An tAontas Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tAontas Eorpach
Flag of Europe.svg
EU Globe No Borders.svg

Ballstáit an tAontais Eorpaigh.
Ceanncheathrú: An Bhruiséil (de facto)
Ballraíocht: 28 mBallstát
Teangacha oifigiúla: 24
Ard-Rúnaí: Coimisiún:
  José Manuel Barroso
Parlaimint:
  Hans-Gert Pöttering
Foirmiú: Conradh na Róimhe (1957)
Conradh Maastricht (1992)
Suíomh gréasáin oifigiúl: europa.eu

Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta í an tAontas Eorpach (AE). Tá ocht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 500 milliún aige. Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra i bhformhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.

Bunaíodh an tAontas Eorpach sa bhliain 1993 nuair a síníodh Conradh Maastricht. Is minic go n-úsáidtear an frása "an tAontas Eorpach" agus tagairt á dhéanamh don Aontas Eorpach agus don Chomhphobal Eorpach in éineacht. Is le Conradh Maastricht a athraíodh ainm an Chomhphobail ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an Comhphobal Eorpach. Tiocfaidh deireadh leis an idirdhealú seo má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm. Tá margadh aonair ag an AE agus forbraíodh é sin trí chóras caighdeánaithe dlíthe atá i bhfeidhm i ngach Ballstát. Ráthaíonn na dlíthe sin saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil. Tá comhbheartas trádála, comhbheartas talmhaíochta, comhbheartas iascaigh chomh maith le beartas forbartha réigiúnaí i bhfeidhm san Aontas. Tá ról ag an AE i mbeartas eachtrach agus mar sin seasann sé dá Bhallstáit san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ag chomhdhálacha G8 agus sna Náisiúin Aontaithe. Tá 22 thír den AE ina mbaill d’ECAT. Tá ról aige, chomh maith, sa réimse ceartais agus gnóthaí baile ina n-áirítear díothú rialaithe pas idir roinnt Ballstát faoi Chomhaontú Schengen.

Oibríonn an AE trí chóras croschineáil – sin meascán idir-rialtais agus fornáisiúnachais. I roinnt réimsí, braitheann an tAontas ar chomhaontú idir na Ballstáit. Ach tá eagrais fornáisiúnacha ann chomh maith agus is féidir leo cinntí a dhéanamh gan aontoilíocht idir gach rialtas náisiúnta. Tá Coimisiúin na hEorpa, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Chomhairle Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach ar na hinstitiúidí is tábhachtaí san AE. Toghtar an Parlaimint gach cúig bliana agus is iad saoránaigh an AE a vótálann.

D'eascair an tAE as an gComhphobail Eorpach do Ghual agus do Chruach agus as Conarthaí na Róimhe. Bunaíodh an CEGC sa bhliain 1951 le sé thír agus síníodh Conarthaí na Róimhe sa bhliain 1957. Síníodh dhá Chonradh sa Róimh, an Conradh CEE agus Conradh Euratom. Ó shin i leith tá méadú ag teacht ar an AE agus ar an gcumhacht atá aige maidir le beartais nua.

Stair[athraigh | edit source]

CE/AE 1957-2013

Tar éis dheireadh an Dara Cogaidh Domhanda, ceapadh go mbeadh sé níos fearr an Eoraip a aontú chun éalú ón náisiúnachas antoisceach a scrios an mhór-roinn. Ceann de na hiarrachtaí ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus do Chruach. Rialú lárnaithe na seantionscal náisiúnta guail agus cruach a bhí mar phríomhaidhm ag an gComhphobal, agus dearbhaíodh gurbh í an chéad chéim í chun Cónaidhm Eorpach a bhaint amach. Ba iad an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ghearmáin Thiar na Ballstáit a bhunaigh an Comhphobal.

Cruthaíodh dhá Chomhphobal eile i 1957: Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) a chruthaigh aontas custaim agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach a cruthaíodh chun chomhoibriú maidir le forbairt fuinnimh núicléach a chothú. I 1967, chruthaigh Conradh na Brúiséile sraith amháin institiúidí do na trí chomhphobal. Anois tugadh na Comhphobail Eorpacha ar na trí chomhphobal ach tugadh an Comhphobal Eorpach orthu go coitianta.

