An Fhionlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suomen Tasavalta
Republiken Finland
Poblacht na Fionlainne
Bratach na Fionlainne Armas na Fionlainne
Bratach Armas
Mana: (Níl aon cheann ann)
Amhrán náisiúnta: Maamme
Suíomh na Fionlainne
Príomhchathair Heilsincí
60°10′ Thuaidh 24°56′ Thoir
An chathair is mó Heilsincí
Teangacha oifigiúla Fionlainnis, Sualainnis
Rialtas Poblacht
Sauli Niinistö
Alexander Stubb
Neamhspleáchas
Ón Rúis
 
1917
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
338,145 km² (65ú)
9.4%
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
5,299,055 (112ú)
5,299,051
16/km² (161ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$163 billiún (52ú)
$34,819 (12ú)
Airgeadra Euro ()1 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
EET (UTC+2)
EEST (UTC+3)
Fearann Idirlín .fi, .ax
Glaochód +358
(1) Roimh 1999: an markka

Is tír Nordach í an Fhionlainn (Fionlainnis: Suomi, Sualainnis: Finland) nó Poblacht na Fionlainne, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil. Tá sí suite i dtuaisceart na hEorpa, idir an tSualainn agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus an Rúis ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart na hIorua, agus ó dheas tá Murascaill na Fionlainne.

Daoine[athraigh | edit source]

Tá 5.211 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair Heilsincí agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í Túrcú in iardheisceart na tíre an dara cathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre í go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a aistríodh an phríomhchathair go Heilsincí. Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na teangacha Finne-Úgracha í. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile Sualannaigh na Fionlainne, mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin. Meastar go bhfuil aon sauna amháin ann de réir gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas oideachais na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá ríomhairí pearsanta ag 64% de na teaghlaigh, agus ceangal Idirlín ag 51%. Tá gutháin phócaí ag 95% de na teaghlaigh.

Caitheamh Aimsire[athraigh | edit source]

Tá na mílte loch sa tír, agus Loch Saimaa ar na cinn is mó agus is clúití acu. Tá caisleán Savonlinna suite ar a bhruach, áit a mbíonn Féile Opera Savonlinna gach bliain. Amach ón gcósta, tá na mílte oileán. Is iad oileáin Åland, nó Ahvenanmaa, idir an Fhionlainn agus an tSualann, an t-oileánra is mó, agus tá cearta áirithe féinrialaithe acu.

Tá an-cháil ar cheol na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar Jean Sibelius agus Kaija Saariaho, amhránaithe mar Matti Salminen agus Karita Mattila, agus stiúrthóirí ceoil mar Esa-Pekka Salonen. Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla Eliel Saarinen, a mhac Eero Saarinen, agus Alvar Aalto.

Creideamh[athraigh | edit source]

Baill den Eaglais Liútaránach is ea 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% leis an Eaglais Cheartchreidmheach. Baineann fíorbheagán le heaglaisí éagsúla Protastúnacha eile agus leis an gCaitliceachas, agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.

Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dtuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht as Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, comhriachtain roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.

Gnó[athraigh | edit source]

Is olltáirgeadh náisiúnta na Fionlainne €26,860 in aghaidh an duine, agus é níos airde ná olltáirgeadh na Gearmáine, na Sualainne agus na Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 2003, b'olltáirgeadh intíre na Fionlainne €143 billiún ina iomláine, agus d'fhás sé 2.04 % ón mbliain dheireanach roimhe sin.

Tá gnólachtaí móra ríomhaireachta san Fhionlainn, ina measc Nokia. Bhí an sceanra ina tháirge tábhachtach freisin, ach inniu, tá gnólachtaí tábhachtacha sceanra na tíre, ar nós Fiskars i dTampere agus Marttiini, tar éis cuid mhór den obair a aistriú thar lear ar lorg costais níos lú.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí an tír faoi smacht na Sualainne ar feadh beagnach 700 blian ón mbliain 1154. Thosaigh sé seo nuair a thug Rí Eric na Sualainne an Chríostaíocht isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga cheannais de réir a chéile, ach tháinig Fionlannais i réim arís sa 19ú hAois, le borradh an náisiúnachais Fhionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an Kalevala.

Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin Sár Alastair I, a d'fhág an tír i lámha na Rúise ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina hArd-Diúiceacht fhéinrialaithe í i 1812.

Ba faoin impireacht Rúiseach a d’fhan an tír go dtí Réabhlóid na Rúise, nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas i Nollaig 6ú 1917.

Lean cogadh cathartha gearr fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolaitíocht áitiúil ar feadh na mblianta. I rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Sóibhéidigh dhá uair: i rith Chogaidh an Gheimhridh (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa Chogadh a Lean. Lean an Cogadh Lappach é seo(1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Ghearmáin na Naizithe.

I gconartha a síníodh i 1947 agus i 1948 leis an Aontas Sóibhéideach, bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir leis an A.P.S.S., agus b'éigean don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don Rúis. (Féach: An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú.)

Mar gheall ar bhriseadh suas an Aontais Sóibhéidigh i 1991, bhí an Fhionlainn in ann a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach i 1995.

Réigiún[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc