gur theastaigh ón gcathair gréasán nua agus neamhspleách a thógáil. Mhair an t-easaontas seo ón mbliain 1856 go dtí 1890. Idir an dá linn, mhéadaigh daonra na cathrach agus chuaigh an plódú tráchtú ó smacht. Mar sin, bhí brú ar na húdaráis de thoradh na leamhsháinne sin agus bhí an chathair in ann a fís a chur i bhfeidhm.

Tionscadal Fulgence Bienvenüe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 20 Aibreann 1896, glacadh an tionscadal Fulgence Bienvenüe ag Páras, tionscadal a bhfreastalóidh ar an gcathair shonrach amháin. Bhí imní ar go leor Párasach go dtiocfadh lagdú ar shábháilteacht na cathrach dá sínfeadh línte amach do na bruachbhailte tionsclaíocha. Chuir Páras cosc ar shíneadh línte amach do na hion-bhruachbhailte agus, mar ráthaíocht, rithfeadh traenacha ar dheis i gcomórtas leis na línte bruachbhailteacha a bhí ann cheana, a rith ar chlé.

Fulgence Bienvenue

Osclaíodh an chéad líne (Porte Maillot – Porte de Vincennes) ar 19 Iúl 1990 le linn mhórthaispeantas an domhain i bPáras. Dearadh bealaí isteach na stáisiún sa stíl art nouveau. Hector Guimard a dhear na bealaí isteach. Tá 86 dá bhealaí isteach fós ar marthain.

Bhí sé mar aidhm ag tionscadal Fulgence Bienvenüe 10 líne a thógáil, a fhreagraíonn do líne 1 go líne 9 an lae atá inniu ann. Bhí an tógáil an-dian agus faoi 1920, cé go ndearnadh roinnt athruithe ar an sceideal, bhí an chuid is mó de na línte críochnaithe.

Bhí sé mar choincheap líne 1 agus líne 4 a thógáil mar lárlíne soir-siar agus lár líne thuaidh-theas. Beartaíodh dhá líne ciorclach a thógáil, ligne 2 Nord (líne 2 Thuaidh) agus ligne 2 Sud (líne 2 Theas), ach cumascaíodh líne 2 Theas le líne 5 sa bhliain 1906.

Bhí líne 3 mar líne soir-siar breise ó thuaidh líne 1 agus bhí líne 5 mar líne thuaidh-theas breise soir ó líne 4. Rithfeadh líne 6 ó Nation go dtí Place d’Italie. Cheanglódh líne 7, líne 8 agus líne 9 na ceantair tráchtála agus na ceantair oifige timpeall Opéra do na ceantair chónaithe thoir thuaidh agus thiar theas.

Bheartaigh Bienvenüe líne ciorclach, ligne circulaire intérieure, a thógáil a gceanglódh na sé phríomhstáisiún traenach. Osclaíodh roinn sa bhliain 1923 idir Invalides agus Boulevard Saint-Germain ach tréigeadh an plean sa deireadh.

Nord-Sud: an gréasán iomaitheora[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíl thipiciúil Nord-Sud, ar an iarlíne A (líne 12 sa lá atá inniu ann)

Ar 31 Eanáir 1904, deonaíodh an dara lamháltas do chuideachta dár ainm Société du chemin de fer électrique souterrain Nord-Sud de Paris (Cuideachta iarnróid leictrigh faoi thalamh Thuaidh-Theas i bPáras) dá ngaireadh cuideachta Nord-Sud (Thuaidh-Theas). Bhí sé freagrach as trí líne beartaithe a thógáil:

  • Cheanglódh líne A Montmartre do Montparnasse mar líne thuaidh-theas breise siar ó líne 4
  • Freastalódh líne B siar ó thuaidh ó Pháras arna cheangail stáisiún Saint-Lazare do Porte de Clichy agus Porte de Saint-Ouen
  • Freastalódh líne C siar ó dheas ó Pháras arna cheangail stáisiún Montparnasse do Porte de Vanves.

Osclaíodh líne A sa deireadh an 4 Mí na Samhna 1910, tar éis dó bheith iarchurtha de thoradh tuile i bPáras a tharla in Eanáir den bhliain sin. Osclaíodh líne B an 26 Feabhra 1911. De bharr na gcostas foirgníochta ard, iarchuireadh tógáil líne C. Bhain an chuideachta Nord-Sud agus an chuideachta C.M.P. úsáid as traenacha comhoiriúnacha a bhféadfadh rith ar gach gréasán. Rinne an chuideachta Nord-Sud idirdhealú idir í féin agus a hiomaitheoir, áfach, toisc go raibh maisiú ardchaighdeáin ina stáisiúin.

Níor éirigh Nord-Sud brabúsach agus sa deireadh bhí féimheacht dosheachanta. Faoi dheireadh na bliana 1930, cheannaigh C.M.P. Nord-Sud. Anois, tugadh líne 12 ar líne A agus líne 13 ar líne B. Níor tógadh líne C riamh.

Timpistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 10 Lúnasa 1903: Tubaiste Couronnes (tine), maraíodh 84.
  • 30 Lúnasa 2000: Cuireadh rothstoc MF 67 de na ráillí ag stáisiún Notre-Dame-de-Lorette de thoradh luais iomarcaigh agus uathchúrsóireachta dofhaighte. Gortaíodh 24.
  • 6 Lúnasa 2005: Bhris tine amach ar thraein ag stáisiún Simplon. Gortaíodh 19 ar a laghad roimh an tine a mhúchadh. Fógraíodh ag tuairiscí luath gur gearrchiorcad leictreach ba chúis leis an tubaiste.
  • 29 Iúil 2007: Bhris tine amach ar thraein idir stáisiún Varenne agus stáisiún Invalides. Gortaíodh 15.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Statistiques STIF rapport 2005 [1] Curtha i gcartlann 2008-02-28 ar an Wayback Machine states 297 stations + Olympiades + Les Agnettes + Les Courtilles
  2. Metro systems by annual passenger rides
  3. http://www.ratp.fr/common/ressources/concertation_p1.pdf
  4. "Press statement from RATP 2 October 2007". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Márta 2009. Dáta rochtana: 28 Nollaig 2009.
  5. http://www.ratp.info/informer/ticket_t_plus.php
  6. http://www.ratp.info/informer/ticket_jeune.php
  7. Ar 1 Eanáir 2006, rinneadh tástáil san oíche agus osclaíodh roinnt línte ag príomhstadanna amháin