Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Eanáir
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Satharn, 2 Meitheamh 2012 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
| << | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí Eanáir |
>> | ||||
| Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
| 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 |
| 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 |
| 15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 |
| 22 | 23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 |
| 29 | 30 | 31 | ||||
| Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2012 |
||||||
Is é an 1 Eanáir an 1ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tugtar Lá Caille nó Lá Nollag Beag air.
- 1766 – Cailleadh Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, "Séamus III" de réir na Seacaibíteach (r. 1688)
- 1901 – Ceiliúradh céad bliain Acht na hAontachta. Stop na húdaráis cruinniú de chuid an Irish League i mBéal Éasa i gContae Mhaigh Eo
- 1928 – Rugadh Iain Mac a' Ghobhainn, scríbhneoir (b. 1998)
- 1926 – Thosaigh seirbhís Raidió na hÉireann ar an lá seo. Chuir Dubhghlas de hÍde tús léi go poiblí
- 1945 – Bunaíodh Córas Iompair Éireann, agus chuaigh A.P. Reynolds i gceannas air
- 1957 – D'ionsaigh an tIRA beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon, agus fuair Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain bás sa teagmháil
- 1982 – Rugadh Joe Gamble, imreoir sacair Éireannach
- 2002 – Tháinig an t-euro in áit an phunt mar airgeadra in Éirinn
- 2009 – Cailleadh Helen Suzman, polaiteoir de chuid na hAfraice Theas (r. 1917)
Tuilleadh teagmhais: 31 Mí na Nollag – 1 Eanáir – 2 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Eanáir an dara lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 363 lá fágtha sa bhliain nó 364 i mbliain bhisigh.
- 1870 – Cuireadh tús le tógáil an Brooklyn Bridge i Nua Eabhrac
- 1900 – Osclaíodh Canáil Chicago
- 1907 – Chuaigh an chéad traein ó Shráid Amien go Binn Éadair
- 1920 – Rugadh Isaac Asimov, scríbhneoir ficsin eolaíochta (b. 1992)
- 1922 – Foilsíodh an chéad eagrán de Poblacht na hÉireann, iris a bhunaigh na Poblachtánaigh le cur in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh
- 1941 – D'ionsaigh eitleáin bhuamála na Gearmáine Éire de thaisme. Fuair triúr ban bás i gContae Cheatharlach, agus gortaíodh cuid mhaith daoine sa phríomhchathair féin
- 1944 – Thug an Kerlogue, long Éireannach, 164 Gearmánach go dtí An Cóbh tar éis iad a tharrtháil amuigh ar an teiscinn mhór. Chuaigh a long féin i dtóin phoill nuair a bhuail toirpéad í
- 1959 – Ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista an lá roimhe sin
- 1971 – Cuireadh cosc ar fhógraíocht tobac ar an teilifís sna Stáit Aontaithe
- 1984 – Rugadh Denis Behan, imreoir sacair
- 2009 – Cailleadh Tony Gregory (r. 1947)
Tuilleadh teagmhais: 1 Eanáir – 2 Eanáir – 3 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Eanáir an triú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 362 lá fágtha sa bhliain nó 363 i mbliain bhisigh.
- 1883 – Rugadh Clement Attlee, príomh-aire na Ríochta Aontaithe (b.1967)
- 1892 – Rugadh J. R. R. Tolkien, scríbhneoir Sasanach (b. 1873)
- 1921 – Tionóladh an chéad chruinniú i bParliamint na hIndia
- 1926 – Rugadh George Martin, léiritheoir ceoil
- 1946 – Rugadh John Paul Jones, ceoltóir (Led Zeppelin)
- 1946 – Cailleadh William Joyce ("Lord Haw Haw") craoltóir Naitsíoch a cuireadh chun báis
- 1956 – Rugadh Mel Gibson, aisteoir, in Astráil
- 1964 – Tháinig an Banphrionsa Margaret agus Tiarna Snowdon ar cuairt go hÉirinn
- 1967 – Cailleadh Jack Ruby, marfóir (r.1911)
- 1969 – Rugadh Michael Schumacher, tiománaí Foirmle a hAon
- 2007 – Cailleadh Michael Yeats, polaiteoir agus mac le W. B. Yeats (r.1921)
Tuilleadh teagmhais: 2 Eanáir – 3 Eanáir – 4 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Eanáir an ceathrú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 361 lá fágtha sa bhliain nó 362 i mbliain bhisigh.
