Philadelphia
| Philadelphia | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | Pennsylvania |
| Méara: | Michael Nutter (D) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 349.6 km² |
| Daonra: | 1,540,351 |
| Dlús daonra: | 4,405.4/km² |
| Airde: | 12 m |
| www.phila.gov | |
Is í Philadelphia an séú cathair is mó i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an chathair is mó i stát Pennsylvania. Tá breis is 1.54 milliún duine ina gcónaí sa chathair féin de réir mheastachán Bhiúró an Daonra sa bhliain 2008, agus timpeall 5.8 milliún duine má chuirtear na fobhailte san áireamh. Tá 135 míle cearnach d’achar ann. Tá an chathair suite in oirthear Pennsylvania, ar bhruach thiar na hAbhann Delaware. Tugtar “Philly” agus “Cathair an Ghrá Bráthar” ar an gcathair mar leasainmneacha. ("Grá Bráthar” an chiall atá le Philadelphia sa Ghréigis.)
Bunaíodh Philadelphia sa bhliain 1682. Baineadh úsáid aisti mar phríomhchathair na Stát Aontaithe sa tréimhse 1790–1800 agus an phríomhchathair nua, Washington, D.C. á tógáil. Is é Michael Nutter (Páirtí Daonlathach) méara na cathrach faoi láthair.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.