Balún (aerárthach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aerárthach a bhfuil ciseán nó gandola le paisinéirí ar crochadh ó mhála mór gáis ann. Bíonn meáchan an bhalúin níos lú ná meáchan an aeir a asáitíonn sé, agus de réir prionsabal Airciméidéis, ardaíonn fórsa na buacachta an balún san aer. Ardaítear an balún trí bhalasta (gaineamh nó uisce) a chaitheamh amach as an gciseán agus an meáchan iomlán a laghdú. Tuirlingíonn an balún má sceitear roinnt gáis amach as an mála. Níl aon tiomáint ag gnáthbhalún, agus mar sin iompraíonn an ghaoth é pé treo a bhfuil sí ag séideadh. Tá aerlonga indírithe ann, le mála ar chruth todóige, ar féidir iad a thiomáint is a dhíriú le lián is stiúir. Tharla an chéad eitilt balúin a raibh foireann sa chiseán (Pilâtre de Rozier is Marquis d'Arlandes) i bPáras i 1783, an balún deartha ag na deartháireacha Montgolfier. Thosaigh an chéad seoladh balúin timpeall an Domhain i 1999 (Brian Jones (1948-) is Bertrand Picard (1958-) ar bord) i Château d'Oex san Eilvéis, agus chríochnaigh sa Mháratáin sna Afraic níos lú ná 20 lá ina dhiaidh sin tar éis aistear 46,759 km ar mheánluas 97 km u-1.