Poblacht na Seice
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
| Mana: "Pravda vítězí" | |||||
| Amhrán náisiúnta: Kde domov můj | |||||
| Príomhchathair | Prág 50°5′ Thuaidh 14°28′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | Prág | ||||
| Teangacha oifigiúla | Seicis | ||||
| Rialtas | Poblacht Václav Klaus Jan Fischer |
||||
| Neamhspleáchas ón Ostair-Ungáir ón Seicslóvac |
28 Deireadh Fómhair, 1918 1 Eanáir, 1993 |
||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
78,866 km² (117ú) 2.0% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2007 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
10,306,709 (79ú) 10,230,060 130/km² (77ú) |
||||
| OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $236.536 billiún (41ú) $23,100 (33ú) |
||||
| Airgeadra | Koruna (CZK) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+2) CEST (UTC+1) |
||||
| Fearann Idirlín | .cz | ||||
| Glaochód | +420 |
||||
Tír thalamhiata is ea í Poblacht na Seice (Česká republika nó Česko as Seicis). Tá an tír suite i lár na hEorpa agus tá sí ina ballstát san Aontas Eorpach. Tá teorann aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, an nGearmáin san iarthar, an Ostair sa deisceart agus an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág (Praha as Seicis) príomhchathair na tire. Tá an tír déanta den mBoihéim agus an Moravia, réigiúin stairiúla sa limistéar, chomh maith le cuid den Silesia.
Tar éis Catha Mohács, rialaigh na Hapsburgaigh tailte na Seice. Níos moille ba pháirt de hImpireacht na hOstaire agus an Ostro-Ungáir ab ea iad tailte na Seice. Cruthaíodh Poblacht na Seiceslóvaice neamhspeách i 1918 tar éis titime na hImpireachta Ostro-Ungáire i ndiaidh an Chéad Cogaidh Domhanda. Tar éis an Chomhaontú München, áitíochta na Gearmánach sa Seiceslóvaic, díomá na ndaoine le freagra an Iarthair agus buíochas na ndaoine do shaoradh na tíre ag an Arm Dearg, bhuaigh an Páirtí Cumannach iolrachas (38%) sna toghcháin i 1946. Tharla coup d’état i 1948, agus de thoradh sin, d’éirigh an tSeiceslóvaic ina tír Cumannach. I 1968, mar gheall ar mhíshásamh méadaitheach, bhí iarraidh chun an réim a leasú. Glaodh “Earrach Phrág” ar na heachtraí sin agus tháinig sé chun buaice le hionradh arm na tírthe Chomhaontú Vársá. D’fhan na trúpaí sa tír go dtí titim na réime cumannaigh le linn na Réabhlóide Veilbhite i 1989. Ar 1 Eanair 1993, díscaoileadh an tSeiceslóvaic go síthiúil agus cruthaíodh dhá stát eile – Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.
Daonlathas ionadaíoch is ea í Poblacht na Seice le parlaimint iolraíoch ilpháirtí. Tá Václav Klaus ina cheann stáit faoi láthair. Tá an Príomh-Aire (Mirek Topolánek faoi láthair) ina cheann rialtais. Tá dhá seomra sa Pharlaimint – Seomra na nIonadaithe augs an Seanad. Chuaigh Poblacht na Seice in ECAT i 1999 augs in Aontas Eorpach i 2004. Is ball de OECD, Comhaire na hEorpa agus an Grúpa Visegrád ia ea í Poblacht na Seice chomh maith.
Rinne Poblacht na Seice leasú eacnamaíochta mar príobháidiú tapa agus cáin comhréidh. Tá fás OTI deireanach timpeall 6%. Dár leis an mBanc Domhanda, is í Poblacht na Seice an chéad tír ó Comecon chun an stádas “tír fhorbartha” a bhaint amach.