An Eastóin
|
|||||
| Mana: Mu isamaa on minu arm (neamhoifigiúl) |
|||||
| Amhrán náisiúnta: Mu isamaa, mu õnn ja rõõm | |||||
| Príomhchathair | Taillinn 59°26′ Thuaidh 24°45′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | Taillinn | ||||
| Teangacha oifigiúla | Eastóinis | ||||
| Rialtas | Daonlathas parlaiminteach Toomas Hendrik Ilves Andrus Ansip |
||||
| Neamhspleáchas - Dearbhaithe - Aitheanta |
ó hAontas na Sóivéadach (16 Samhain 1988) 20 Lúnasa 1991 |
||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
45,226 km² (132ú) 4.56% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2007 • Daonáireamh 2000 • Dlús |
1,342,409 (151ú) 1,376,743 29/km² (173ú) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2007 $26.85 brilliún (106ú) $21,860 (37ú) |
||||
| Airgeadra | Euro (EUR) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
EET (UTC+2) EEST (UTC+3) |
||||
| Fearann Idirlín | .ee | ||||
| Glaochód | +372 |
||||
Poblacht i dtuaisceart na hEorpa í an Eastóin (Eastóinis: Eesti). Tá sí suite in aice le Muir Bhailt san Iarthar agus le Murascaill na Fionlainne sa tuaisceart. Tá teorainn talún aici leis an Laitvia agus an Rúis. Thairis sin, tá teorainn mhuirí aici leis an bhFionlainn. Is ball den Aontas Eorpach í.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Chuir na treibheacha Fionn-Úgracha, óna bhfuair an Eastóin a teanga náisiúnta, - chuir siad fúthu i limistéar na hEastóine i bhfad sular cromadh ar stair na mbólaí seo a scríobh síos. B'iad na Gearmánaigh agus na Danmhargaigh a thug isteach an Chríostaíocht nuair a ghabh siad an tír. Le himeacht aimsire, bhí an Danmhairg, an tSualainn, an Pholainn agus faoi dheireadh an Rúis i gceannas ar an Eastóin. Nuair a thit an tóin as Impireacht na Rúise, bhain na hEastónaigh amach an neamhspleáchas dá dtír. I dtús an Dara Cogadh Domhanda, áfach, d'fhorghabh an tAontas Sóivéadach í, agus í corpraithe mar phoblacht Shóivéadach ón mbliain 1940. Fuair sí neamhspleáchas arís sa bhliain 1991. Chuaigh an tír ina ball den Aontas Eorpach i 2004.
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá sí suite idir 57.3° agus 59.5° domhanleithead agus 21.5° agus 28.1° domhanfad, luigh an Eastóin ar an gcósta oirtheartach den Muir Bhailt. Tá an meánardú 50 m, agus Is í Suur Munamägi atá suite sa oirheisceart na tíre an pointe is airde (318 méadar). Tá 1,400 loch suite timpeall na tíre.
[athraigh] Contaethe
Tá an tír roinnte ina cúig chontae déag:
- Harjumaa
- Hiiumaa
- Virumaa Thoir (Ida-Virumaa)
- Järvamaa
- Jõgevamaa
- Läänemaa
- Virumaa Thiar (Lääne-Virumaa)
- Pärnumaa
- Põlvamaa
- Raplamaa
- Saaremaa
- Tartumaa
- Valgamaa
- Viljandimaa
- Võrumaa
[athraigh] An Daonra
Eastónaigh iad thart ar seachtó faoin gcéad de mhuintir na tíre. An chuid eile acu, is Rúisigh iad, nó Úcráinigh agus Bílearúisigh, ach is gnách le Tadhg an mhargaidh sa tír gan mórán difríochta a aithint eatarthu, ó tháinig na daoine seo isteach i mblianta an Aontais Shóivéadaigh, agus Rúisis á labhairt acu. An teanga atá ó dhúchas ag na hEastónaigh féin, is teanga Fhionn-Úgrach í, agus gaol sách dlúth aici leis an bhFionlainnis. Tá na hEastónaigh agus na Fionlannaigh in ann cuid mhaith céille a bhaint as caint a chéile, cosúil le Gaeil na hÉireann is na hAlban.
Tá dream beag ann san Eastóin ar Fionlannaigh iad ó thaobh an dúchais eitnigh de. Sliocht sleachta is ea iad d'Fhionlannaigh Chathair Pheadair agus na mbólaí timpeall na cathrach sin. Nuair a osclaíodh na teorainneacha i ndeireadh na n-ochtóidí, áfach, thosaigh imirce na bhFionlannach eitneach ón Eastóin agus ó na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile go dtí an Fhionlainn, agus tá sé sábháilte glacadh leis nach bhfuil mórán todhchaí i ndán do na Fionlannaigh seo mar mhionlach seanbhunaithe sa tír. Scéal eile ar fad, áfach, go bhfuil malartú cultúrtha beo ar siúl idir an dá náisiún bhráithriúla arís, agus na mílte d'Fhionlannaigh le fáil san Eastóin inniu - mar mhic léinn, cuir i gcás.
[athraigh] Polaitíocht agus Rialtas
Is daonlathas bunreachta, le córas an sheomra amháin, cé a togh an Uachtaráin. Cuimsíonn an Feidhmeannas léis an Príomh-Aire agus le 14 aire eile. Tá cumhacht reachtaíochta ag an bParlaimint, an Riigikogu. Tá 101 suíomh sa Riigikogu.
| An tAontas Eorpach (AE) | ||
|---|---|---|
| an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
| Tíortha iarrthacha | ||
| an Chróit • an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an Tuirc | ||