Phoenix, Arizona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Phoenix
Phoenix
Suíomh

33°27′ Thuaidh 112°4′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the United States.svg SAM
Stát: Arizona
Méara: Phil Gordon (D)
Déimeagrafaic
Achar: 1,334.1 km²
Daonra: 1,552,259 (2007)
Dlús daonra: 1,188.4/km²
Crios ama: MST (UTC-7)
www.phoenix.gov

Is í Phoenix príomh-chathair Arizona Mheiriceá, agus í ar an gcathair is mó sa stát freisin. Tá sí ar an bpríomhchathair stáit is mó daonra i Meiriceá agus an 3ú cathair is mó achair sa tír (tá Juneau, Alasca agus Cathair Oklahoma níos mó). Tá Phoenix suite i gContae Maricopa, i lár an stáit.

Aeráid[athraigh | edit source]

Tá aeráid Phoenix te agus tirim. Meán-uasteocht an lae 40.0 °C (104.0 °F) i mí Iúil agus meán-íosteocht na hoíche 6.1 °C (43.0 °F) i mí Eanair. Is iad 50.0 °C (122.0 °F) an teocht is airde riamh sa chathair agus -8.3 °C (17.0 °F) an teocht is ísle ó thosach annálacha na haimsire.

Teocht
Ean Fea Már Aib Bea Mei Iúl Lún MFr DFr Sam Nol Blian
Meán-uasteocht an lae (°C) 18.3 20.5 23.3 28.3 33.3 38.8 40.0 38.8 36.1 30.0 22.7 18.3 27.1
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 6.1 8.3 10.5 14.4 18.8 23.8 27.2 26.6 23.8 17.2 10.0 6.7 13.3
Foinse: National Climatic Data Center