I 1973 mhéadaigh líon na mBallstát nuair a chuaigh an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe leis an gComhphobal. Tháinig an Iorua ar chomhréiteach ag an am céanna ach d’fhan sí as an gComhphobal de dheasca torthaí reifrinn. I 1979, bhí toghchán díreach, daonlathach do Pharlaimint na hEorpa ann den chéad uair.

Chuaigh an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil leis an gComhphobal sna 1980idí. I 1985, cruthaíodh Comhaontú Schengen lenar díothaíodh rialacha pas idir an chuid is mó de na Ballstáit. I 1987, thosaigh an CE ag úsáid na brataí Eorpaí agus shínigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais an Ionstraim Eorpach Aonair.

I 1990, tar éis don Chuirtín Iarainn treascairt, athaontaíodh an Ghearmáin agus mar sin chuaigh an Ghearmáin Thoir isteach sa Chomhphobal. Aontaíodh critéir Chóbanhávan, critéir a bheadh i le comhlíonadh ag na tíortha a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa Chomhphobal Eorpach, mar a tugadh air an tráth sin.

Bunaíodh an tAontas Eorpach go foirmiúil nuair a tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm an 1 Samhain 1993. I 1995 chuaigh an Ostair, an tSualainn agus an Fhionlainn isteach san AE. I 2002 ghabh nótaí agus boinn euro ionad airgeadraí náisiúnta i 12 de na Ballstáit. Tá méadú tagtha ó shin ar an limistéar euro agus anois tá 17 thír ann. I 2004, tharla an méadú ba mhó go dtí seo nuair a chuaigh Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Ungáir isteach san Aontas.

An 1 Eanáir 2007, chuaigh an Rómáin agus an Bhulgáir san Aontas agus ghlac an tSlóivéin leis an euro. Shín ceannairí Bhallstáit na hEorpa Conradh Liospóin i mí na Nollag sa bhliain céanna chun ionad Bhunreacht na hEorpa a ghabháil. Ar an 1 Iúil 2013, chuaigh an Chróit leis an Aontas, agus anois tá 28 dtír ann.

Seo achoimre ar na tíortha a tháinig isteach san Aontas:

Ballstáit[athraigh | edit source]

██ Ballstáit

██ Iarrthóirí

██ Iarratasóirí

██ Iarrthóirí ionchasacha

Tá 28 dtír neamhspleácha ceannasacha san Aontas Eorpach agus tugtar “Ballstáit” orthu. Is iad na tíortha seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ostair, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an tSualainn agus an Ungáir.

Tá cúig thír ann atá ina n-iarrthóirí oifigiúla – sin iad an Íoslainn, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc. Thug an Albáin a iarrtas don AE i Mí Aibreáin 2009, agus glactar leis an Bhoisnia-Heirseagaivéin go hoifigiúil mar iarrthóirí ionchasacha. Tá an Chosaiv luaite ag an gCoimisiún Eorpach mar iarrthóir ionchasach ach ní luann sé mar thír neamhspleách í mar ní thugann gach Ballstát aitheantas di mar thír neamhspleách atá scartha ón tSeirbia.

Caithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula bhféadfaidh tír nua dul isteach san AE. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na coinníollacha seo i 1993 agus tugtar "Critéir Chóbanhávan" orthu. Is iad na coinníollacha ná:

  • Go gcaithfidh forais pholaitíochta sheasmhacha a bheith ag an tír lena ráthaítear an smacht reachta, cearta an duine agus urraim agus cosaint do mhionlaigh;
  • Go gcaithfidh eacnamaíocht fheidhmeach an mhargaidh a bheith ag an tír agus an cumas déileáil le brú iomaíochta agus fórsaí margaidh laistigh den AE;
  • Go gcaithfidh go mbeidh sé de chumas ag an tír oibleagáidí na Ballraíochta a ghlacadh chucu féin, lena n-áirítear a bheith ag cloí le haidhmeanna an aontais pholaitíochta, eacnamaíochta agus airgeadaíochta.
  • Go gcaithfidh go mbeidh an AE féin in ann an tír nua a chomhshamhlú isteach san AE agus, ag an am céanna, an spreagadh a choinneáil ar son an Eoraip a lánpháirtiú.

Ní shonraíonn an creat atá anois ann conas is féidir le tír imeacht as an AE (cé gur fhág an Ghraonlainn críoch na Danmhairge i 1985) ach tá nós imeachta foirmiúil ina leith sin i gConradh Liospóin.

Cé nach bhfuil an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis ina mBallstáit san AE, tá caidreamh comhlachais acu leis an AE: is páirt den mhargadh aonair iad an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua mar tá siad i Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa agus tá naisc den chineál céanna ag an Eilvéis trí chonradh déthaobhach. Maidir leis na micreastáit Eorpacha, úsáideann Andóra, Monacó, San Mairíne agus Cathair na Vatacáine an euro, agus iad faoi scáth a mórtíre comharsanacha faoi seach.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Ní hionann críoch an AE agus críoch na hEorpa, mar tá cuid den mhór-roinn nach bhfuil san AE, mar shampla an Íoslainn, an Eilvéis, an Iorua agus an Rúis Eorpach. Níl gach páirt de na Ballstáit san AE cé gur cuid de mhór-roinn na hEorpa iad (mar shampla Oileáin Mhuir nIocht agus Oileáin Fharó). Cé go bhfuil roinnt críoch ann nach bhfuil i limistéar geografach na hEorpa ach a bhfuil socruithe comhlachais eatarthu agus na Ballstáit, níl siad san AE féin (mar shampla an Ghraonlainn, Aruba, Aintillí na hÍsiltíre, agus tíortha Chomhlathas Briotanach na Náisiún). Tá roinnt críoch thar lear ar cuid den AE iad cé nach bhfuil siad i limistéar geografach na hEorpa – mar atá na hAsóir, na hOileáin Chanáracha, Ceuta, Guáin na Fraince, Guadeloupe, Maidéara, Martinique, Melilla agus La Réunion.

Is 4,422,773 ciliméadar cearnach achar an Aontais Eorpaigh. Níl ach sé tír ar domhan níos mó ná críoch iomlán an AE. Is é Mount Blanc sna hAlpa an bhinn is airde san Aontas agus tá sé 4,807 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá 69,342 ciliméadar de chósta ag an AE. Is ag an Aontas atá an dara cósta is faide ar domhan (is é cósta Cheanada an ceann is faide). Roinntear teorainn an Aontais le 20 thír eile nach Ballstáit den Aontais iad. Tá 13,454 ciliméadar de theorainn ann – an cúigiú teorainn is faide ar domhan.

Agus críocha thar lear na mBallstát á gcur san áireamh, tá beagnach gach cineál aeráide, ó artach go teochreasach, san AE. Mar sin, ní féidir 'gnáthaeráid' a lua leis an AE ina iomláine. Go deimhin, tá cónaí ar fhormhór an daonra i limistéir ina bhfuil aeráid mheánmhuirí (Deisceart na hEorpa), aeráid mheasartha aigéanach (Iarthar na hEorpa) nó aeráid ilchríochach teo-shamhraidh (Oirthear na hEorpa).

Cearta Bunúsacha[athraigh | edit source]

Níl catalóg de chearta bunúsacha ag an AE i láthair na huaire. Ach tugann Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach breithiúnais faoi chearta bunúsacha a thagann as na traidisiúin bhunreachtúla atá i gcoiteann ag na Ballstáit agus is féidir léi reachtaíocht an AE a chur ó bhailíocht mura ngéilleann sí do na cearta bunúsacha sin. Cé gur féidir a rá go bhfuil cód neamhscríofa de chearta bunúsacha ag an AE, rinneadh iarracht ó am go chéile catalóg scríofa a bhunú. I 2000, d’ullmhaigh an AE an Chairt um Chearta Bunúsacha. Níl an Chairt ina ceangal ar an AE faoi láthair ach beidh sí ina ceangal má thagannConradh Liospóin i bhfeidhm. Mar sin féin, tá an Ríocht Aontaithe agus sa Pholainn díolmhaithe ó fhorálacha na Cairte sa mhéid a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 30 atá ag gabháil le Conradh Liospóin.

Cé gur coinníoll ballraíochta den AE é daingniú an Choinbinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, níl an AE faoi chumhdach an choinbhinsiúin mar nach stát é an AE, i.e. nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige, agus nach bhfuil an inniúlacht aige chun aontú don choinbhinsiún. Níor stop sé sin, an Chúirt Bhreithiúnais ó aitheantas a thabhairt do na prionsabail atá i bpáirt ag na Ballstáit uile (i.e. an Coinbhinsiún um Chearta an Duine), agus is dealraitheach go mbíonn aird ag gCúirt Bhreithiúnais agus an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar rialuithe a chéile chun a áirithiú nach bhíonn a gcásdlí ar neamhréir lena chéile. Dá dtiocfadh Conradh Liospóin i bhfeidhm, bheadh ar an AE aontú don choinbhinsiún.

Rialachas[athraigh | edit source]

Deirtear go minic go bhfuil 3 limistéar freagrachta ar an AE, nó "colúin" mar a dtugtar orthu. Is iad beartais bhunaidh an Chomhpobail Eorpaigh atá sa chéad cholún agus is é an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála atá sa dara colún. Ar dtús, ba ceartas agus gnóthaí baile a bhí sa tríú colún ach is comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a dtugtar anois air, de bharr athruithe ar tugadh isteach le Conarthaí Amstardam agus Nice. D’fhéadfaí cur síos ar an dara agus an tríú colún mar cholúin idir-rialtasacha mar nach bhfuil ról mór ag an gCoimisiún, ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gCúirt Bhreithiúnais - ar institiúidí fhornáisiúnta iad - iontu. Sna colúin sin, tá ról ceannaireachta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh (nó Comhairle na nAirí, mar a dtugtaí uirthi) agus ag an gComhairle Eorpach (na ceannairí Stáit agus Rialtais), agus is institiúidí idir-rialtasacha iad sin. Déantar an chuid is mó de ghníomhachtaí an AE faoin gcéad cholún – colún an Chomhphobail. Tá an tionchar is mó ag na hinstitiúidí fornáisiúnta sa cholún sin agus déileálann an colún lena lán cúrsaí eacnamaíochta.

Tá gníomhachtaí an AE rialaithe trí roinnt institiúidí agus comhlachtaí. Comhlíonann siad na cúraimí agus na beartais atá sainithe sna conarthaí. Faigheann an AE a cheannasaíocht pholaitiúil ón gComhairle Eorpach, na ceannairí Stáit nó Rialtais i dteannta le hUachtarán an Choimisiúin. (Is é nó í an ceannaire Rialtais a dhéanann ionadaíocht ar an mBallstát de ghnáth, ach i réimsí áirithe (agus i gcás cúpla Ballstát) tugtar an t-údarás sin don cheannaire Stáit.) Tá cúnamh le fáil ag gach ionadaí Ballstáit ó Aire Gnóthaí Eachtracha a thíre féin. Úsáideann an Chomhairle a ról ceannaireachta chun conspóidí idir na Ballstáit agus na hinstitiúidí, mar aon le géarchéim agus easaontais pholaitiúla faoi cheisteanna agus faoi bheartais chonspóideacha a réiteach.

Is uachtaránach ar bhonn uainíochta a bhíonn ar an gComhairle – bíonn gach Ballstát, ina sheal féin, ina uachtarán ag an gComhairle ar feadh sé mhí agus le linn an ama sin eagraíonn siad cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Comhairle na nAirí). Is iondúil go dtapaíonn an Ballstát a bhíonn i gceann na huachtaránachta a dheis chun clár oibre áirithe a stiúradh – mar shampla leasú eacnamaíochta, athchóiriú an AE nó méadú agus lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn. Bíonn cruinniú ag an gComhairle Eorpach ceithre huaire sa bhliain ag Comhdhálacha Eorpacha, mar a thugtar orthu.

Ní hionann an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta atá neamhspleách ar an AE. Ach is comhalta de Chomhairle na hEorpa Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, tá coinbhinsiúin srl. Chomhairle na hEorpa ina gceangal go hindíreach ar an Aontas Eorpach.

Institiúidí[athraigh | edit source]

Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an AE agus tá sé freagrach as reachtaíocht a thionscnamh agus gnóthaí an AE a reáchtáil ó lá go lá. Tá sé ceaptha go ngníomhódh an Coimisiún ar son leasa an AE ina iomláine, murab ionann agus an Chomhairle Eorpach nó Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an claonadh iontu a bheith dílis dá leas náisiúnta féin. Deirtear gurb é an coimisiúin is údar spreagtha do lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, tá 28 gcoimisinéir (duine as gach Ballstát) sa Choimisiún agus tá a réimse freagrachta beartais féin ag gach duine díobh. Cuireann gach Ballstát a n-ainmniúchán féin don Choimisiún faoi bhráid na Comhairle (ag gníomhú di ina gceannairí Stáit nó Rialtais), agus bíonn de chúram ar Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Choimisiúin, agus an 'coláiste' de Choimisinéirí a fhormheas.

Is í Parlaimint na hEorpa tionól daonlathach an AE, agus bíonn baint aici le reachtaíocht na hEorpa a rith. Toghann saoránaigh an AE na 785 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) go díreach gach 5 bliana. Cé go dtoghtar na FPE ar bhonn náisiúnta, suíonn siad de réir grúpaí pholaitiúla seachas de réir a náisiúntachta. Tá líon seasta feisirí ag gach tír. Ar thogra ón gCoimisiún, ritheann an Parlaimint agus an Chomhairle (Comhairle an Aontais Eorpaigh) reachtaíocht go comhpháirteach i limistéir áirithe – tugtar an chomhchinnteoireacht air seo. Má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm, leathnófar réimse na comhchinnteoireachta seo go dtína lán réimsí eile. Go deimhin, is í an chomhchinnteoireacht a bheidh mar an 'gnáthnós reachtaíochta'. Méadóidh sé sin tionchar na Parlaiminte i gcúrsaí reachtaíochta na hEorpa. Tá de chumhacht ag an bParlaimint chomh maith an Coimisiún a cháineadh as míghníomh agus féadfaidh sí diúltú glacadh le buiséad an AE. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a ghníomhaíonn mar Cheann Comhairle sa Pharlaimint agus déanann sé nó sí ionadaíocht ar an bParlaimint sa saol mór. Toghann na FPEanna an t-uachtarán agus na leasuachtaráin gach dhá bhliain go leith.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás reachtach an AE (a ngníomhaíonn an Pharlaimint i gcomhpháirt léi i réimsí áirithe). Déantar ionadaíocht ar gach Ballstát ar an gComhairle, tríd an Aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé a bheith i láthair. (Tarlaíonn sé amanna go mbíonn feidhmeannaigh státseirbhíse i láthair thar ceann na nAirí.) Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Cé go gcruinníonn an Chomhairle i gcomhdhéanaimh dhifriúla, meastar gur aon institiúid amháin í. Dá bharr sin, feidhmíonn an Chomhairle na feidhmeanna cur chun feidhme maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.

Tá an chraobh bhreithiúnach déanta de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBE - Is Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar uirthi i gConradh Liospóin) agus Chúirt Chéadchéime. Le chéile, léirmhíníonn siad conarthaí agus dlí an AE agus cuireann siad i bhfeidhm iad. Déileálann an Chúirt Chéadchéime den chuid is mó le cásanna ó phearsana aonair agus ó chomhlachtaí agus déileálann an CBE le cásanna ó na Ballstáit, na hInstitiúidí agus cásanna a tharchuirtear chuici ó Chúirteanna na mBallstát. [Níl an dá abairt seo baileach cruinn - le ceartú!] Ní féidir achomharc a dhéanamh ó bhreith na Cúirte Céadchéime ach ar phonc dlí amháin. Tá Binse speisialta ann freisin a dhéileálann le cásanna na seirbhíse poiblí ar leibhéal na hEorpa.

Córas Dlíthiúil[athraigh | edit source]

Tá córas dlí an AE bunaithe ar shraith conarthaí. Is leis na conarthaí sin a cruthaíodh an Comhphobal Eorpach agus an tAontas Eorpach. Leasaíodh iad roinnt uaireanta le conarthaí leasaithe nó le conarthaí aontachais i.e. conarthaí a lig Ballstáit nua isteach sa Chomhphobal/Aontas. Conarthaí a thugann cumhacht atá iontu agus leagann siad aidhmeanna beartais leathana amach agus cruthaíonn siad institiúidí a bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla is gá acu chun na haidhmeanna sin a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn na cumhachtaí dlíthiúla seo an cumas reachtaíocht a achtú. Bíonn cuid den reachtaíocht seo infheidhme go díreach sna Ballstáit agus bíonn cuid eile di a shonraíonn creat a gcaithfidh na Ballstáit a ndlíthe féin a rith chun an sprioc iontu a chomhlíonadh. Ní mór do na cúirteanna náisiúnta na conarthaí atá daingnithe ag an mBallstát a fhorghníomhú agus dá réir sin, na dlíthe atá achtaithe faoi na conarthaí, fiú mura mbíonn siad ag teacht le dlíthe náisiúnta.

Is Rialacháin agus Treoracha príomhghníomhartha reachtacha an AE. Ní bhíonn ar Bhallstát beart feidhmiúcháin ar bith a dhéanamh chun go dtiocfadh rialachán i bhfeidhm ina gcríoch féin. Nuair a thagann siad i bhfeidhm, bíonn tús áite acu ar fhorálacha sa dlí náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ar neamhréir leo. Maidir le Treoracha, bíonn ar na Ballstáit toradh áirithe a chur i gcrích ach fágtar fúthu féin an slí leis an toradh sin a chur i gcrích. Nuair a chaitear an tréimhse ama a bhíonn sonraithe chun treoir a thrasuíomh sa dlí náisiúnta, uaireanta agus faoi choinníollacha áirithe, gabhann éifeacht dhíreach leis an Treoir i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Gníomhartha dlíthiúla is ea cinntí agus dírítear chuig pearsana nó cuideachtaí sonraithe iad. Úsáidtear de ghnáth iad i nDlí na hIomaíochta nó rialuithe ar Chabhracha Stáit. Ach úsáidtear go minic iad le haghaidh cúrsaí nós imeachta nó riaracháin laistigh de na hInstitiúidí. Tá feidhm dhlíthiúil chothrom ag rialacháin, treoracha agus cinntí agus tá feidhm acu gan céimiúlacht fhoirmiúil.

Tá ról tábhachtach ag cúirteanna náisiúnta na mBallstát maidir le forghníomhú na ndlíthe AE. Deirtear sna conarthaí go ngníomhóidh an AE agus na cúirteanna náisiúnta “de mheon dlúthpháirtíochta”. Is féidir leis na cúirteanna náisiúnta iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar léiriú nó bailíocht reachtaíochta an AE má mheasann an chúirt go bhfuil gá le cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt. Ach is ag cúirteanna an AE amháin atá an ceart a dhearbhú go bhfuil reachtaíocht an AE neamhbhailí.

Eacnamaíocht an AE[athraigh | edit source]

Chruthaigh an AE margadh eacnamaíochta aonair ar fud chríocha a Ballstáit. Faoi láthair, úsáidtear airgeadra aonair in 16 mBallstát – limistéar an euro. Meastar gur eacnamaíocht aonair í eacnamaíocht an AE. I 2007, bhí oltáirgeacht intíre (OTN) ainmniúil de US$16,83 trilliún ag an AE – ba shin 31% de tháirgeacht eacnamaíochta iomlán an domhain agus mar sin tá an eacnamaíocht is mó ar domhan ag an AE de réir OTN ainmniúil. Is í eacnamaíocht an AE an dara bloc trádála eacnamaíochta is mó ar domhan ó thaobh luacháil PPP de OTN [?]. Chomh maith leis sin, is é an t-onnmhaireoir earraí is mó ar domhan é, an dara allmhaireoir is mó ar domhan, agus an páirtí trádála is mó do roinnt tíortha móra mar An India agus An tSín.

Buiséad[athraigh | edit source]

Aontaíonn na Ballstáit buiséad an Aontais Eorpaigh ar bhonn ilbhliantúil tar éis dóibh togra a fháil ón gCoimisiún Eorpach. D'imigh an buiséad deiridh in éag i 2006 agus caithfear buiséad nua a aontú do na blianta 2007-2013. Cuireadh tús leis na pléite ar an mbuiséad nua i 2004. Clúdóidh an socrú nua buiséad d'Aontas ina bhfuil seacht mBallstát is fiche le leibhéil éagsúla forbartha eacnamaíochta agus sóisialta bainte amach acu.

Beartais[athraigh | edit source]

Maidir le forbairt talmhaíochta agus tuaithe de, tá an Comhbheartas Talmhaíochta, ar a dtugtar an CAP nó an Common Agricultural Policy as Béarla, á athchóiriú faoi láthair. Bunaíodh creat dleathach ar ar tugadh an Comhbheartas Iascaigh nó Common Fisheries Policy (CFP) i 1983. Seo an beartas faoina bhfuil forbairt na n-earnálacha iascaigh curtha i bhfeidhm. Rinneadh athbhreithniú agus athchóiriú air sa bhliain 1992 agus arís ag deireadh na bliana 2002. Tá an bhéim curtha ar chaomhnú agus ar fhorbairt stoic sa CFP.

Institiúidí agus Comhlachtaí an AE[athraigh | edit source]

Is iad seo institiúidí an AE, mar atá:

Faoi Chonradh Liospóin, déantar Institiúid freisin de:

  • An Chomhairle Eorpach (Na Ceannairí Stáit agus/nó Rialtais)

Is iad seo comhlachtaí an AE, mar atá:

Déimeagrafaic[athraigh | edit source]

Measadh, i mí Eanáir 2009, go bhfuil 503,492,041 duine ina gcónaí sna 28 Ballstát.

Tá 7.3% de dhaonra an domhain ina gcónaí san AE ach ní chlúdaíonn an AE ach 3% de thalamh an domhain. Tá dlús daonra de 113km² (44 míle cearnach) ag an AE. Tá an trian de shaoránaigh an AE ina gcónaí i gcathracha a bhfuil thart ar milliún duine iontu agus cónaíonn 80% i limistéir uirbeacha go ginearálta. Tá níos mó cathracha domhanda san AE ná mar atá in aon réigiún eile ar domhan. Tá 16 chathair san AE a bhfuil daonra os cionn milliún duine iontu.

Chomh maith le cathracha móra, tá roinnt réigiún san AE a bhfuil dlús ard daonra iontu, áiteanna a bhfuil roinnt cathracha gar dá chéile agus a bhfuil limistéir mhóra ina gceart féin cruthaithe acu: Na réigiúin is mó ná Rhine-Ruhr (Köln, Dortmund, Düsseldorf srl.) ina bhfuil timpeall agus 10.5 milliún duine, Randstad (Amstardam, Rottardam, An Háig, Utrecht srl.) ina bhfuil timpeall agus 7 milliún duine, an Réigiún Frankfurt Rhein-Main (Frankfurt, Wiesbaden srl.) ina bhfuil timpeall agus 5.8 milliún duine, an muileata Pléimeannach (limistéar uirbeach idir Antwerpen, an Bhruiséil, Leuven agus Gent) ina bhfuil timpeall agus 5.5 milliún duine, Réigiún Tionsclaíoch na Siléisea Uachtair (Katowice, Sosnowiec srl.) ina bhfuil timpeall agus 3.5 milliún duine agus an Réigiún Oresund (Cóbanhávan, An Danmhairg agus Malmö, An tSualainn) ina bhufuil timpeall agus 2.5 milliún duine.

Teangacha[athraigh | edit source]

Tá 24 teanga oifigiúil agus oibre ag an AE: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, agus Ungáiris. Aistrítear doiciméid thábhachtacha, mar shampla reachtaíocht, go gach teanga oifigiúil. Déanann Parlaimint na hEorpa aistriúchán i ngach teanga ar dhoiciméid agus ar a seisiúin iomlánacha. Ní úsáideann roinnt institiúidí eile ach cúpla teanga mar theangacha inmheánacha oibre. Is iad na Ballstáit atá freagrach as an bpolasaí teanga, ach cuireann institiúidí an AE béim ar theangacha eile a fhoghlaim.

Is í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais (timpeall agus 88.7 milliún duine ó 2006), agus ansin leanann Béarla, Iodáilis agus Fraincis. Labhraíonn níos mó ná leath de dhaonra an AE (51%) Béarla agus mar sin is é an teanga iasachta is labhartha san Aontas é. Leanann Gearmáinis agus Fraincis. Is féidir le 56% saoránach Eorpach comhrá a choinneáil i dteanga eile seachas a dteanga dhúchais. Teangacha Ind-Eorpacha is ea formhór theangacha oifigiúla an AE, seachas an Eastóinis, an Fhionlainnis agus an Ungáiris den fhine Úralach agus Máltais ar teanga Seimíteach í. Scríobhtar an chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE san aibítir Laidineach, seachas Bulgáiris a scríobhtar san aibítir Chirileach agus an Ghréigis a scríobhtar san aibítir Gréagach.

Chomh maith leis na 24 teanga oifigiúil, tá timpeall 150 teanga réigiúnacha agus neamhfhorleathana san Aontas á labhairt ag timpeall 50 milliún duine. As na teangacha sin, is féidir le saoránaigh comhfhreagras a dhéanamh le príomhinstitiúidí an AE i dteangacha réigiúnacha na Spáinne (Catalóinis, Bascais agus Gailísis), i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais. Cé go dtugann cláir an AE tacaíocht do theangacha réigiúnacha agus neamhfhorleathana, is ceist do na Ballstáit féin é cosaint na dteangacha.

Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: Tuircis, Araibis, Rúisis, Urdais, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Úcráinis, Puinseáibis agus teangacha Balcánacha. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.

Creideamh[athraigh | edit source]

Is comhlacht tuata é an AE agus mar sin níl aon nasc foirmiúil aige le haon chreideamh agus ní luaitear aon chreideamh in aon chonradh atá faoi láthair ann nó atá beartaithe. I rith pléití faoi dhréacht-téacsanna an Bhunreachta don Eoraip agus níos déanaí Chonraidh Liospóin, bhí tograí ann chun An Chríostaíocht agus/nó Dia a lua i mbrollach an téacs, ach sa deireadh diúltaíodh do na tograí sin.

Is é an fáth go bhfuil béim mar sin ar Chríostaíocht ná gurb í an Chríostaíocht an creideamh is fairsinge san Eoraip, agus mar sin san AE. Cuimsítear na reiligiúin seo a leanas leis an gCríostaíocht: an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, iomad eaglaisí Protastúnacha (go háirithe i dtuaisceart na hEorpa) agus an Eaglais Cheartchreidmheach (in oirdheisceart na hEorpa). Tá creidimh eile san AE mar Ioslam agus Giúdachas. Measadh go raibh daonra Moslamach de 16 mhilliún duine san Eoraip i 2006 agus daonra Giúdach de níos mó ná milliún duine.

De réir pobalbhreitheanna Eurobarometer ó Eurostat, tá claonadh éigin i dtreo an chreidimh ag formhór shaoránaigh an AE, ach ní mheasann ach 21% díobh gur rud tábhachtach é. Tá an méid aindiachaithe i measc an phobail i gcoitinne san Eoraip ag méadú agus tá laghdú ag teacht ar an mballraíocht in eaglaisí agus freastal ar sheirbhísí diaga. Dar le Eurobarometer i 2005, as na 25 Ballstát ag an am sin, chreid 52% de na daoine i nDia, chreid 27% i spioradáltacht éigin agus ní raibh aon chineál chreidimh ag 18% de na daoine. Ba iad Poblacht na Seice agus An Eastóin na tíortha ina raibh an líon daoine ba lú creidimh (19% i bPoblacht na Seice agus 16% san Eastóin). Ba iad Málta, An Chipir agus An Rómáin na tíortha ba reiligiúnda (95% Caitliceach i Málta agus 90% de shaoránaigh na Cipire agus na Rómáine ag creideamh i nDia). Ar fud an AE, ba i measc na mban ba mhí a bhí creideamh le sonrú, agus is airde a céatadán de dhaoine a chreid sna catagóirí seo a leanas: daoine aosta, daoine a fuair oiliúint reiligiúnda, daoine a d'fhág an scoil ag 15 bliana d'aois le hoideachas bunúsach agus na daoine den eite dheas.

Creidimh tábhachtacha eile san AE is ea an Búdachas, an Hiondúchas agus an Saíceachas. Tá an Hiondúchas agus an Saíceachas an-láidir sa Ríocht Aontaithe.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc