Washington, D.C.
| Washington, D.C. District of Columbia |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Ceantar feidearálach: | District of Columbia |
| Méara: | Vincent C. Gray (D) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 177 km² |
| Daonra: | 601,723 (2010) |
| Dlús daonra: | 3,784.4/km² |
| Crios ama: | EST (UTC-5) |
| www.dc.gov | |
Is é Washington, D.C. príomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tagann an t-ainm ón gcéad Uachtarán, George Washington, agus ciallaíonn "D.C." District of Columbia (Ceantar Cholumbia). Sa chathair seo atá rialtas na Stát Aontaithe, agus is ceantar ar leith é sa mhéid go bhfuil Comhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá i gceannas air ach nach dtoghann an ceantar ach teachta amháin agus é/í gan vóta. De bhrí nach stát atá ann ní chuireann votálaithe an cheantair seanadóirí go Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chor ar bith.
Is cathair phleanáilte é Washington, D.C. Cuireadh Pierre Charles l'Enfant, an t-ailtire Francach, ag leagan amach príomhchathrach as an nua don phoblacht óg sa bhliain 1791 agus chruth sé plean Barócach, a bhunaigh sé ar roinnt cathracha san Eoraip. Cuireadh as an phost é an bhliain ina dhiaidh sin mar gheall ar a chuid "micreabhainisteoireachta"—duine doranna a bhí ann. Lean Andrew Ellicott agus Benjamin Banneker, Meiriceánaigh, den phleanáil agus thosaigh siad á cur i gcrích.
[athraigh] Aeráid
| Washington, D.C. – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | 5.83 | 8.06 | 13.17 | 19.06 | 24.11 | 28.83 | 31.28 | 30.17 | 26.28 | 20.00 | 14.06 | 8.33 | 19.11 |
| Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | -2.61 | -1.28 | 2.94 | 7.72 | 13.22 | 18.33 | 21.17 | 20.33 | 16.56 | 9.78 | 4.44 | 0.00 | 9.22 |
| Meán-bháisteach (mm) | 81.5 | 66.8 | 91.4 | 70.4 | 97.0 | 79.5 | 93.0 | 87.4 | 96.3 | 81.8 | 77.0 | 77.5 | 999.5 |
| Meán-shneachta (cm) | 15.0 | 13.0 | 4.1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1.8 | 3.6 | 37.3 |
| Foinse: NOAA Eanáir 2011 | |||||||||||||