Inneall dócháin inmheánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
ciogal ceithre bhuille (nó ciogal Otto)
1. instealladh
2. comhbhrú
3. cumhacht
4. sceitheadh

Is é an t-inneall dócháin inmheánaigh (Pléascinneall an focal bunaidh a bhí air i nGaeilge) an t-inneall comhbhuailteach is coitianta i ngluaisteáin. Ba iad beirt Ghearmánach, Nikolaus Otto agus Rudolf Diesel, a dhréachtaigh an t-inneall ceithre bhuille. Soláthraítear fuinneamh tiomána le breosla a dhó san inneall. Tá cuasán san inneall le loine inghluaiste. Instealltar meascán indóite sa chuasán, adhantar le spréach leictreach é agus dóitear de phléasc é. Ansin forbraíonn an gás sa chuasán, gluaiseann an loine amach, baintear an meascán ídithe gáis amach as agus gluaiseann an loine isteach arís. Déantar an ciogal seo arís is arís eile.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile