Texas
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
| Leasainm: Lone Star State ("Stát na Réalta Aonair") | |||||
| Príomhchathair | Austin | ||||
| An chathair is mó | Houston | ||||
| Gobharnóir | Rick Perry (P) | ||||
| Teangacha oifigiúla | Níl teanga oifigiúil ag an stát. Amach ón mBéarla, labhraítear Spáinnis go coitianta i dTexas. | ||||
| Achar | 696,241 km² (2ú) | ||||
| - Talamh | 678,907 km² | ||||
| - Uisce | 17,333 km² (2.5%) | ||||
| Daonra (2010) | |||||
| - Daonra | 25,145,561 (2ú) | ||||
| - Dlús daonra | 37.2 /km² (26ú) | ||||
| Iontráil san Aontas | |||||
| - Dáta | 29 Nollaig 1845 | ||||
| - Ord | 28ú | ||||
| Crios ama | UTC -6/-5 UTC-7/-6(san iarthar) |
||||
| Domhanleithead | 25°50'N to 36°30'N | ||||
| Domhanfhad | 93°31'W to 106°38'W | ||||
| Leithead | 1,065 km | ||||
| Fad | 1,270 km | ||||
| Airde | |||||
| - An airde is mó | 2,667 m | ||||
| - Meánairde | 520 m | ||||
| - An airde is lú | 0 m | ||||
| Giorrúcháin | TX, US-TX | ||||
| Láithreán Gréasáin | www.state.tx.us | ||||
Ceann de na Stáit Aontaithe is ea é Texas. Is é Texas an 28ú stát é, agus chuaigh sé san Aontas sa bhliain 1844 tar éis naoi mbliana neamhspleáchais. Is é TX giorrúchán poist a ainm.
Tháinig ainm an stáit as an teanga Caddo, teanga bhundúchasach Mheiriceánach a bhí á labhairt ag na Hasinai. Comhghuaillíocht de threibheacha ab ea iad na Hasinai agus an teanga seo á labhairt acu. Is é is brí leis an bhfocal táyshaʔ sa teanga seo ná "cara", agus nuair a chuir na Meicsiceánaigh iarmhír na huimhreach iolra leis, fuarthas Texas nó Tejas.
Is é Texas an dara stát is mó sna Stáit Aontaithe de réir a achair (tá Alasca níos mó) agus de réir an daonra (tá California níos mó).
Is í Austin príomhchathair Texas, ach is í Houston an chathair is mó. Ainmníodh an dá chathair as daoine de bhunaitheoirí an stáit, is é sin, Stephen Fuller Austin, "athair Texas", agus Sam Houston, a chaith dhá sheal ina Uachtarán ar Texas nuair a bhí sé ina Phoblacht neamhspleách. Tá duine as gach beirt in Texas ina gcónaí i ndúiche cathrach Houston nó i ndúiche cathrach Dallas-Fort Worth.
Is iad an dá thionscal is mó a thuilleann clú do Texas ná an fuinneamh (giniúint chumhachta agus scagaireacht artola) agus an aerloingseoireacht (NASA).
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
|
|||