Euro
Is é an euro (siombail: €; cód ISO 4217 EUR) airgead coiteann na hEorpa. I nGaeilge úsáidtear an leagan eoró freisin: féach thíos.
Baintear feidhm as an euro i gcúig bhallstát déag den Aontas Eorpach (AE): an Bheilg, an Chipir, Poblacht na hÉireann, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Spáinn. Tugtar limistéar an euro ar an ngrúpa seo.
Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtáí san Eoraip ón Impireacht Rómhánach i leith. Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an Cómhargadh Eorpach a aontú trí shaorthrádáil idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.
Clár ábhair |
[athraigh] Lasmuigh den AE
Franc na Fraince a bhí in úsáid i Monacó roimh theacht an euro, agus an lira a bhí á úsáid i San Mairíne agus i gCathair na Vatacáine. As an euro a bhaintear feidhm sna tíortha úd anois, agus cead acu boinn euro dá gcuid féin a bhualadh, cé nach ballstáit den Aontas Eorpach iad.
Úsáidtear an euro chun fiacha a íoc i dtíortha Eorpacha lasmuigh den AE, leithéidí Mhontainéagró, na Cosaive agus Andóra.
[athraigh] Riar an euro
Is iad na forais a riarann an euro an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a riarann an euro, agus príomhoifig aige in Frankfurt am Main sa Ghearmáin, agus bainc cheannais na mballstát mar chuid den Eorachóras. An CEBC amháin a shocraíonn an beartas airgeadais. Tá an tEorachóras freagrach as bualadh, clóbhualadh agus dáileadh an euro agus riar na gcóras íoctha san eorailimistéar.
Chuir Conradh Maastricht na bliana 2002 iachall ar fhormhór na mballstát an euro a úsáid dá gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha airgeadais agus buiséid, cé nach ndearna na ballstáit uile amhlaidh.
[athraigh] Dearadh
Tá céad ceint san euro. Tá dhá thaobh ar na boinn: taobh coiteann a thaispeánann léarscáil agus luach an bhoinn forshuite uirthi, agus taobh náisiúnta a thaispeánann íomhá a bhaineann le tír ar leith. Is féidir bonn euro de chuid ballstáit ar bith a úsáid in aon bhallstát eile.
Tá íomhá choiteann ar gach taobh de na nótaí: tá a dhath féin ar gach nóta, agus tréimhse áirithe d'ailtireacht na hEorpa á léiriú ann. Bíonn fuinneoga nó geataí ar aghaidh an nótaí agus droichid ar a chúl.
[athraigh] Rátaí
Shocraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh na bunrátaí malairte de réir molaidh a thug an Coimisiún Eorpach i bhfianaise rátaí margaidh ar 31 Nollaig 1998. Socraíodh gurbh ionann aon Ionad Eorpach Airgeadra (ECU) amháin agus euro amháin. Níorbh airgeadra é an ECU féin ach ionad cuntasóireachta de chuid an AE agus é bunaithe ar airgeadraí na mballstát. Níorbh fhéidir an socrú a dhéanamh níos luaithe toisc go raibh an IEA taobh le ráta malairte deiridh na n-airgeadraí neamh-euro (go háirithe an punt steirling) an lá sin.
Malartaíodh nótaí agus boinn na sean-airgeadraí ar an euro ar feadh timpeall dhá mhí go dtí 28 Feabhra 2002. An dáta a stad na hairgeadraí úd de bheith ina n-airgead dlíthairgthe bhí sé de réir na mballstát féin. Ó tugadh an euro isteach tá sé ar an airgeadra cúlchiste is coitianta ar domhan cé is moite den dollar Meiriceánach.
[athraigh] Buntáistí
Síleadh riamh gurb é an buntáiste is mó a bhainfeadh le hairgeadra aontaithe fáil réidh le costas malartaithe, rud a ligfeadh do lucht gnó trachtáil a dhéanamh a bhí neamhthairbheach roimhe sin.
Bhíothas ag súil freisin go mbeadh margaí airgeadais i bhfad níos leachtaí ná mar a bhí. Thaispeáin iarsmaí éigin de ghábh airgeadais na bliana 2008, áfach, go bhféadfadh deacrachtaí ballstát amháin drochrian a fhágáil ar an gcóras uile, go háirithe i gcás na Gréige.
[athraigh] Rátaí malairte
Socraíodh rátaí malairte na n-airgeadraí náisiúnta leis an euro i dtíortha limistéar an euro ar an 31 Nollaig 1998.
Is ionann euro amháin agus:
- 1.95583 Deutsche Mark na Gearmáine (Socraithe, 1998)
- 340.750 Drachma na Gréige (Socraithe, 2000)
- 200.482 Escudo na Portaingéile (Socraithe, 1998)
- 40.3399 Franc na Beilge (Socraithe, 1998)
- 6.55957 Franc na Fraince (Socraithe, 1998)
- 40.3399 Franc Lucsambuirg (Socraithe, 1998)
- 2.20371 Gulden na hÍsiltíre (Socraithe, 1998)
- 1936.27 Lira na hIodáile (Socraithe, 1998)
- 5.94573 Markka na Fionlainne (Socraithe, 1998)
- 166.386 Peseta na Spáinne (Socraithe, 1998)
- 0.787564 Punt na hÉireann (Socraithe, 1998)
- 13.7603 Schilling na hOstaire (Socraithe, 1998)
- 239.640 Tolar na Slóivéine (Socraithe, 2006)
- 0.585274 Pound na Cipire (Socraithe, 2007)
- 0.429300 Lira Mhálta (Socraithe, 2007)
[athraigh] Ceisteanna Gramadaí
Tá roinnt mhaith díospóireachta déanta i dtaobh litriú, ghramadach agus fhuaimniú na bhfocal euro agus cent i dteangacha éagsúla. Mhol an Coimisiún Eorpach leagan do-athraithe a úsáid sa reachtaíocht (chun é a thaispeáint ar na mbancnótaí ar dtús), ach tá difríochtaí neamhoifigiúla ann.
I nGaeilge úsáidtear an leagan "euro" san uatha agus san iolra, agus fuaimnítear é mar a dhéantar i mBéarla. Molann Roinn Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh leaganacha "nádúrtha" a úsáid, agus i nGaeilge is é "eoró" an leagan nádúrtha is coitianta (eorónna san iolra),[1] agus tá "ceint" sna foclóirí ó thús na seascaidí ar a laghad. Ní minic a úsáidtear na leaganacha sin sa chaint, áfach, agus úsáideann Rialtas na hÉireann "euro" agus "cent" i nGaeilge.
[athraigh] Tagairtí
[athraigh] Naisc sheachtracha
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Euro |