- 1643 – Rugadh Isaac Newton, fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (b.1727)
- 1785 – Rugadh Jacob Grimm, scríbhneoir Gearmánach (b.1863)
- 1926 – Bunaíodh an chéad chlub eitleoireachta in Éirinn in Óstán Hibernian, Baile Átha Cliath
- 1937 – D'fhág Príomh-Raibí na hÉireann, an Dochtúir Isaac Herzog, Éire le haghaidh a thabhairt ar Iarúsailéim, áit a raibh post nua ag fanacht leis
- 1961 – Cailleadh Erwin Schrödinger, fisiceoir (r.1887)
- 1965 – Cailleadh T. S. Eliot, scríbhneoir (r.1888)
- 1969 – D'ionsaigh na Protastúnaigh lucht na máirseála ag Droichead Bhun Tolaid
- 1974 – Dhiúltaigh na hAontachtóirí do Chomhaontú Sunningdale ag cruinniú i mBéal Feirste
- 1977 – Rugadh Dónal Ó Sheancháin, iománaí
- 1986 – Cailleadh Phil Lynott, amhránaí Éireannach as Thin Lizzy
- 1999 – Tháinig an tEuro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil
- 2005 – Cailleadh Ali al-Haidri, gobharnóir ar Bhagdad (feallmharú)
Tuilleadh teagmhais: 3 Eanáir – 4 Eanáir – 5 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.
- 1762 – Cailleadh Éilís, banimpire na Rúise (r.1709)
- 1839 – Oíche na Gaoithe Móire
- 1930 – Rugadh Buzz Aldrin, spásaire Meiriceánach
- 1922 – Cailleadh Ernest Shackleton, taiscéalaí (r.1874)
- 1932 – Rugadh Umberto Eco, scríbhneoir Iodálach
- 1933 – Cailleadh Calvin Coolidge, 30ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1872)
- 1936 – Cailleadh Ramón del Valle-Inclán, drámadóir agus úrscéalaí Spáinneach (r.1866)
- 1938 – Rugadh Juan Carlos, rí na Spáinne
- 1956 – Rugadh Frank-Walter Steinmeier, polaiteoir Gearmánach
- 1976 – Cailleadh John A. Costello, 2ú Taoiseach na hÉireann (r.1891)
Tuilleadh teagmhais: 4 Eanáir – 5 Eanáir – 6 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Eanáir an séú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 359 lá fágtha sa bhliain nó 360 i mbliain bhisigh. De réir traidisiún, tugtar Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan ar an lá seo in Éirinn.
- 1367 – Rugadh Risteard II, rí Shasana (b.1400)
- 1822 – Rugadh Heinrich Schliemann, fear gnó agus seandálaí (b.1890)
- 1884 – Cailleadh Gregor Mendel, eolaí (r.1822)
- 1919 – Cailleadh Theodore Roosevelt, 26ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1858)
- 1946 – Rugadh an cheoltóir le Pink Floyd, Syd Barrett, faoin ainm Roger Keith Barrett (b.2006)
- 1956 – Rugadh Elizabeth Strout, scríbhneoir
- 1980 – Rugadh Steed Malbranque, imreoir sacair
- 2009 – Cailleadh Ron Asheton, giotáraí (r.1944)
Tuilleadh teagmhais: 5 Eanáir – 6 Eanáir – 7 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Eanáir an seachtú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 358 lá fágtha sa bhliain nó 359 i mbliain bhisigh.
- 1536 – Cailleadh Caitríona Aragón, céad bhean chéile Anraí VIII (r.1485)
- 1800 – Rugadh Millard Fillmore, 13ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1874)
- 1858 – Rugadh Eliezer Ben-Yehuda, iriseoir agus teangeolaí (b.1922)
- 1902 – Rugadh George Kingsley Zipf, teangeolaí Meiriceánach (b.1950)
- 1934 – Rugadh Tassos Papadopoulos, 5ú Uachtarán na Cipire
- 1975 – Cailleadh Sinéad de Valera, bean chéile polaiteoir Éireannacha Eamon de Valera (r.1878)
- 1982 – Rugadh Kenny Egan, dornálaí Éireannach
- 1986 – Cailleadh Juan Rulfo, scríbhneoir Meicsiceach (r.1918)
- 1989 – Cailleadh Hirohito, 124ú Impire na Seapáine (r.1901)
Tuilleadh teagmhais: 6 Eanáir – 7 Eanáir – 8 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Eanáir an ochtú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 357 lá fágtha sa bhliain nó 358 i mbliain bhisigh.
- 1324 – Cailleadh Marco Polo, taiscéalaí Veinéiseach (r.1254)
- 1642 – Cailleadh Galileo Galilei, 77, réalteolaí (r.1564)
- 1815 – Cath New Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 1871 – Rugadh James Craig, an chéad Príomh–Aire Thuaisceart Éireann (b.1940)
- 1935 – Rugadh Elvis Presley, ceoltóir (b. 1977)
- 1942 – Rugadh Stephen Hawking, fisiceoir teoiriciúil Briotanach
- 1947 – Rugadh David Bowie, amhránaí agus aisteoir Sasanach
- 1996 – Cailleadh Francois Mitterrand, 21ú uachtarán na Fraince (r.1916)
- 2007 – Cailleadh David Ervine, polaiteoir (r.1953)
Tuilleadh teagmhais: 7 Eanáir – 8 Eanáir – 9 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Eanáir an naoiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 356 lá fágtha sa bhliain nó 357 i mbliain bhisigh.
- 1873 – Cailleadh Napoleon III, ceannaire ar an bhFrainc (r.1808)
- 1878 – Cailleadh Vittorio Emanuele II, Rí na hIodáile (r.1820)
- 1890 – Rugadh Karel Čapek, scríbhneoir (b.1938)
- 1908 – Rugadh Simone de Beauvoir, údar, fealsamh, agus iriseoir (b.1986)
- 1913 – Rugadh Richard M. Nixon, 37ú Uachtarán na Stát Aontaithe (b. 1994)
- 1929 – Rugadh Brian Friel, drámadóir
- 1941 – Rugadh Joan Baez, amhránaí agus cumadóir amhrán
- 1944 – Rugadh Jimmy Page, ceoltóir (Led Zeppelin)
- 1956 – Rugadh Imelda Staunton, aisteoir
Tuilleadh teagmhais: 8 Eanáir – 9 Eanáir – 10 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Eanáir an deichiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 355 lá fágtha sa bhliain nó 356 i mbliain bhisigh.
- 49 RC – Trasnaigh Iúil Caesar abhainn an Rubicone, ag cur tús le cogadh leis an Róimh
- 1778 – Cailleadh Carl von Linné, luibheolaí Sualannach (r.1707)
- 1880 – Rugadh Manuel Azaña, polaiteoir Spáinneach (b.1940)
- 1960 – Rugadh Brian Ó Comhain, 12ú Taoiseach
- 1963 – Rugadh Mark Pryor, polaiteoir Meiriceánach
- 1984 – Cailleadh Seán Mac an tSaoi, polaiteoir Éireannach & 5ú Tánaiste (r.1889)
Tuilleadh teagmhais: 9 Eanáir – 10 Eanáir – 11 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Eanáir an chéad lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 354 lá fágtha sa bhliain nó 355 i mbliain bhisigh.
- 347 – Rugadh Theodosius I, impire Rómhánach (b.395)
- 1957 – Rugadh Bryan Robson, iar-imreoir agus bainisteoir sacair
- 1966 – Cailleadh Hannes Kolehmainen (Hymyïlevä Hannes), lúthchleasaí Fionlannach (r.1889)
- 1962 – Maraíodh 4,000 duine i maidhm shléibhe a tharla i bPeiriú
- 1999 – Cailleadh Brian Moore, úrscéalaí (r.1921)
- 2008 – Cailleadh Edmund Hillary, sléibhteoir agus taiscéalaithe (r.1919)
Tuilleadh teagmhais: 10 Eanáir – 11 Eanáir – 12 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Eanáir an dara lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 353 lá fágtha sa bhliain nó 354 i mbliain bhisigh.
- 1729 – Rugadh Edmund Burke, scríbhneoir, fealsamh, polaiteoir (b.1797)
- 1885 – Rugadh Tomás Ághas, ceannaire Óglaigh na hÉireann (b.1917)
- 1893 – Rugadh Hermann Göring, polaiteoir agus ceannaire Gearmánach (b.1946)
- 1924 – Rugadh Matti Kassila, stiúrthóir scannán
- 1976 – Cailleadh Agatha Christie, úrscéalaí (r.1890)
Tuilleadh teagmhais: 11 Eanáir – 12 Eanáir – 13 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Eanáir an tríú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 352 lá fágtha sa bhliain nó 353 i mbliain bhisigh.
- 1599 – Cailleadh Edmund Spenser, file Sasanach (r.1552)
- 1887 – Rugadh Hedd Wyn, file (b.1917)
- 1917 – Rugadh Tarlach Ó hUid, scríbhneoir Éireannach (b.1990)
- 1941 – Cailleadh James Joyce, scríbhneoir, file (r.1882)
- 1960 – Rugadh Dolores Nic Chonmara, an bhean is ámharaí in Éirinn
- 1977 – Rugadh Orlando Bloom, aisteoir
- 1984 – Rugadh Glenn Whelan, imreoir sacair
Tuilleadh teagmhais: 12 Eanáir – 13 Eanáir – 14 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Eanáir an ceathrú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 351 lá fágtha sa bhliain nó 352 i mbliain bhisigh.
- 1742 – Cailleadh Edmund Halley, réalteolaí, matamaiticeoir agus fisiceoir Shasanach (r. 1656)
- 1753 – Cailleadh George Berkeley, fealsamh Éireannach (r. 1685)
- 1898 – Cailleadh Lewis Carroll, scríbhneoir Sasanach (r.1832)
- 1941 – Rugadh Faye Dunaway, aisteoir Meiriceánach
- 1957 – Cailleadh Humphrey Bogart, aisteoir (r.1899)
- 1968 – Rugadh LL Cool J, rapcheoltóir
- 1969 – Rugadh Dave Grohl, ceoltóir Meiriceánach
- 1973 – Rugadh Giancarlo Fisichella, tiománaí Foirmle a hAon
- 1988 – Cailleadh Georgy Malenkov, polaiteoir Sovéideach (r. 1902)
- 2006 – Cailleadh Shelley Winters, banaisteoir Meiriceánach (r. 1920)
Tuilleadh teagmhais: 13 Eanáir – 14 Eanáir – 15 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Eanáir an cúigiú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 350 lá fágtha sa bhliain nó 351 i mbliain bhisigh.
- 1622 – Rugadh Molière, drámadóir Francach (b.1673)
- 1919 – Cailleadh Rosa Luxemburg, fealsúnaí sóisialach (r.~1870)
- 1929 – Rugadh Martin Luther King, gníomhaí agus ceannaire Meiriceánach (b.1968)
- 1981 – Rugadh El-Hadji Diouf, imreoir sacair
- 1983 – Rugadh Keith Fahey, imreoir sacair
- 1988 – Cailleadh Seán MacBride, polaiteoir agus taidhleoir Éireannach (r.1904)
- 2001 – Tháinig an chiclipéid idirlíne as Béarla Wikipedia ar líne don chéad uair (Lá Wikipedia)
Tuilleadh teagmhais: 14 Eanáir – 15 Eanáir – 16 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Eanáir an séú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 349 lá fágtha sa bhliain nó 350 i mbliain bhisigh.
- 1901 – Rugadh Fulgencio Batista, deachtóir agus uachtarán Chúba (b.1973)
- 1940 – Rugadh Franz Müntefering, polaiteoir Gearmánach
- 1933 – Rugadh Susan Sontag, scríbhneoir Meiriceánach (b. 2004)
- 1956 – Rugadh Martin Jol, bainisteoir, agus iar-pheileadóir sacair
- 1982 – Cailleadh Ramón J. Sender, scríbhneoir Spáinneach (r. 1901)
- 1984 – Rugadh Craig Beattie, imreoir sacair
- 1995 – Taispeánadh an chéad chlár de Star Trek: Voyager
Tuilleadh teagmhais: 15 Eanáir – 16 Eanáir – 17 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Eanáir an seachtú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 348 lá fágtha sa bhliain nó 349 i mbliain bhisigh.
- 1860 – Rugadh Dubhghlas de hÍde, 1ú Uachtarán na hÉireann (b.1949)
- 1863 – Rugadh David Lloyd George, polaiteoir Briotanach (b.1945)
- 1893 – Cailleadh Rutherford B. Hayes, 19ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1822)
- 1899 – Rugadh Al Capone, drongadóir Iodáil-Meiriceánach (b.1947)
- 1911 – Cailleadh Francis Galton, antraipeolaí (r.1822)
- 1942 – Rugadh Muhammad Ali, dornálaí Meiriceánach
- 1962 – Rugadh Jim Carrey, fuirseoir agus aisteoir Ceanadach
- 1964 – Rugadh Michelle Obama, dlíodóir Meiriceánach
- 2007 – Cailleadh Séan Mac Réamoinn, craoltóir Éireannach (r.1921)
- 2008 – Cailleadh Bobby Fischer, sármháistir fichill (r.1943)
Tuilleadh teagmhais: 16 Eanáir – 17 Eanáir – 18 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Eanáir an ochtú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 347 lá fágtha sa bhliain nó 348 i mbliain bhisigh.
- 1862 – Cailleadh John Tyler, 71, 10ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1790)
- 1930 – Rugadh Breandán Ó hEithir, údar, craoltóir agus iriseoir (b.1990)
- 1933 – Rugadh John Boorman, stiúrthóir scannáin
- 1936 – Cailleadh Rudyard Kipling, 70, údar agus file (r.1865)
- 1937 – Rugadh John Hume, iar-pholaiteoir
- 1947 – Rugadh Takeshi Kitano, stiúrthóir scannáin
- 1977 – Rugadh Neale Fenn, imreoir sacair
- 1980 – Rugadh Robert Green, imreoir sacair
- 1982 – Cailleadh Huang Xianfan, staraí Síneach (r.1892)
Tuilleadh teagmhais: 17 Eanáir – 18 Eanáir – 19 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Eanáir an naoú lá déag den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 346 lá fágtha sa bhliain nó 347 i mbliain bhisigh.
- 1809 – Rugadh Edgar Allan Poe, scríbhneoir (b.1849)
- 1848 – Rugadh Matthew Webb, mairnéalach agus snámhóir (b.1883)
- 1920 – Rugadh Javier Pérez de Cuéllar, 5ú Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe
- 1942 – Rinne an tSeapáin ionradh ar Burma
- 1943 – Rugadh Janis Joplin, amhránaí agus cumadóir ceoil (b.1970)
- 1946 – Rugadh Dolly Parton, ceoltóir Meiriceánach
- 1968 – Cailleadh Alfred Chester Beatty, fear gnó agus bailitheoir (r.1875)
- 1969 – Rugadh Steve Staunton, iar-imreoir sacair
- 2006 – Cailleadh Wilson Pickett, amhránaí (r.1941)
Tuilleadh teagmhais: 18 Eanáir – 19 Eanáir – 20 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Eanáir an fichiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 345 lá fágtha sa bhliain nó 346 i mbliain bhisigh.
- 1775 – Rugadh André-Marie Ampère, fisiceoir Francach (b.1836)
- 1907 – Cailleadh Dmitri Ivanovich Mendeleev, ceimiceoir (r.1834)
- 1936 – Cailleadh Seoirse V, rí na Ríochta Aontaithe (r.1865)
- 1949 – Rugadh Göran Persson, 31ú Príomh-Aire na Sualainne
- 1960 – Rugadh Ján Figeľ, polaiteoir Slóvacach
- 1993 – Cailleadh Audrey Hepburn, aisteoir Meiriceánach (r.1929)
- 1996 – Toghadh Iasar Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach
- 2005 – Cailleadh Per Borten, Príomh-Aire na hIorua (r.1913)
- 2009 – Ghlac Barack Obama mionn oifige Uachtaráin SAM
Tuilleadh teagmhais: 19 Eanáir – 20 Eanáir – 21 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Eanáir an 21ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 344 lá fágtha sa bhliain nó 345 i mbliain bhisigh.
- 1793 – Cailleadh Laoiseach XVI Rí na Fraince (r.1754)
- 1874 – Rugadh Séamas Ó Lorcáin (Big Jim Larkin), ceardchumannaí (b.1947)
- 1919 – Bunaigh parlaimint Éireannach breis-dhleathach Dáil Éireann
- 1919 – Thosaigh Cogadh na Saoirse in Éirinn i Sulchóit, Contae Thiobraid Árann
- 1922 – Rugadh Paul Scofield, aisteoir Sasanach (b.2008)
- 1924 – Cailleadh Vlaidímír Léinín, ceannaire agus réabhlóidí Cumannach (r.1870)
- 1950 – Cailleadh George Orwell (Eric Arthur Blair), úrscéalaí (r.1903)
- 1979 – Rugadh Brian O'Driscoll, imreoir rugbaí Éireannach
Tuilleadh teagmhais: 20 Eanáir – 21 Eanáir – 22 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Eanáir an 22ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 343 lá fágtha sa bhliain nó 344 i mbliain bhisigh.
- 1645 – Rugadh William Kidd, mairnéalach (b.1701)
- 1901 – Cailleadh Banríon Victoria I, banríon na Breataine (r.1819)
- 1905 – Sléacht Dhomhnach na Fola i gCathair Pheadair na Rúise
- 1953 – Rugadh Jim Jarmusch, stiúrthóir scannáin
- 1974 – Rugadh Joseph Muscat, polaiteoir Máltach
- 1973 – Cailleadh Lyndon B. Johnson, 36ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1908)
- 1973 – Tháinig Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach sa Chomhphobal Eorpach.
- 1980 – Rugadh Jonathan Woodgate, imreoir sacair
- 2008 – Cailleadh Heath Ledger, aisteoir (r.1979)
Tuilleadh teagmhais: 21 Eanáir – 22 Eanáir – 23 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Eanáir an 23ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 342 lá fágtha sa bhliain nó 343 i mbliain bhisigh.
- 1737 – Rugadh John Hancock, státaire Meiriceánach (b.1793)
- 1803 – Cailleadh Arthur Guinness, bríbhéir Éireannach (r.1725)
- 1556 – Maraíodh thart ar 830,000 duine i gcrith talún sa tSín
- 1936 – Rugadh Horst Mahler, iar-sceimhlitheoir de chuid Dhrong Baader-Meinhof
- 1941 – Táirgeadh níolón don chéad uair riamh sa Bhreatain
- 1989 – Cailleadh Salvador Dalí, ealaíontóir Spáinneach (r.1904)
- 2005 – Cailleadh Johnny Carson, fuirseoir agus Láithreoir teilifíse (r.1925)
Tuilleadh teagmhais: 22 Eanáir – 23 Eanáir – 24 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Eanáir an 24ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 341 lá fágtha sa bhliain nó 342 i mbliain bhisigh.
- 41 – Maraíodh an t-impire Rómhánach Caligula (r.12 AD)
- 1712 – Rugadh Friedrich II, rí na Prúise (b.1786)
- 1848 – Thosaigh Fuadar Óir Chalifornia
- 1888 – Rugadh Ernst Heinkel, dearthóir agus déantóir eitleán (b.1958)
- 1917 – Rugadh Ernest Borgnine, aisteoir (b.1958)
- 1961 – Cailleadh Aarne Haapakoski, iriseoir agus scríbhneoir Fionlannach (r.1904)
- 1965 – Cailleadh Winston Churchill, polaiteoir Briotanach (r.1874)
- 1984 – Rugadh Shaun Maloney, imreoir sacair
- 1987 – Rugadh Luis Alberto Suárez, imreoir sacair
Tuilleadh teagmhais: 23 Eanáir – 24 Eanáir – 25 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Eanáir an 25ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 340 lá fágtha sa bhliain nó 341 i mbliain bhisigh.
- 1627 – Rugadh Robert Boyle, fisiceoir agus ceimiceoir (b.1691)
- 1882 – Rugadh Virginia Woolf, scríbhneoir Sasanach (b.1941)
- 1933 – Rugadh Corazon Aquino, Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach
- 1938 – Rugadh Vladimir Vysotsky, amhránaí, file agus aisteoir (b.1980)
- 1947 – Cailleadh Al Capone, drongadóir Iodál-Meiriceánach (r.1899)
- 1951 – Rugadh M.J. Ó Nualláin, polaiteoir Éireannach
- 1952 – Cailleadh Sveinn Björnsson, uachtarán na hÍoslainne (r.1881)
- 1979 – Rugadh Beircheart Ó Conchúir, iománaí
- 1980 – Rugadh Xavier Hernández, imreoir sacair
- 1999 – Maraíodh thart ar 1,000 duine i gcrith talún sa Cholóim
Tuilleadh teagmhais: 24 Eanáir – 25 Eanáir – 26 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Eanáir an 26ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 339 lá fágtha sa bhliain nó 340 i mbliain bhisigh.
Inniu Australia Day san Astráil agus Lá na Saoirse sa Uganda.
- 1891 – Cailleadh Nikolaus Otto, cumadóir agus innealtóir Gearmánach (r.1832)
- 1904 – Rugadh Seán MacBride, polaiteoir agus taidhleoir (b.1988)
- 1918 – Rugadh Nicolae Ceausescu, ceannaire cumannach na Rómáine (b.1989)
- 1926 – Rugadh Paul Newman, aisteoir agus fiontraí Meiriceánach (b.2008)
- 1950 – Rugadh Jörg Haider, polaiteoir Ostarach (b.2008)
- 1963 – Rugadh José Mourinho, bainisteoir sacair
- 1963 – Rugadh Anders Fogh Rasmussen, príomh-aire na Danmhairge
- 2005 – Cailleadh Jackie Henderson, iar-imreoir sacair (r.1932)
Tuilleadh teagmhais: 25 Eanáir – 26 Eanáir – 27 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Eanáir an 27ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 338 lá fágtha sa bhliain nó 339 i mbliain bhisigh.
- 1756 – Rugadh Wolfgang Amadeus Mozart, cumadóir ceoil Ostarach (b.1791)
- 1832 – Rugadh Lewis Carroll, scríbhneoir Sasanach (b.1898)
- 1859 – Rugadh Wilhelm II, impire na Gearmáine, rí na Prúise (b.1941)
- 1901 – Cailleadh Giuseppe Verdi, cumadóir Iodálach (r.1813)
- 1933 – Rugadh Mohamed Al-Fayed, fear gnó
- 1940 – Cailleadh Isaak Babel, scríbhneoir (r.1894)
- 1944 – Rugadh Mairéad Corrigan, gníomhaíoch Éireannach
- 1999 – Cailleadh Gonzalo Torrente Ballester, scríbhneoir (r.1910)
Tuilleadh teagmhais: 26 Eanáir – 27 Eanáir – 28 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Eanáir an 28ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 337 lá fágtha sa bhliain nó 338 i mbliain bhisigh.
- 814 – Cailleadh Séarlas Mór, rí ar na Francaigh, Impire na Róimhe Naofa (r.~740idí)
- 1457 – Rugadh Anraí VII, rí Shasana (b.1509)
- 1547 – Cailleadh Anraí VIII, rí Shasana (r.1491)
- 1596 – Cailleadh Francis Drake, taiscéalaí Sasanach (r.~1540)
- 1932 – Thosaigh an tSín a ionradh ar an tSeapáin
- 1939 – Cailleadh William Butler Yeats, drámadóir agus file Éireannach (r.1865)
- 1951 – Cailleadh C. G. E. Mannerheim, uachtarán na Fionlainne (r.1867)
- 1955 – Rugadh Nicolas Sarkozy, uachtarán na Fraince
- 1956 – Rinne an amhránaí cáiliúil Elvis Presley a chéad thaispeántas ar an teilifís
- 1981 – Rugadh Elijah Wood, aisteoir Meiriceánach
- 1986 – Phléasc an t-árthach tointeála Challenger agus é ag éirí
Tuilleadh teagmhais: 27 Eanáir – 28 Eanáir – 29 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Eanáir an 29ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 336 lá fágtha sa bhliain nó 337 i mbliain bhisigh.
- 1737 – Rugadh Thomas Paine, scríbhneoir agus idéalaí (b.1809)
- 1820 – Cailleadh Seoirse III, rí na Ríochta Aontaithe (r.1738)
- 1843 – Rugadh William McKinley, 25ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1901)
- 1860 – Rugadh Anton Chekhov, drámadóir (b.1904)
- 1880 – Rugadh W.C. Fields, aisteoir (b.1946)
- 1880 – Rugadh Germaine Greer, scoláire agus scríbhneoir
- 1954 – Rugadh Oprah Winfrey, craoltóir, léiritheoir, agus ceannródaí teilifíse
- 1963 – Cailleadh Robert Frost, file (b.1874)
Tuilleadh teagmhais: 28 Eanáir – 29 Eanáir – 30 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Eanáir an 30ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 335 lá fágtha sa bhliain nó 336 i mbliain bhisigh.
- 1730 – Cailleadh Peadar II na Rúise, Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise (r.1715)
- 1808 – Tosaíonn obair ar Nelson's Pillar i mBaile Átha Cliath
- 1882 – Rugadh Franklin D. Roosevelt, 32ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe (b.1945)
- 1900 – Athaontaíodh Páirtí Parlaiminteach na hÉireann faoi cheannais Sheáin Mhic Réamoinn
- 1933 – Ainmníodh Adolf Hitler mar Sheansailéir na Gearmáine
- 1941 – Rugadh Dick Cheney, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe
- 1947 – Cailleadh Séamas Ó Lorcáin, (Big Jim Larkin) ceardchumannaí (r.1874)
- 1948 – Cailleadh Orville Wright ceannródaí eitlíochta (r.1871)
- 1948 – Cailleadh Mahatma Gandhi, ceannaire Indiach (r.1869)
- 1972 – Domhnach na Fola i nDoire, Tuaisceart na hÉireann
- 1981 – Rugadh Dimitar Berbatov, imreoir sacair
- 1981 – Rugadh Peter Crouch, imreoir sacair
- 1984 – Cailleadh Luke Kelly, ceoltóir The Dubliners (r.1940)
Tuilleadh teagmhais: 29 Eanáir – 30 Eanáir – 31 Eanáir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Eanáir an 31ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 334 lá fágtha sa bhliain nó 335 i mbliain bhisigh.
- 1797 – Rugadh Franz Schubert, cumadóir ceoil (b.1828)
- 1788 – Cailleadh Séarlas Éadbhard Stiúbhart, "Séarlas III" de réir na Seacaibíteach (r.1720)
- 1910 – Rugadh Giorgio Perlasca, fear gnó ón Iodáil (b.1992)
- 1913 – Bunaíodh an UVF
- 1915 – Rugadh Thomas Merton, manach agus scríbhneoir (b.1968)
- 1933 – Cailleadh John Galsworthy, 65, úrscéalaí (r.1867)
- 1956 – Rugadh Johnny Rotten, amhránaí agus ceoltóir Sasanach
- 1980 – Rugadh Gary Doherty, imreoir sacair
- 2006 – Cailleadh Ruairí Brugha, polaiteoir Éireannach (r.1917)
Tuilleadh teagmhais: 30 Eanáir – 31 Eanáir – 1 Feabhra
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Satharn, 2 Meitheamh 2012 (UTC) – Athnuaigh an leathanach