An tSualainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sualainnis
(svenska)
Á labhairt: An tSualainn, An Fhionlainn.
Réigiún: Tuaisceart na hEorpa.
Cainteoirí san Iomlán: 9.3 miliúin
Rang: 89
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic Thuaidh
   Críoch Lochlann Thoir
    Sualainnis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Sualainne, na Fionlainne (in éineacht leis an bhFionlainnis), na hÁlainne, an Aontais Eorpaigh (in éineacht leis na teangacha oifigiúla eile).
Foras Pleanála Teanga: Comhairle na Sualainnise
(leath-ghairmiúil), chomh maith le Roinn na Sualainnise i Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha san Fhionlainn.
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 sv
ISO 639-2 swe
ISO 639-3 swe
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha
Na críocha ina labhraítear Sualainnis. Tabhair faoi deara gur leis an gcósta is mó a shamhlaítear an teanga san Fhionlainn.

Ceann de na teangacha Lochlannacha, nó na teangacha Gearmáinice Thuaidh, is ea an tSualainnis (svenska, svenska språket, mar a deir lucht labhartha na teanga féin). Labhraíonn timpeall naoi milliún duine an teanga sa tSualainn agus ar fud chóstaí na Fionlainne. An duine a bhfuil an tSualainnis go paiteanta aige, is féidir leis adhmad maith a dhéanamh den chaint Ioruaise, ach cuireann fuaimniú aisteach na Danmhairgise go mór isteach air an teanga labhartha a thuiscint, cé go bhfuil an Danmhairgis scríofa sothuigthe go leor aige. Tugtar rikssvenska, nó "Sualainnis na Ríochta", ar an teanga chaighdeánaithe a úsáidtear sna meáin chumarsáide, agus í bunaithe ar na canúintí a labhraítear timpeall Stócólm agus sa ghleann timpeall an locha Mälaren. Mar sin féin, níl sé as an ngnáth canúintí tuaithe a chloisteáil ar an raidió ó am go ham.

Cé go n-imríonn na canúintí áitiúla a dtionchar féin ar an tSualainnis labhartha in áiteanna éagsúla sa tír, ní bhíonn na difríochtaí mór, a fhad agus atá an teanga scríofa nó an chaint ghalánta i gceist. In áiteanna iargúlta, áfach, is féidir teacht ar chanúintí atá sách doiligh le tuiscint ag an muintir isteach, agus iad difriúil leis an teanga chaighdeánach ó thaobh an fhoclóra, na gramadaí agus na bhfuaimeanna de. I rith na fichiú haoise, áfach, chúngaigh an t-uirbeachas agus bánú na tuaithe go mór mór ar na canúintí seo, agus an teanga ag éirí níos aonchineálaí in aghaidh an lae de réir mar atá na cathracha ag sú chucu daoine ón tuaith.

Aicmiú agus gaolta na Sualainnise[athraigh | edit source]

Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha is ea an tSualainnis, agus baint aici leis an gcraobh thuaisceartach de na teangacha Gearmáinice. Is é sin, ceann de na teangacha Lochlannacha atá ann. Is iad na teangacha eile sa ghrúpa seo ná an Ioruais, an Danmhairgis, an Íoslainnis, agus an Fharóis. Is féidir, áfach, foghrúpa Iartharach agus foghrúpa Oirthearach a aithint thar a chéile sa ghrúpa seo féin. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis a bhaineann leis an bhfoghrúpa Oirthearach, ansin. Níl an cineál seo aicmiú ach stairiúil, áfach. De réir na hintuigtheachta, tá sé níos fearr an teorainn a tharraingt idir na teangacha Lochlannacha oileánda (an Fharóis agus an Íoslainnis) ó thaobh amháin, agus teanga Lochlannacha na Mór-Roinne (an Danmhairgis, an Ioruais agus an tSualainnis) ón taobh eile.

De réir na hintuigtheachta, bheadh sé chomh maith againn a rá gur canúintí aon teanga iad an trí theanga Lochlannacha a labhraítear i Mór-Roinn na hEorpa. Bhí sraith fhada cogaí idir na tíortha éagsúla seo, go háirithe sa séú agus sa seachtú haois déag idir an tSualainn agus an Danmhairg. Chothaigh na himeachtaí seo comhnaimhdeas agus náisiúnachas a spreag na tíortha chun béim ar leith a chur ar na difríochtaí idir na teangacha féin, díreach nuair a bhí siad á gcaighdeánú. Inniu féin, áfach, níl sé as cosán a rá gur canúintí aon teanga iad an Ioruais, an Danmhairgis agus an tSualainnis - d'fhéadfaí "Lochlainnis" a thabhairt ar an teanga sin. Níl sé deacair ach an oiread teacht trasna ar áiteanna in aice leis an teorainn ina labhraítear canúint atá idir eatarthu.

Cá labhraítear Sualainnis?[athraigh | edit source]

Is í an tSualainnis teanga náisiúnta na Sualainne, agus í ó dhúchas ag ocht milliún duine den naoú milliún a bhfuil cónaí orthu sa tír. Is léir nach féidir leis an muintir isteach, ach an oiread, déanamh in uireasa na teanga. San Fhionlainn, tá an teanga ó dhúchas ag 300,000 duine, nó timpeall ar sé faoin gcéad de bhunadh na tíre. Bíonn Sualainnis éigin ag cuid mhaith de na cainteoirí Fionlainnise féin. Ón taobh eile de, is follasach go bhfuil an dátheangachas coitianta i measc na Sualainniseoirí. Cois farraige a bhíonn cónaí ar na Sualainniseoirí san Fhionlainn, go háirithe timpeall ar Thúrcú agus san Ostrabóitne. Ina lán áiteanna, tá an tSualainnis láidir go maith, agus í ina príomhtheanga riaracháin, fiú.

Bíonn daoine ag dul ar imirce ó cheann de na tíortha Lochlannacha go dtí ceann eile go mion minic, ach ós rud é go bhfuil na teangacha chomh cosúil sin le chéile, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an gcultúr, ní gnách dearcadh ar na Sualannaigh san Iorua, abair, mar mhionlach eitneach.

San Eastóin, bhí áitreabh láidir Sualannach fadó i gceantair áirithe san Iar-Thuaisceart agus sna hoileáin. I ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, áfach, thug an chuid ba mhó acu seo aghaidh ar an tSualainn, nuair a thit an Eastóin leis an Aontas Sóivéadach. Inniu, níl an tSualainnis ó dhúchas ach ag a dó faoin gcéad de mhuintir na tíre go léir, de réir mar a d'fhógair siad féin sa daonáireamh.

Bhí an tSualainnis ó dhúchas ag 67,000 duine sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2004. Thairis sin, tá dhá chéad míle saoránach Sualannach ina gcónaí ar an gcoigríoch, agus an chuid is mó acu ábalta an teanga a labhairt, gan amhras ar bith.

Stair na Sualainnise[athraigh | edit source]

An tSean-Lochlainnis[athraigh | edit source]

Seo fairsinge na Sean-Lochlainnise go luath sa 10ú haois.
-Dearg=Sean-Lochlainnis Thiar
-Flannbhuí=Sean-Lochlainnis Thoir
-Uaine=Teangacha Gearmáinice eile a bhí intuigthe ag lucht labhartha na Sean-Lochlainnise san am.

Faoin ochtú haois i ndiaidh bhreith Chríost, bhí an teanga Gearmáinice a labhraítí i dtuaisceart na hEorpa iompaithe ina canúint shainiúil Lochlannach - an tSean-Lochlainnis. Na hathruithe a tháinig ar an teanga san am sin, níorbh ionann iad i ngach cúige, agus de réir a chéile, d'fhorbair dhá mhórchanúint Lochlannacha: an tSean-Lochlainnis Thiar agus an tSean-Lochlainnis Thoir.

B'í an tSean-Lochlainnis Thoir a chuir bun leis an Danmhairgis agus an tSualainnis. Ba mhinic a thugtar "Danmhairgis Rúnach" ar an teanga seo sa Danmhairg agus "Sualainnis Rúnach" sa tSualainn, cé nach raibh mórán difríochtaí inaitheanta eatarthu roimh an dóú haois déag. Is é an aibítir Rúnach a d'úsáidtí san am sin leis na canúintí seo a scríobh, agus is as an aibítir sin a d'ainmnigh na teangeolaithe iad. An cineál Gearmáinice a bhí á scríobh i gCríoch Lochlann roimh laethanta na Sean-Lochlainnise - an Bhun-Lochlainnis nó an Phróta-Lochlainnis, mar a d'fhéadfá a thabhairt uirthi - is leis an tseanaibítir Rúnach a scríobhtaí í, ach tháinig leagan nua den aibítir in úsáid ina dhiaidh sin, nach raibh ach sé litir déag ann. Mar sin, ní rabhthas in ann freastal go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga leis an mbeagán litreach a bhí ann.

Mar sin féin, is féidir an difríocht is suntasaí idir an chanúint thiar agus an chanúint thoir a aithint ar na hinscríbhinní Rúnacha: d'imigh an défhoghar [ei] (nó [æi]) as an Lochlainnis Thoir, agus rinneadh [e] de, cf. stein (Ioruais), sten (Sualainnis) = "cloch" (tá an focal seo gaolmhar le stone an Bhéarla, ar ndóigh).

An tSean-Sualainnis[athraigh | edit source]

Sa tríú haois déag, bhí an oiread sin difríochtaí idir an chanúint Dhanmhargach agus caint na Sualainne agus gurbh fhéidir a rá go raibh an tSean-Sualainnis ann mar theanga ar leith. Sean-Sualainnis a thugtar ar an gcineál teanga a tháinig ar an bhfód thart faoin mbliain 1225. Is é an chaipéis is tábhachtaí dá bhfuil fágtha againn ón tréimhse seo ná seandlí Chúige Västergötland, nó Äldre Västgötalagen. Tá bloghanna den dlí ann agus iad breactha síos thart faoin mbliain 1250, ach is ón mbliain 1280 a tháinig an chóip iomlán is sine. B'í an Eaglais Chaitliceach agus a cuid mainistreach ba mhó a d'imir tionchar ar an teanga san am seo, nó chuaigh sraith mhaith focal iasachta ón Laidin agus ón nGréigis in úsáid sa tSualainnis. Nuair a fuair an Conradh Hainseatach seilbh ar thrádáil na Bailte, i ndeireadh na tríú haoise déag, thosaigh an Ghearmáinis, go háirithe an Íseal-Ghearmáinis, canúint thuaisceart na Gearmáine, ag cur a cuma féin ar an tSualainnis agus ar an Danmhairgis. Is iomaí craiceann a chuir teangacha Lochlannacha na Mór-roinne díobh faoin tionchar seo, agus rinne an Ghearmáinis athchóiriú iomlán ar fhoclóir na Sualainnise. Mar shampla, fuair an tSualainnis córas na réimíreanna briathartha ón nGearmáinis:

Gearmáinis begreifen -> Sualainnis begripa ("tuiscint, ciall a bhaint as rud" - bhí gripa ann roimhe sin)
Gearmáinis annehmen -> Sualainnis anta(ga) ("talamh slán a dhéanamh de rud, creidiúint go bhfuil sé ann, toimhdiú" - is ionann an chiall do nehmen agus ta(ga), is é sin, "gabháil, glacadh, tógáil")
Gearmáinis vernehmen -> Sualainnis förnimma ("cloisteáil, fuaim a aithint" - níl nimma ann mar bhriathar simplí sa tSualainnis)

Cé gur sna blianta seo a cuireadh bun leis an tSualainnis nua-aimseartha ó thaobh an fhoclóra de, bhí gramadach na teanga i bhfad ní ba chasta ná inniu. Bhí tuiseal tabhartha agus tuiseal cuspóireach ann mar fhoirmeacha beo. Thairis sin, bhí an trí inscne - an fhirinscne, an bhaininscne agus an neamhinscne - ann. I Sualainnis an lae inniu, is beag atá fágtha den difríocht idir an fhirinscne agus an bhaininscne. Bhí iarmhíreanna pearsanta ag na briathair freisin. Tríd is tríd, bhí córas na gramadaí sa tsean-Sualainnis níos cosúla leis an nGearmáinis ná leis an gcineál Sualainnise a labhraítear inniu.

An Nua-Shualainnis[athraigh | edit source]

B'iad an preas clóchuradóireachta agus an reifirméisean a chuir tús leis an Nua-Shualainnis. B'é an Rí Gustaf Vasa a choimisiúnaigh an chéad aistriúchán Sualainnise ar an mBíobla. Tháinig an Tiomna Nua i gcló sa bhliain 1526, agus foilsíodh an t-aistriúchán iomlán - "Bíobla Ghustaf Vasa" sa bhliain 1541. B'iad Laurentius Andræ, Laurentius Petri agus Olaus Petri a d'aistrigh is a chuir in eagar an chuid ba mhó den obair. B'as Lár na Sualainne iad ar fad, agus blas a gcanúna ar an aistriúchán.

Is é an meas a bhíonn ag na saineolaithe ar an mBíobla seo gur comhréiteach iontach maith a bhí ann idir an teanga scríofa a bhí ann roimhe sin agus an cineál Sualainnise a bhí á labhairt san am. Céim thábhachtach a bhí ann i dtreo na teanga caighdeánaí freisin. Tháinig na litreacha /å/, /ä/, agus /ö/ in úsáid anois - na litreacha a dhealaigh an tSualainnis ón Ioruais agus ón Danmhairgis, a bhaineadh úsáid as /aa/, /æ/, agus /ø/. (San fhíchiú haois, ghlac an Ioruais agus an Danmhairgis leis an litir /å/ ón tSualainnis.) Cosúil leis an nGearmáinis, freisin, scríobhtar /ck/ sa tSualainnis i ndiaidh na ngutaí gearra. B'é Bíobla Ghustaf Vasa a chuir bun leis an úsáid seo freisin, agus an chuma ar an scéal gur iarracht a bhí ann an teanga a scaradh ón Danmhairgis, nó is é /kk/ an litriú ar a n-aithnítear an Danmhairgis agus an Ioruais inniu féin. Bhí cúiseanna polaitiúla leis an scarúnachas teanga seo, ós rud é go raibh an Danmhairg agus an tSualainn ag cur síor-chogaidh ar a chéile go dtí an seachtú haois déag.

Cé go raibh litriú an Bhíobla réasúnta rialta, mhéadaigh ar an mírialtacht i gcúrsaí an cheartlitrithe arís i rith na séú haoise déag. Níor tosaíodh ag caibidil cheist an cheartlitrithe i ndáiríre roimh an seachtú haois déag, nuair a scríobhadh an chéad leabhar gramadaí don tSualainnis. Bhí an litriú ceart ina ábhar conspóide go dtí an naoú haois déag, agus níor tháinig caighdeán a mbeadh glacadh forleathan leis ar an bhfód roimh dheireadh na haoise céanna. Ní rabhthas ar aon fhocal faoi úsáid an cháis mhóir, ach go háirithe. Bhí sí go mór mór ag brath ar thoighis agus ar bhreithiúnas pearsanta an scríbhneora féin. Bhí an teanga go mór mór faoi thionchar na Gearmáinise, agus an úsáid ar leith a bhaineann an teanga sin as an gcás mór.

An tSualainnis Chomhaimseartha[athraigh | edit source]

Síltear go coitianta gur tháinig an tSualainnis chomhaimseartha ar an saol thart timpeall na bliana 1900. Nuair a bhí an tionsclaíocht agus an t-uirbeachas ag forbairt sa tSualainn, cuireadh tús le litríocht de chineál nua. Bhain na scórtha móra scríbhneoirí, polaiteoirí, iriseoirí agus pearsantachtaí poiblí eile a gcasadh féin as an teanga, go háirithe August Strindberg, an scríbhneoir a bhunaigh litríocht nua-aimseartha na teanga.

San fhíchiú haois a fuair formhór mór na Sualannach seilbh ar an teanga scríofa, chaighdeánach. B'é an difríocht ba mhó idir an teanga sin agus Sualainnis an lae inniu ná go raibh foirmeacha iolra ag na briathair:

jag gick = chuaigh mé
du gick = chuaigh tú
han gick = chuaigh sé
hon gick = chuaigh sí
vi gingo = chuaigh muid (inniu: vi gick)
ni gingo = chuaigh sibh (inniu: ni gick)
de gingo = chuaigh siad (inniu: de gick)
jag går = tá mé ag dul
du går = tá tú ag dul
han går = tá sé ag dul
hon går = tá sí ag dul
vi gå = tá muid ag dul (inniu: vi går)
ni gå = tá sibh ag dul (inniu: ni går)
de gå = tá siad ag dul (inniu: de går)

Bhí na foirmeacha iolra imithe as an ngnáthchaint agus as na canúintí le fada, áfach, agus iad i léig sa Danmhairgis agus san Ioruais freisin. Vi gick, ni gick, de gick; vi går, ni går, de går a deirtí, agus de réir a chéile, thosaigh an córas simplí nádúrtha seo ag éirí coitianta sa litríocht freisin. Is léir gur chuir an litríocht nua-aimseartha, agus an bhéim a chuir sí ar aithris nádúrtha na cainte, luas leis an bhforbairt seo. De réir a chéile, d'éirigh na foirmeacha iolra tearc sna stíleanna éagsúla, go dtí gur glacadh leis an gcóras simplithe sna doiciméid oifigiúla féin sna caogaidí. Inniu, ní úsáidtear foirmeacha cosúil le vi gingo ar aon nós, agus is dócha nach mbeadh mórán daoine in ann an úsáid cheart a bhaint astu ach an oiread, cé gur dócha go bhfaca siad sa tseanlitríocht iad.

Is léir go bhfuil a lán focal Béarla in úsáid i Sualainnis an lae inniu. Go tipiciúil, áfach, cuirtear in oiriúint do litriú agus d'fhuaimeanna na teanga iad, cf. jobb (< job an Bhéarla; cosúil le y an Bhéarla a fhuaimnítear an j sa tSualainnis), tajt (< tight an Bhéarla), fajtas (< to fight an Bhéarla), agus araile.


Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE