An tSlóivéinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Slóivéinis
(slovenščina)
Á labhairt: An tSlóvéin, An Iodáil, An Ostair, An Ungáir, An Chróit
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 2.2 milliún
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Slavach
  Slavach Theas
   Slavach Thiar Theas
    Slóivéinis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Slóvéine
Foras Pleanála Teanga: Acadamh na Slóvéine um Eolaíocht agus Ealaín / Slovenska akademija znanosti in umetnosti
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 sl
ISO 639-2 slv
ISO 639-3 slv
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga Shlavach í an tSlóivéinis sa tSlóivéin agus sna críocha ina timpeall. Tá sí ag dhá mhilliún duine, agus an chuid is mó acu tá cónaí orthu sa tSlóivéin féin. Is í teanga oifigiúil na Slóivéine í, agus í ar ceann de na teangacha oifigiúla san Aontas Eorpach freisin.

Limistéar labhartha na Slóivéinise

Tá an tSlóivéinis á scríobh ó laethanta an Reifirméisin anuas, ach níor tháinig an caighdeán nua-aimseartha ar an bhfód ach sa naoú haois déag. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil a lán canúintí éagsúla sa tír, agus is féidir a mhaíomh nach aon teanga amháin a bhí sa tSlóivéinis go stairiúil. Inniu féin, labhraítear canúintí atá an-difriúil leis an teanga chaighdeánaithe. In Prekmurje, in oirthear na Slóivéine, agus in Resia, áit san Iodáil ina bhfuil mionlach Slóivéanach, baintear úsáid as an gcanúint áitiúil mar theanga scríofa freisin.

Ba iad Primož Trubar, Jurij Dalmatin, agus Adam Bohorič na chéad scríbhneoirí a bhain úsáid as an teanga. Theastaigh uathu briathar Dé a chraobhscaoileadh i measc na cosmhuintire i dteanga na cosmhuintire, agus ba é sin an cineál litríochta a bhí á chumadh acu: caiticiosmaí, leabhair urnaíochta, aistriúcháin nó míniúcháin ar an mBíobla. San am chéanna, áfach, bhí iarrachtaí idir lámhaibh acu an teanga a chaighdeánú, focail a bhailiú agus liostaí focal a chur i dtoll le chéile. Ba é Adam Bohorič a chaighdeánaigh an chéad cheartlitriú don teanga, litriú a bhí an-difriúil le córas an lae inniu. Mar shampla, is mar Bohorizh a litreofaí ainm an fhir féin de réir an chórais seo.

Sa naoú haois déag, áfach, cuireadh an córas nua-aimseartha scríbhneoireachta in áit litriú Bohorič. Bhí an ceartlitriú nua múnlaithe ar an tSeirbea-Chróitis agus ar an tSeicis, lena chinntiú go mbeadh lucht labhartha na dteangacha seo in ann adhmad éigin a bhaint as an tSlóivéinis scríofa, agus nach dtiocfadh an litriú idir iad agus an teanga seo. San am sin, bhí an Pan-Slavachas go mór i mbéal an phobail sna tíortha ina raibh ceann de theangacha an ghrúpa seo á labhairt, agus theastaigh ó na Pan-Slavaigh aon teanga scríofa amháin a fhorbairt do na Slavaigh go léir. A fhad is nach mbeadh a leithéid ann, dhéanfaidís iarracht, ar a laghad, na teangacha liteartha Slavacha a dhéanamh chomh inléite ag cainteoirí a chéile agus ab fhéidir.

Bhí cuid de na Slóivéanaigh ag cur spéise san Iliriachas freisin, is é sin, aontú na Slóivéinise is na Seirbea-Chróitise. Sa naoú haois déag, thugtaí "Iliris" ar an tSeirbea-Chróitis, agus bhí cuid de na Slóivéanaigh den tuairim gur chóir aon teanga chaighdeánach amháin a bheith in úsáid ag na Slóivéanaigh agus ag na h-"Ilirigh" eile. Mar a d'iompaigh an scéal amach, mheath na hiarrachtaí orthu, nó bunaíodh caighdeán na Seirbea-Chróitise ar an gcanúint štokavski, a bhí á labhairt sa tSeirbia, sa Chróit agus sa Bhoisnia araon. B'fhearr leis na Slóivéanaigh na canúintí kajkavski agus čakavski, nach labhraítear ach sa Chróit, mar dhúshraith don teanga nua liteartha, ach níor tugadh aird orthu, agus mar sin, ghabh siad leor lena dteanga chaighdeánaithe féin. Ón taobh eile de, áfach, d'fhág an tIlireachas a aithne féin ar an teanga. An chéad úrscéalaí Slóivéanach, Josip Jurčič (1844-1881), mar shampla, bhain seisean úsáid as focail Sheirbea-Chróitise ina chuid scríbhneoireachta.

Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE