San Antonio, Texas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
San Antonio
San Antonio

Lár na cathrach

Suíomh

29°25′ Thuaidh 98°30′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the United States.svg SAM
Stát: Texas
Méara:
Bainisteoir na cathrach:
Julian Castro
Sheryl Sculley
Déimeagrafaic
Achar: 1,067.1 km²
Daonra: 1,330,000
Dlús daonra: 1,313.1/km²
Airde: 198 m
www.sanantonio.gov

Cathair i ndeisceart láir Texas i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea San Antonio. Príomhbhaile chontae Bexar atá ann agus é suite ar uiscí uachtair na hAbhann San Antonio ar an scairp Balcones. Bhunaigh fórsa míleata Spáinneach presidio (garastún) agus misean san áit ar 1 Bealtaine 1718. Baile Beag Indiach a bhí ann cheana. Lonnaigh grúpa teaghlach ó na hOileáin Chanáracha ag San Antonio sa bhliain 1731. Sa bhliain 1836 a tharla léigear an Alamo (an misean Spáinneach a bhí ina dhúnfort faoin am sin) príomheachtra stair Texas. Inniu, tá 1,330,000 duine ina gcónaí sa chathair féin (2010) agus 2.2 milliún i mórcheantar na cathrach.

Promanád na hAbhann sa cheantar turasóireachta. Sníonn an promanád dhá mhíle go leith slí trí San Antonio.