Teangacha Slavacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Slavacha
Cineálgrúpa teangacha agus fine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais315,000,000 (2001)
Grúpa eitneachSlavaigh
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Ghlagalach
Staidéar agAn Léann Slavach
Cóid
ISO 639-2sla
ISO 639-5sla
Linguist Listslav
IETFsla

Foghrúpa de chuid na dteangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Slavacha. (Tá an dá leagan, Slavic languages agus Slavonic languages, in úsáid sa Bhéarla, agus d'fheicfeá na téarmaí "Slavóinic" nó "teangacha Slavónacha" sa Ghaeilge uaireanta, faoi thionchar an Bhéarla.) Tá gaol sách dlúth ag na teangacha seo go léir le chéile, rud atá so-aitheanta ag aon duine a bhfuil salacharaíl éigin i gceann de na teangacha seo aige - is é sin, ní chaithfidh sé a bheith ina theangeolaí oilte.

Brainsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách na teangacha Slavacha a dheighilt ina dtrí bhrainse:

Limistéir:

██ Teangacha Slavacha an Oirthir

██ Teangacha Slavacha an Iarthair

██ Teangacha Slavacha an Deiscirt

Teangacha Slavacha

Teangacha Slavacha an Oirthir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brainse an Oirthir, mar atá, an Rúisis, an Bhealarúisis, agus an Úcráinis. Ceann de theangacha móra an domhain í an Rúisis, agus traidisiún fada liteartha aici. Maidir leis an mBealarúisis agus an Úcráinis, bhí siad faoi chois na Rúisise ar feadh i bhfad, rud a chuir isteach ar iarrachtaí a gcaighdeánaithe agus a saothraithe. Bhí siad go mór faoi thionchar na Polainnise, nuair a bhí an Rúisis faoi thionchar na Sean-Slaivise Eaglasta.

Tá a leithéid de theanga ann a dtugtar Rúisínis nó Ruitéinis uirthi, ach bíonn cialla éagsúla ag baint leis an ainm seo. Má luaitear an t-ainm sin inniu, is í an Rúisínis Phanónach is dóchúla a bheidh i gceist. Canúint Shlavach Oirthearach atá ann a labhraítear in áiteanna sa Vóvaidín. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, ceapadh caighdeán scríofa don teanga seo atá ag cloí go dlúth leis an gcanúint labhartha.

Teangacha Slavacha an Iarthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brainse an Iarthair, mar atá, an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an Chaisiúibis, an dá leagan den tSorbais, an tSiléisis, agus an Pholáibis. Sa Pholainn, glactar leis an gCaisiúibis mar chanúint Polainnise, agus sin é an dearcadh atá ag lucht a labhartha féin ar a dteanga. Bhí a leithéid de theanga agus Pomaráinis nó Slóivinsis á labhairt in oirthear na Gearmáine go dtí an Dara Cogadh Domhanda, agus dealraíonn sé gur canúint de chuid na Caisiúibise a bhí ann, ach is é an bharúil a bhí ag na cainteoirí dúchais féin gur Gearmánaigh a bhí iontu. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh siad go dtí an Ghearmáin, agus d'éag a dteanga ansin.

Maidir leis an tSiléisis, is gnách leis na Polannaigh a shíleadh gur canúint Polainnise atá ann a chuaigh ar strae ó nach raibh na cainteoirí i dteagmháil leis an bPolainnis chaighdeánach ach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Teanga mharbh í an Pholáibis a bhí á labhairt timpeall Hannover i gceantar tuaithe ar a dtugtar Wendland (Wend an t-ainm a bhí ag na Gearmánaigh ar na treibheacha Slavacha cosúil leis na Sorbaigh agus leis na Polábaigh) go dtí an t-ochtó haois déag.

Teangacha Slavacha an Deiscirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brainse an Deiscirt. Is í an tSeirbea-Chróitis an ceann is líonmhaire acu seo, ach ó tháinig deireadh leis an Iúgslaiv mar thír, tá na Seirbiaigh, na Crótaigh agus na Bosnaigh ag iarraidh caighdeáin ar leith a fhorbairt agus béim a chur ar na difríochtaí idir na tíortha éagsúla. Is amhlaidh, áfach, go bhfuil gach sórt Seirbea an Chróitise bunaithe ar an gcanúint Štokavski - an ceann is mó den trí phríomhchanúint a labhraítear i limistéar teanga na Seirbea-Chróitise. Maidir leis an dá phríomhchanúint eile, an Kajkavski agus an Čakavski, ní labhraítear ach i gceantair áirithe den Chróit iad. Sa Chróit féin, áfach, tá an teanga chaighdeánaithe bunaithe ar an gcanúint Štokavski.

Is iad an tSlóivéinis, an Bhulgáiris agus an Mhacadóinis an trí cinn eile de theangacha Slavacha an Deiscirt, cé go bhfuil a lán mionchanúintí ann arbh fhéidir iad a aithint mar theangacha ar leith, cosúil leis an teanga Chróit-Bunjevac sa Vóvaidín nó an teanga Šopski atá idir eatarthu idir an tSeirbis, an Mhacadóinis, agus an Bhulgáiris.

Comparáid agus Cur Síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Bhulgáiris agus an Mhacadóinis an-chosúil le chéile, agus is í an phríomhdhifríocht eatarthu go raibh an Bhulgáiris go mór faoi thionchar na Rúisise agus na Sean-Slaivise Eaglasta ó thaobh na nua-théarmaíochta de, agus an Mhacadóinis níos mó i dtuilleamaí na gnáthchainte agus na n-iarmhíreanna a bhí beo sa ghnáthchaint le nua-théarmaí a chumadh.

An chuid is mó de na teangacha Slavacha, tá sé nó seacht dtuiseal ag na hainmfhocail iontu, ach ón taobh eile de, ní bhíonn ach aon aimsir chaite ag na briathra. Tá an Bhulgáiris agus an Mhacadóinis bun os cionn leis seo, nó tá na tuisil imithe go hiomlán iontu, ach san am céanna, d'fhorbair siad córas an-ghasta d'aimsirí comhshuite faoi thionchar na dteangacha Balcánacha eile.

Cuireann na teangacha Slavacha go léir an-bhéim ar ghné an bhriathair - is é sin, úsáidtear leaganacha difriúla den bhriathar leis an ngníomh críochnaithe nó neamhchríochnaithe a chur in iúl. Mura bhfuil réimír ag an mbriathar, cuirtear ceann leis, cf. Polainnis: czyta książkę "léann sé/sí leabhar, tá sé/sí ag léamh leabhair", przeczyta książkę "léifidh sé/sí an leabhar, beidh an leabhar léite aige/aici".

Stair agus Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis an tSean-Slaivis Eaglasta, a bhí in úsáid ag an Eaglais Ortadocsach ar feadh i bhfad le freastal ar riachtanaisí reiligiúnda na Slavach, teanga a bhí ann, agus tá sé sábháilte a rá gur sórt Sean-Bhulgáirise a bhí ann go bunúsach.