Sinéad de Valera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba bhean chéile Eamon de Valera (taoiseach, uachtarán agus réabhlóidí Éireannach) í Sinéad de Valera (3 Meitheamh, 1878 - 7 Eanáir, 1975), nó Sinéad Ní Fhlannagáin. Tugtaí an t-ainm Sinéad Bean de Valera uirthi freisin go minic.

[athraigh] Saol

Rugadh í leis an ainm Jane nó Janice Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath i 1878 (d'athraigh sí a h-ainm baiste níos déanaí). Bhí sí ina múinteoir i mbunscoil ar Sráid Dorset, i lár na cathrach. In a ham saor, mhúin sí an teanga Gaeilge leis an grúpa Conradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí a bhí aici ná múinteoir eile, Eamon de Valera, a bhí ag múineadh matamaitic. Pósadh iad ar an 8 Eanáir 1910, cé go raibh Sinéad ceithre bliana níos sine. Rugadh seachtar páistí acu, cúigear buachaillí agus beirt cailíní. Bhí cáil agus cumhacht ar a fear chéile níos déanaí, ach bhí Sinéad sásta fanacht amach as an saol polaitiúil. Scríobh sí scéalta do dhaoine óga, as Gaeilge agus as Béarla.

[athraigh] Bás

Fuair Sinéad de Valera bás ar 7 Eanáir 1975 ag 96 bliain d'aois, a lá roimh cothrom an lae a pósadh. Fuair Eamon bás ocht mí níos déanaí. Cuireadh iad le chéile i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile