Oíche na Gaoithe Móire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOíche na Gaoithe Móire
Cineálstoirm ghaoithe Eorpach
tubaiste nádúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse6 - 7 Eanáir 1839
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Rinneadh dochar mór ar fud na hÉireann agus i gcodanna den Bhreatain, le linn “Oíche na Gaoithe Móire” ar an 6/7 Eanáir 1839. Thosaigh an spéirling timpeall meán lae ar 6 Eanáir i gContae Mhaigh Eo.

Buaileadh Learpholl go dona. Cailleadh an Pennsylvania New York Packet Ship, an Lockwoods Emigrant Ship; an Saint Andrew Packet Ship, agus an Victoria (Charleston).

Fuair idir 250 agus 300 duine bás sa stoirm b'fhéidir, an chuid is mó díobh ar mhuir amach ó chósta thiar na hÉireann.[1] Bhí na mílte duine gan díon gan dídean mar thoradh ar Oíche na Gaoithe Móire.[2]

Meitéareolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh stáisiún aimsire in Éirinn go dtí 1860. Ach braitheadh meánluais ghaoithe sa bhliain 1839 b'fhéidir os cionn (180km/h).[3][4]

Cé go bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil stoirmeacha ag tarlú níos minice, d’fhéadfaí a mheas nach dtarlaíonn siad ach uair amháin gach cúpla céad bliain ?

Ní minic a tharlaíonn stoirmeacha chomh dian sin in Éirinn.

Maidir le stoirmeacha an gheimhridh 2013/2014, eisceacht a bhí sa stoirm a bhí ann ar an 12 Feabhra i2014.[5] Braitheadh meánluais ghaoithe os cionn fórsa stoirme (90km/h) go forleathan i gcontaetha chósta an iardheiscirt agus an iarthair ó Chorcaigh go Maigh Eo. Bhí séideáin os cionn 110km/h le brath go forleathan ar fud dheisceart na tíre agus rinneadh taifead ar an séideán ba mhó de 160km/h in Aerfort na Sionna.

Rinneadh dochar millteanach de bharr stoirmeacha eile le linn mhí Feabhra 1903 freisin. Ba iad na himeachtaí comparáideacha ba dheireanaí ná na stoirmeacha ar an 26 Nollaig 1998 agus ar an 24 Nollaig 1997.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Eureka 12-14". Dáta rochtana: 2021.
  2. "LITRÍOCHT BHÉIL: Oíche na Gaoithe Móire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  3. "r/ireland - The Night Of The Big Wind." (en-US). reddit. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  4. "Oíche na Gaoithe Móire “Night of the Big Wind” – January 6, 1839" (en). Irish Weather Online (2013-08-18). Dáta rochtana: 2021-01-06.
  5. winterready.ie (2017). "[Winter Ready Launch 2017 Irish.docx An Feachtas Eolais “Bí Ullamh don Gheimhreadh” / Winter Ready Launch 2017 Irish.docx]". Dáta rochtana: 2021.