An Ghearmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bundesrepublik Deutschland
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Bratach na Gearmáine Armas na Gearmáine
Bratach Armas
Mana: Einigkeit und Recht und Freiheit
Amhrán náisiúnta: Das Lied der Deutschen2
Suíomh na Gearmáine
Príomhchathair Beirlín
51°31′ Thuaidh 13°24′ Thoir
An chathair is mó Beirlín
Teangacha oifigiúla Gearmáinis, Gearmáinis Íochtarach[1]
Rialtas
Joachim Gauck
Angela Merkel
Sigmar Gabriel
Foirmíocht
Deighilt
Athaontú
18 Eanáir 1871
23 Meitheamh 1945
3 Deireadh Fómhair 1990
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
357,026 km² (61ú)
2.416%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2004
 • Dlús
 
82,443,000 (14ú)
-
230/km² (34ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$2.498 trilliún ()
$30,150 (17ú)
Airgeadra Euro1 (€) (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .de
Glaochód +49
1 Roimh 1999: Deutsche Mark.
2 Ní chantar ach an tríú véarsa [1]

Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilbhéis. Is í Beirlín an phríomhchathair. Tá 3.4 milliún duine ina gcónaí sa phríomhchathair.

Stair[athraigh | edit source]

Féach freisin: Stair na Gearmáine
Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine. An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Daonphoblacht na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Daonphoblachta", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na Daonphoblachta leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na Daonphoblachta ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí i nDaonphoblacht na Gearmáine, le 63 milliún na Poblachta Cónasctha, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Is é geilleagar na Gearmáine an tríú ceann is mó ar an domhan, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó.

Spórt[athraigh | edit source]

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974 agus 1990 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.

Stáit[athraigh | edit source]

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Cairt Eorpach na dTeangacha Mionlaigh


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc