Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrFMI, FMI, FMI, FMI, FMI, FMI, FMI, FMI, IMF, IMA, IMF, IWF, FMI, IMF, NDF, MMF, FME, MMF, ΔΝΤ, HPF, ХПФ, AGS, IMF, FMI, DMI, SVF, IGF, MFW, FMI, MMF, MDS, FMN, XVF, FMI, XVJ, ХВЖ, MMF, ММФ, MMF, СБП, ไอเอ็มเอฟ, FMI, ԱՄՀ, CAI, TVF, МВФ, МВФ, ХВФ, YMF, ЭВФ, ОУВС, МВФ, MMF, МВФ, FMI, 아이엠에프, ХААФ, სსფ, IMF, ММФ, ХВФ, RVF, IMF agus FMI Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálinternational financial institution (en) Aistrigh
specialized agency of the United Nations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhIúil 1944
1945

Articles of Agreement of the International Monetary Fund (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deNetwork for Greening the Financial System (en) Aistrigh
ORCID Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinKristalina Georgieva (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe2,908 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Máthaireagraíochtna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinimf.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: 109505255742373 Twitter: IMFNews Instagram: the_imf LinkedIn: international-monetary-fund Youtube: UCIYhr3JsLYfKkCM7-W5B6DA Flickr: 38851430@N07 Cuir in eagar ar Wikidata

Is foras airgeadais agus airgeadaíochta idir-rialtasach comhoibritheach é an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)(An IMF nó an International Monetary Fund sa Bhéarla) a bhaineann le feidhmiú an chórais airgeadaíochta idirnáisiúnta agus le polasaithe maicreacnamaíocha a bhallstáit, ach go háirithe iad siúd a mbíonn tionchar acu ar an ráta malairte agus le comhardú na n-íocaíochtaí. Is cuspóir sonraithe na heagraíochta é rátaí malairte idirnáisiúnta a chobhsú agus forbairt a éascú trí fhorfheidhmiú liobrálachas an mhargaidh ar tíortha eile mar choinníoll le haghaidh iasachtaí athstruchtúraithe nó cabhrach.

Tairgeann an CAI iasachtaí le han-ghiaráil, den chuid is mó do thíortha níos boichte. Tá a cheanncheathrú i Washington, DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cáineann roinnt foinsí go trom an tionchar 'míchuí' (dar leo) a imiríonn an CAI ar fhorás agus ghnóthaí an domhain.

Eagrúchán agus cuspóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go hoifigiúil sa bhliain 1945, tar éis do 29 tír a chuid Airteagal Comhlachais a shíniú ag comhdháil a tionóladh in Bretton Woods, New Hampshire, Stáit Aontaithe Mheiriceá, i mí Iúil 1944, a bhfuil mar aidhm aige rátaí malairte a chobhsú agus cuidiú le hathchóiriú an córas íocaíochta idirnáisiúnta. Sainíonn airteagail chomhaontaithe na cumhachtaí agus na freagrachtaí atá dílsithe ag a chomhaltaí san IMF.[1]

Rannchuidíonn tíortha chuig ciste a d'fhéadfadh a bheith bronnta ar iasacht, ar bhonn sealadach, ar thíortha le míchothromaíochtaí íocaíochta (Condon, 2007). Bhí tábhachtach leis an CAI nuair a chéad cruthaíodh é mar chabhraigh sé leis córas eacnamaíochta domhanda a chobhsú.

Oibríonn an CAI chun geilleagar na mballstát a fheabhasú. Cuirean an CAI síos ar é féin mar "eagraíocht de 187 tír (ó Iúil 2010), a bhíonn ag obair le haghaidh chomhoibriú airgeadaíochta dhomhanda, cobhsaíochta airgeadais a chosaint, trádáil idirnáisiúnta a éascú, chur chun cinn ard fostaíocht agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe, agus an bochtaineachta a laghdú. "

Ballraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 186 ball de chomhaltaí na Náisiúin Aontaithe agus an Chosaiv sa CAI.

Iarrbhaill is ea iad: Cúba (ó 1964), agus an Téaváin (a díbeartha as sa bhliain 1980 mar gheall ar chúiseanna polaitiúla).

Is iad na tíortha eile nach baill iad : An Chóiré Thuaidh, Andóra, Monacó, Lichtinstéin, Nárú, Oileáin Cook, Niue, Cathair na Vatacáine agus an chuid eile de na stáit a bhfuil aitheantas teoranta acu.

Bíonn rannpháirteach dhíreach ag gach ballstát leis an CAI. Bíonn ionadaíocht ag na stáit ar Bhord Feidhmiúcháin (bíonn cúigear Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ceaptha ag an cúigear comhaltai leis na cuótaí is mó, agus bíonn 19 Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tofa ag na baill eile), agus is iad na comhaltaí go léir a cheapann Gobharnóir chun Bhoird Gobharnóirí an CAI .

Bíonn gach ball den CAI ina gcomhaltaí chomh maith den Bhanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha (BIAF), agus vice versa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""airteagail chomhaontaithe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-07-18.