Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha (An Fhionlainn)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Institiúid teangeolaíochta san Fhionlainn is ea é KOTUS, nó Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha (Fionlainnis: Kotimaisten kielten tutkimuskeskus, Sualainnis: Forskningscentralen för de inhemska språken). Is é lárionad teangeolaíochta an Stáit Fhionlannaigh é, agus é ag déanamh taighde ar an bhFionlainnis, ar an tSualainnis san Fhionlainn, ar na teangacha Laplannacha, ar theanga na nGiofóg Fionlannach agus ar theanga comharthaíochta na mbodhar. Is iad an phleanáil teanga, an fhoclóiríocht agus an chomhairleoireacht teanga na clocha is mó ar phaidrín an Lárionaid. Eisíonn an Lárionad dhá iris a thugann cuidiú agus comhairle don ghnáthléitheoir faoi úsáid cheart na dteangacha náisiúnta: Kielikello as Fionlainnis, agus Språkbruk as Sualainnis.

[athraigh] Nasc sheachtracha

  • Kotus - eolas faoi obair an Lárionaid (Fionlainnis, Sualainnis agus Béarla)


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí