Hamburg
| Freie und Hansestadt Hamburg | |
|---|---|
| Armas | Suíomh |
| Rialtas | |
| Rialtas | |
| Stát | Cathairstát |
| Méara | Olaf Scholz (SPD) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar | 755.264 km² |
| Daonra | 1.786.278 (2010) |
| Dlús daonra | 2364/km² |
| Cód poist | 20001–21149, 22001–22769 |
| www.hamburg.de | |
Is é Hamburg (Gearmáinis Íochtarach: Hamborg) an dara chathair is mó sa Ghearmáin. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, idir Schleswig-Holstein agus Niedersachsen, ach ní bhaineann sí le ceachtar den dá stát sin, nó tá an chathair féin ina stát feidearálach de chuid na Gearmáine. Sin é an tuige go dtugtar "Cathair Shaor agus Hainseatach Hamburg" uirthi go hoifigiúil, nó Freie und Hansestadt Hamburg.
Tíreolaíocht agus stair [athraigh]
Tá an chathair roinnte i seacht gceantar riaracháin (Bezirke), mar atá: Nord, nó an Tuaisceart; Eimsbüttel, Altona, Harburg, Bergedorf, agus Mitte, nó Lár na Cathrach.
Tá Hamburg ar an gcuan is mó sa Ghearmáin, rud a d'fhág a shliocht ar an áit riamh. Bhí pobal Síneach agus go leor pobail eachtrannacha eile i Hamburg i bhfad sular tosaíodh ag caint ar an "ilchultúrachas". Ón taobh eile de, leis na mairnéalaigh, tháinig an meirdreachas, agus is dócha gurb é ceantar na gclubanna oíche is na ndrúthlann, St. Pauli, an logainm is aithnidiúla sa chathair, i measc mhuintir na dtíortha coimhthíocha. B'ansin a thosaigh na Beatles ag teacht i láthair mar cheoltóirí, nuair a bhí siad ag seinm sa Star-Club ar phríomhshráid na ceathrún deirge, Die Grosse Freiheit.
Is follasach gur lárionad tábhachtach cultúir í an chathair seo freisin.
Daoine [athraigh]
B'as Hamburg do go leor scríbhneoirí nó ealaíontóirí clúiteacha:
- Wolfgang Borchert, file an tsíochánachais agus iar-shaighdiúir an airm Ghearmánaigh a fuair bás le heitinn go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. B'é an dráma úd Draußen vor der Tür ("Amuigh ar an Tairseach") a thabhaigh a cháil iarbháis dó, agus é suite i Hamburg.
- Cé gur i München a rugadh é, is i Hamburg a d'fhás an aisteoir clúiteach Moritz Bleibtreu aníos.
- B'as Hamburg do na cumadóirí Johannes Brahms, Felix Mendelssohn Bartholdy agus Gustav Mahler.
Gailearaí [athraigh]