Eitleán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Airbus A320 de chuid an chomhlachta Finnair.
Boeing 737-300 de chuid Jet2.com, ar eitleán nua-aimseartha do phaisinéirí é.

Is éard is eitleán ann ná aerárthach sciatháin dhobhogtha. Go prionsabalta, is cóir thaistil í atá ceaptha le heitilt a dhéanamh, agus í níos troime ná an t-aer. Sin é an phríomhdhifríocht idir an t-eitleán agus an balún, nó bíonn na balúin agus na seipilíní níos éadroime ná an t-aer. An fórsa a bhaineann an t-eitleán den talamh agus a choinníonn ar eiteog í, is é sin, an t-ardú, cruthaítear é nuair atá sciathán an eitleáin ag gluaiseacht go sciobtha in éadan an aeir. Ansin, bailítear an t-aer taobh thíos den sciathán, ionas go sáraíonn brú an aeir taobh thíos an brú taobh thuas.

Focal firinscneach é "eitleán" sa Ghaeilge ("an t-eitleán mór", "sciatháin an eitleáin mhóra", "na heitleáin mhóra", "scairdinnill na n-eitleán mór"), ach is gnách forainmneacha baininscneacha a úsáid le tagairt don eitleán ("tháinig an t-eitleán inniu agus chonaic mé ag tuirlingt í").

Príomhpháirteanna an Eitleáin[athraigh | edit source]

Is iad príomhpháirteanna an eitleáin ná:

  • An Chabhail: Is éard atá ann ná an sorcóir fada ina bhfuil an criú suite, chomh maith leis an bpálasta - is é sin, na paisinéirí nó an lastas, má tá a leithéid á iompar ag an eitleán. Is minic a chuirtear inneall i dtosach na cabhlach in eitleáin bheaga, agus is anseo a bhíonn an breosla go minic, chomh maith. An chuid den chabhail ina bhfuil an píolóta ina shuí, tugtar cró an phíolóta nó an cró píolótaíochta uirthi. Tá an cró seo suite thuas ar an gcabhail nó i dtosach na cabhlach, agus fuinneoga ansin a chuireann ar chumas an chriú súil a chaitheamh timpeall.
  • An Sciathán. Tugtar aereiteog ar an gcuma ar leith atá ar thrasghearradh an sciatháin. Is é déanamh na haereiteoige a chinntíonn an t-ardú. Coinníonn an sciathán an t-eitleán socair ó thaobh a fad-aise de freisin. I gcúl an sciatháin atá na hailearáin a úsáidtear le suíomh an eitleáin timpeall na haise seo a choigeartú.
  • An Cobhsaitheoir Ingearach. Coinníonn an cobhsaitheoir ingearach an t-eitleán socair i gcoibhneas na haise ingearaí. Ar chúl an chobhsaitheora seo atá an stiúir, agus an píolóta ábalta an t-eitleán a chasadh ar chlé nó ar deis leis an stiúir.
  • An Cobhsaitheoir Cothrománach. Coinníonn an cobhsaitheoir cothrománach an t-eitleán socair timpeall na haise trasna. Ar chúl an chobhsaitheora seo atá an rialtán airde a úsáidtear le treo an eitleáin a chasadh síos nó suas.
  • An tInneall. Is féidir an t-inneall a shuíomh sa chabhail, faoin scáthán nó fiú faoin gcobhsaitheoir cothrománach. Is féidir úsáid a bhaint as lián agus é á chasadh ag inneall loiní (inneall frithingeach, inneall dócháin inmheánaigh) nó ag inneall tuirbín (inneall turba-liáin). Na heitleáin mhóra, áfach, agus na cinn is luaithe amuigh, bíonn siad á dtiomáint ag an scairdinneall.
  • Na Cosa Tuirlingthe, agus rothaí faoi na cosa le haghaidh tuirlingthe nó le gluaiseacht ("inleadh") a dhéanamh timpeall an aerfoirt.

Gléasra Rialaithe an Eitleáin[athraigh | edit source]

Gléasra Rialaithe i gcró píolótaíochta (Cessna 340A)

Is iad na gléis rialaithe a bhíonn le fáil i gcró an phíolóta ná:

  • An Luamhán Stiúrtha. Úsáidtear an luamhán stiúrtha leis an rialtán airde agus na hailearáin a stiúradh. Nuair a tharraingeoidh sé an luamhán isteach chuige féin, rachaidh an t-eitleán in airde, agus nuair a bhrúfaidh sé amach uaidh é, rachaidh an t-eitleán síos. Nuair a chuirfidh sé an luamhán i leataobh, rachaidh an t-eitleán ar leathmhaig freisin. Go tipiciúil, bíonn an luamhán stiúrtha suite idir glúnta an phíolóta.
  • Na Troitheáin Stiúrach. Úsáideann an píolóta na troitheáin seo leis an stiúir a oibriú. Nuair a bhrúfaidh sé an troitheán deas ar aghaidh, brúfar an troitheán clé ar gcúl as a stuaim féin, agus a mhalairt. In eitleáin áirithe, úsáidtear halmadóir in áit na dtroitheán, nó in éineacht leo.
  • An Scóig. Tá an scóig ann le tuilleadh luais a chur faoin eitleán, nó le luas a bhaint di. Bíonn a scóig féin ag gach inneall ar bhord na n-eitleán a bhfuil níos mó ná aon inneall amháin acu.
  • Na Coscáin. Úsáidtear na coscáin le siúl a bhaint den eitleán thíos ar talamh.

Sa bhreis air seo, tá gléasra ann leis na plapaí agus na bacóirí a oibriú. Cineál ailearáin bhreise iad na plapaí a leathfar amach nuair a thosóidh an t-eitleán ag tuirlingt. Cuireann na plapaí leis an bhfórsa ardaithe, agus buíochas leis na plapaí, is féidir le heitleáin an lae inniu tuirlingt ar rúidbhealaí níos giorra ná na cinn a bhí in úsáid sular tháinig na plapaí. Maidir leis na bacóirí, arís, a mhaláirt úsáid a bhainfear astu sin. Nuair a thiocfaidh an t-eitleán i dteagmháil le talamh, ardófar na bacóirí, ar plátaí ar dhroim an sciatháin iad, ionas go n-athrófar aereiteog an sciatháin. Bainfidh siad den fhórsa ardaithe, ionas go mbrúfar an t-eitleán in éadan an rúidbhealaigh. Tá a leithéid de rud ann agus aerchoscáin fós, agus iad ag cur leis an bhfrithchuimilt in aghaidh an aeir agus ag baint de luas an eitleáin.

Inniu, bíonn uathphíolóta ann freisin, is é sin, uathoibriú na ngnáthamh eitilte. Sular tháinig an t-uathphíolóta, chaithfeadh an píolóta bheith an-airdeallach ag ceartú threo an eitleáin, toisc go bhféadfadh gach soinneán gaoithe an meaisín a chur ar strae. Is léir gur chuir an síorairdeall sin an-strus ar an bpíolóta, agus ní bhíodh an tuirse i bhfad ag teacht. Nuair atá an t-uathphíolóta ag obair, áfach, coinníonn an t-eitleán a seantreo agus a seanairde as a stuaim féin.

Taispeánann an pictiúr seo conas a oibríonn an luamhán stiúrtha (B) ar na hailearáin (A) agus ar an rialtán airde (C). Úsáidtear na troitheáin leis an stiúir (D) a iompú.

Na hIonstraimí[athraigh | edit source]

Le cuidiú na n-ionstraimí, is féidir leis an bpíolóta bheith eolach ar na himthoscaí aeir, ar an dóigh a bhfuil na hinnill ag obair, agus araile. Is iad na hionstraimí is tábhachtaí ná:

  • An Táscaire Aerluais. Is ionann an t-aerluas agus luas an eitleáin i gcoibhneas an aeir ina timpeall (nach ionann é agus luas an eitleáin i gcoibhneas na talún, ar ndóigh, nó má bhíonn an t-eitleán ag dul in éadan na gaoithe, cuir i gcás, is léir go mbeidh an t-aer ag dul thart leis an eitleán níos luaithe ná an talamh).
  • An tAirdemhéadar. Is é an t-airdemhéadar a thaispeánann airde an eitleáin os cionn leibhéal na farraige.
  • An Táscaire Treochinn. Is é an treocheann aird chompáis an eitleáin de réir mar atá tosach an eitleáin ag pointeáil. Ní hionann an treocheann agus fíorthreo na heitilte, ós rud é go bhfuil an treo sin ag brath ar an ngaoth freisin.
  • An Léaslíne Thacair, nó an Léaslíne Shaorga, nó an Táscaire Sainstiúrach. Taispeánann an léaslíne thacair sainstiúir an eitleáin, is é sin, an bhfuil leathmhaig ar an eitleán agus an bhfuil tosach an eitleáin ag pointeáil suas nó síos - is é sin, suíomh agus staidiúir an eitleáin i gcomparáid le haiseanna tagartha.
  • An Comhordaitheoir Iompaithe: nuair a bheidh an píolóta ag casadh ar chlé nó ar deis, coinneoidh sé súil ar an ionstraim seo leis an eitleán a choinneáil cobhsaí.
  • Táscaire an Ráta Dreaptha a thaispeánann, an bhfuil an t-eitleán ag dul in airde (ag dreapadh) nó ag dul síos (ag titim).
  • Táscaire an tSuímh Chothrománaigh. Tugann an táscaire seo eolas cuimsitheach faoi shuíomh agus ghluaiseacht an eitleáin.
  • Ionstraimí a thugann eolas faoi oibriú na n-inneall.
  • Is féidir úsáid a bhaint as an leictreonaic leis na hionstraimí a thaispeáint ar chineál scáileán ríomhaire - taispeáint leachtchriostail, cuir i gcás - agus cead ag an bpíolóta iad a shaincheapadh mar is rogha leis féin. Bíonn cupla taispeáint den chineál seo i gcró píolótaíochta an eitleáin thipiciúil chomhaimseartha, is é sin, an phríomhthaispeáint eitilte agus an taispeáint aerloingseoireachta. Má tá taispeáintí den chineál seo ar bhord an eitleáin, deirtear go bhfuil "cró gloine" ar an eitleán. Sa "chró gloine" féin, áfach, bíonn na tomhsairí seanaimseartha meicniúla le feiceáil chomh maith, ar eagla go rachaidh an leictreonaic iomlán ar ainghléas.
  • Bíonn taispeáintí eolais de chineálacha eile ann freisin, ar nós taispeáint an radair aimsire.

An Tiomáint[athraigh | edit source]

Is féidir na heitleáin a rangú de réir an chineál tiomána a úsáideann siad.

Na Faoileoirí[athraigh | edit source]

Tugtar faoileoir ar an gcineál eitleáin nach bhfuil inneall ar bith aici. Le haghaidh caitheamh aimsire is mó a úsáidtear iad, cé go mbíonn faoileoirí míleata ann le trúpaí ionraidh a thabhairt isteach faoi choim, i nganfhios don namhaid a bheadh in ann torann na n-eitleán innealltiománta a chloisteáil. Leis an bhfaoileoir a bhaint den talamh, is féidir eitleán innill a úsáid a tharraingeoidh ar téad in airde í, ach tá capstain speisialta ann le haghaidh na hoibre seo chomh maith. Tá a leithéid de rud ann agus faoileoir innill freisin, is é sin, faoileoir a bhfuil inneall beag aici le hí a tharraingt ar eiteog. Nuair a bheidh an faoileoir innill thuas, múchfar an t-inneall agus beidh an t-eitleán ag brath ar an ngaoth ansin, cosúil leis an ngnáthfhaoileoir. Aithnítear na faoileoirí ar na sciatháin fada díreacha a bhíonn orthu.

Na Liáneitleáin[athraigh | edit source]

Bhí na chéad eitleáin inneallghluaiste á dtiomáint ag lián a bhí á chasadh ag inneall frithingeach, is é sin, inneall dócháin inmheánaigh nach raibh ródhifriúil leis an gceann a úsáidtear sna gluaisteáin. Inniu féin, bíonn innill den chineál sin á n-úsáid sna heitleáin bheaga, cosúil leis na cinn den déanamh CessnaBeechcraft. Bíonn na heitleáin seo sách ciúin, agus ní ídíonn siad an iomarca breosla, ach san am céanna, ní bhíonn siad ábalta lastais mhóra throma a iompar. Mar sin féin, úsáidtear iad i gcónaí nuair nach mbíonn ach pálastaí beaga á n-iompar, agus ar ndóigh, an duine a dteastóidh uaidh a eitleán féin a bheith aige mar chaitheamh aimsire, seo é an cineál eitleáin a mbeidh sé ag díriú uirthi de ghnáth.

Na heitleáin turba-liáin, úsáideann siad scairdinneall leis an lián a chasadh. Bíonn na heitleáin seo an-oiriúnach don eitilt réigiúnda, intíre agus comaitéireachta, agus iad in ann tuirlingt ar aerfoirt bheaga gan rúidbhealaí fada.

Na Scairdeitleáin[athraigh | edit source]

Is éard is scairdeitleán ann ná eitleán atá á tiomáint ag scairdinneall, is é sin, sórt tuirbín agus é ag dul timpeall nuair a shéidtear gás sceite tríd. Tá na scairdinnill níos láidre ná na hinnill dóiteáin inmheánaigh, agus iad ábalta lastais mhóra throma a ardú ar eiteog. Ón taobh eile de, áfach, bíonn siad ag cur isteach ar na daoine agus ar an dúlra féin leis an torann mór a dhéanann siad. Le déanaí, áfach, tháinig scairdinneall de chineál úr in úsáid - an scairdinneall turba-fean - a mhaolaíonn go mór mór ar an truailliú torainn seo.

Forbraíodh an chéad scairdeitleán sa Ghearmáin sna 1930idí. Ba í Heinkel He 178 an chéad scairdeitleán a raibh úsáid phraiticiúil inti, agus chuaigh sí ar eiteog an chéad uair ar aerstráice Marienehe in aice le monarcha eitleán Ernst Heinkel. Ba é an t-innealtóir óg Hans von Ohain, áfach, a chéadcheap an bunsmaoineamh. Sa bhliain 1943, tháinig an chéad scairdeitleán cogaidh ar an bhfód - Messerschmitt Me 262. Nuair a chuaigh na heitleáin seo in úsáid, áfach, bhí an cogadh ag druidim chun deiridh cheana féin, agus níor athraigh an t-aireagán seo a dhath faoi sin.

Go gairid i ndiaidh an chogaidh, thosaigh na Sasanaigh ag táirgeadh an chéad aerlínéar scairdinnill - De Havilland Comet. Ní raibh an tuiscint cheart ag na hinnealtóirí ar an straidhn a chuir an scairdeitilt ar an miotal, agus sna 1950idí, tharla cúpla aerthimpiste thubaisteacha a d'fhág an-mhíchlú ar an eitleán. B'éigean an t-eitleán a athdhearadh cúpla uair ar son na slándála, ach níor thréig an míchlú riamh.

Na Roicéadeitleáin[athraigh | edit source]

An Rop-Scairdinneall[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]