Ailtireacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíon agus eolaíocht ar dhearadh foirgnimh atá san Ailtireacht. Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta, ó leibhéal macro pleanáil bailte, dearadh cathartha, agus ailtireacht tírphictiúra go leibhéal micro dearadh troscán nó dearadh táirgí.
Clár ábhair |
[athraigh] Scóp agus cuspóir
De réir an chéid saothar faoin ábhar a bhfuil teacht againn fós air, De Architectura le Vitruvius, ba chóir go mbeadh Áilleacht (Venustas), Buaine (Firmitas) and Áisiúlacht (Utilitas) ag baint le forgneamh maith; féadtar a rá gur cothromú agus comheagrú na príomhthréithe a bhaineann leis an ailtireacht agus gan ceann acu ag sárú an chinn eile. Cuireann sainmhíniú nua-aoiseach béim ar conas mar a fhreagraítear ceisteanna aestéiticúla, structúrtha agus feidhmiúla.
Gnó ilghéitheach is ea an ailtireacht, agus baineann sí feidhm as an matamaitic, an eolaíocht, an ealaíon, an teicneolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta, an bpolaitíocht, an stair, an bhfealsúnacht agus gnéithe eile nach iad. I bhfocail Vitruvius, "Is éard atá san ailtireacht eolas atá maisithe le cineálacha éagsúla léinn agus a chuidíonn le breith cheart a thabhairt ar a ndéantar trí cheirdeanna eile". (Architecti est scientia pluribus disciplinis et variis eruditionibus ornata, cuius indicio probantur omnia quae ab ceteris artibus perficiuntur opera.) Maíonn sé gur chóir d´ailtire a bheith cleachtach leis an gceol, leis an réalteolaíocht agus le hábhair eile. Cuirtear béim ar leith ar an bhfealsúnacht; cluintear caint go minic ar fhealsúnacht ailtirí ar leith, nuair is é a bhealach oibre atá i gceist.
[athraigh] Teoiric agus cleachtadh
Ba dheacair an iomarca béime a chur ar thábhacht na teoirice agus an cleachtadh i gceist, cé gur beag ailtire a bhacann le teoiric. Mar a deir Vitruvius : "As an gcleachtadh agus as an teoiric a fháisctear an ailtireacht. Is éard atá sa chleachtadh machnamh fada leanúnach a dhéanamh ar an déantús, agus na lámha ag oibriú air i dtreo go gcuirtear an obair i gcrích le chuile shaghas ábhair. Is éard atá sa teoiric an míniú agus an soiléiriú is féidir a dhéanamh ar oiriúnacht na rudaí a beartaíodh". (Ea nascitur ex fabrica et ratiocinatione. Fabrica est continuata ac trita usus meditatio, qua manibus perficitur e materia cuiuscumque generis opus est ad propositum deformationis. Ratiocinatio autem est quae res fabricatas sollertia, ratione proportionis demonstrare atque explicare potest.)
[athraigh] Ailtireacht agus foirgnimh
Is iomaí duine a chuir suim sa difríocht atá idir tógáil agus ailtireacht. Deir Nikolaus Pevsner, stairí Eorpach a bhí beo i dtús na 20ú hAois, "Is foirgneamh é cró rothar, is saothar ailtireachta í Ardeaglais Lincoln". Ach níl an deighilt chomh soiléir sin, dar le saineolaithe an lae inniu. Thug an leabhar cáiliúil Architecture Without Architects ó lámh Bernard Rudofsky raidhse samplaí de struchtúir a rinne gnáthdhaoine le cois a chéile i ríocht na hailtireachta. Má fhéachann tú i bhfad siar feictear go mbíonn daoine ar aon intinn faoi céard is ailtireacht ann ach meathann an aontuairim sin de réir a chéile, b´fhéidir toisc go soléirítear an scéal le himeacht aimsire. Má mheasaimid gurb éard atá san ailtireacht tógáil mhaith, mar a deir Vitruvius, an amhlaidh mar sin nach bhfuil a leithéid de rud ann is droch-ailtireacht? Leis an scéal seo a shocrú, go háirithe agus an oiread sin foirgneamh nua ann, d´fhéadfaí an ailtireacht a shainmhíniú mar cheird an ailtire. Chuirfeadh sé seo béim ar fhorás na hailtireachta agus an ailtire.
[athraigh] Stair na hailtireachta
D'eascair an ailtireacht as an gcaidreamh a bhí idir riachtanais na ndaoine, na hábhair a bhí ar fáil agus cumas an lucht tógála.
De réir mar a aithníodh riachtanais éagsúla eile, b’fhacthas nach raibh san ailtire ach duine mar dhaoine eile a raibh gá lena gcuid oibre. Amanta is é an fear stiúrtha é, agus amanta ní hé.
- Mar chríoch
Is iad na foirgnimh an fhianaise is mó ar ghnó na bhfear. Ach sna tíortha is boichte is iad na daoine iad féin nó na saoir chloiche a dhearann iad, rud a dhéantar le táirgí caighdeánaithe sna tíortha forbartha. Fanann an t-ailtire ar imeall na tógála féin. Ní bhíonn iarraidh ar scileanna an ailtire ach i bhfoirgnimh casta nó sna cinn ar samhailchomharthaí cultúrtha nó polaitiúla iad. Ach sin é an meas atá ag an bpobal ar an ailtireacht. Níl buntábhacht leis an ailtire agus ní bhíonn sé neamhspleách. Bíonn idirghabháil i gcónaí idir an ailtire agus an pobal. Agus an rud a thagann as seo, féadtar ailtireacht a thabhairt air - már tháirgeadh nó mar ghné eolais.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Royal Institute of Architects of Ireland
- American Institute of Architects
- Royal Institute of British Architects
- Archeire - Irish Architecture Online
- Archinect - cúrsaí reatha agus fóram plé bríomhar as Béarla
- Paddi.net - Planning Architecture Design Database Ireland
- eText de Architecture and Democracy le Bragdon, Claude Fayette, ag Project Gutenberg
- eText de The Beautiful Necessity: Seven Essays on Theosophy and Architecture by Bragdon, Claude Fayette, at Project Gutenberg
- eText de Four-Dimensional Vistas le Bragdon, Claude Fayette, ag Project Gutenberg
- [1] de Marcus Vitruvius Pollio: De Architectura, Liber I