Fealsúnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarrachtaí an chine dhaonna an domhan atá timpeall orthu a thuiscint agus brí a bhaint as an mbeatha. Úsáidtear an réasúnaíocht is an díospóireacht chun é sin a dhéanamh. Is féidir linn an fhealsúnacht a mheas de réir na réanna stairiúla inar cruthaíodh na smaointe is na fealsúnachtaí éagsúla. Tagann an focal Gaelach ó fhocal Sean-Ghréigise, "φιλοσοφια" ("philosophia"), a chiallaíonn "grá an eolais", agus ba iad na Gréagaigh (Sócraitéas, mar shampla) a bhunaigh traidisiún na fealsúnachta in Iarthar Eorpa.

Fealsamh a thugtar ar dhuine a bhíonn ag plé le fealsúnacht.

Platón (ar thaobh na láimhe clé) and Arastotail (ar thaobh na láimhe deise): cuid de "Scoil na hAithine". Raffaello Sanzio (1509) a rinne.

Clár ábhair

[athraigh] Nádúr na Fealsúnachta

Is féidir leis an bhfealsúnacht í féin a chur in iúl mar eolas cuimsitheach, mar mhachnamh ar nádúr an tsaoil uile agus ar eiseadh an duine, nó mar cheistiú. Cuirtear aidhmeanna difriúla ina leith – dul amach ar an bhfírinne nó ar an maitheas nó ar an áilleacht – ach, go formhór, machnamh a dhéanamh agus do chuid barúlacha féin a chur i gcomórtas le barúlacha daoine eile. Agus is féidir an fhealsúnacht a shamhlú mar chruthú, mar mhionscrúdú nó mar mheabhrú ar choincheapa.

Murab ionann is na heolaíochtaí daonna, na heolaíochtaí nádúrtha agus na heolaíochtaí foirmiúla, disciplíní a bhfuil dlúthbhaint ag an bhfealsúnacht leo, níl ábhair staidéir ar leith aici. Tá lé aici le réimsí eolais áirithe mar an loighic, an eitic, an mheitifisic, an fhealsúnacht pholaitiúil agus theoiric an eolais. Tar éis tamaill nascadh na brainsí bunúsacha úd le disciplíní eile, mar fhealsúnacht na n-eolaíochtaí, fhealsúnacht na hintleachta, an antraipeolaíocht fhealsúnach, an aestéitic, fhealsúnacht an dlí agus fhealsúnacht na teanga.

[athraigh] Modhanna na Fealsúnachta

Lena thaispeáint cén saghas ruda í an fhealsúnacht, cuirimis síos ar dtús ar roinnt modhanna agus prionsabal nach mbaineann léi.

Ní bhaineann an fhealsúnacht feidhm as an modh trialach, rud a dhealaíonn amach ón bhfisic nó ón mbitheolaíocht í. Ba dhóigh le fealsúna áirithe, leithéidí Kant agus Wittgenstein, gur cuid dhílis den fhealsúnacht an easpa trialach seo.

Is beag aird a thugann an fhealsúnacht ar na fíricí iontu féin, cé nach ionann sin is a rá nach gcuireann sí bunfhíricí áirithe san áireamh. Ní úsáidtear samhailchomharthaí foirmiúla, cé go raibh fonn ar Leibnitz fadhbanna fealsúnacha a fhuascailt le loighic éigin uilíoch. Fiú má bhaineann an fhealsúnacht anailíseach feidhm as an loighic mhatamaiticiúil, is tríd an teanga nádúrtha a chuireann sí féin in iúl.

Fágann sin gur de réir airíonna eile a shainmhínítear an fhealsúnacht. De réir sainmhíniú áirithe atá in úsáid faoi láthair, is éard atá san fhealsúnacht, criticeas. Ní sainmhíniú diúltach ar fad é, mar tá sé de chuspóir ag an bhfealsamh dearbhuithe nua a chumadh agus ceartú a dhéanamh ar eolas lochtach, ar mhearbhall coitianta agus ar earráidí na fealsúnachta féin. Sa ré nua-aoiseach is é Descartes is fearr a sheasann don dearcadh sin i leith na fealsúnachta, agus barúil aige gur ghá amhras a chur i ngach rud le dul amach ar an saol.

Is minic ráite é gurb éard a bhíonn ar siúl ag an bhfealsúnacht coincheapa a chumadh chun an réaltacht a thuiscint, rudai a aithint thar a chéile agus a mhionscrúdú, agus ina theannta sin na choincheapa féin agus a gcuid débhríochtaí a scagadh. Is fada eolas ag na fealsúna ar na fadhbanna a bhaineann le débhríochtaí teanga, fadhbanna a dtugann an fhealsúnacht anailíseach an-aird orthu faoi láthair.

[athraigh] Fadhbanna agus Modhanna

Cuid den fhealsúnacht féin is ea socrú na teorann atá idir modhanna agus ábhar na fealsúnachta. Ní foláir do gach fealsamh a thaispeáint cé acu fadhbanna is mian leis a fhuascailt agus cén bealach is fearr lena dhéanamh. Tá dlúthcheangal idir fadhbanna agus modhanna, agus tugann a neamhsheasmhacht féin léargas ar fheidhmiú na fealsúnachta, í ag filleadh uirthi féin, ag dul amach uirthi féin, nó, lena rá níos cruinne, ag scrúdú na modhanna eolais uile (tuairimí, an ealaín, smaointe eolaíocha agus msd) go réasúnach.

Fágann sin gur disciplín déaduchtach agus intleachtúil í an fhealsúnacht; níl sí i dtuilleamaí an iomfheasa ná na dtuairimí suibíochtúla; níl de rogha aici ach feidhm a bhaint as na hargóintí agus na déaduchtuithe: is í toil na réasúnaíochta í ón uair a scar na réamhShocraitéasaigh leis an dearcadh reiligiúnda. Riamh ó shin tá na fealsúna tugtha don tsoiléire agus don chruinneas, ach d’ainneoin an chlaonta láidir sin tháinig géarscrúdú an réasúin chun cinn i bhfealsúnacht an lae inniu, féach Nietzsche, Heidegger agus Adorno: an réasúnaíocht féin á dianchíoradh ag an bhfealsúnacht.

[athraigh] An Modh ann féin

Is éard atá sa Mhodh treoracha áirithe a bhaineann le gníomh a chur i gcríoch – feidhmiú an-chasta comhchoitianta, b’fhéidir, dála rialú pobail, nó fuascailt faidhbe teoiriciúla áirithe. Ó thaobh na staire de, ní féidir ceist an mhodha a scaradh ó fhadhb an deimhnithe sa mhachnamh. Is dóigh le Sócraitéas go gcaithfear cloí le rialacha áirithe agus an t-eolas á lorg, mar a dhéantar i ngach ceird eile. Tá ceangal idir an t-eolas agus an dóigh a dtagtar ar an eolas; é d’aidhm agat earráidí a sheachaint agus smaointe á scagadh, go háirithe earráidí a bhaineann leis na claontuairimí agus na foshuímh.

[athraigh] An Fhealsúnacht mar Nós Beatha

Is fada daoine ag cuimhneamh ar an bhfealsúnacht mar nós beatha seachas mar mheabhrú teoiriciúil. I bhfocail eile: déanann an fealsamh é féin a iompar ar nós áirithe seachas ceisteanna teibí a chíoradh i gcónaí, rud a fhágann go bhfuil tionchar an smaoinimh le haithint ar bheatha an duine. Dá bhrí sin measann fealsúna éigin go gcaithfidh siad daoine eile a threorú agus cuidiú leo maireachtáil go macánta. Is féidir cuspóir comhchoitianta agus polaitiúil féin a dhéanamh de nós pearsanta, rud a léirítear ar dhóigheanna difriúla. D’fhéadfadh pobal ceart cruinniú timpeall fealsaimh, rud a thugann léargas éigin ar na coileanna a bhain le fealsúna mar Phlatón agus a leithéidí.

Ach ní fhágann sin nach féidir leis an bhfealsamh suim a chur sna fadhbanna teoiriciúla. An chríonnacht úd (nó lena rá níos beaichte, an sophia) arb áil leis an bhfealsamh í a bheith aige, is oilteacht freisin í. Tá a fhios ag an bhfealsamh, de réir an traidisiúin a bhunaigh Sócraitéas, conas a chaithfidh sé é féin a iompar; agus is féidir leis údar a chur leis. Iarrann Sócraitéas ar a chomhchainteoirí údar réasúnach a chur lena mbreithiúnas. Féadann an réasúnaíocht riachtanach sin fíorbhun eolaíoch a thabhairt leis an bhfealsúnacht. Ach is iomaí fealsamh a mheas nár nós beatha í an fhealsúnacht ach obair intleachtúil: níl aon amhras ná gur mar sin atá an scéal inniu i gcúrsaí léinn agus taighde.

Bás Shócraitéas. Jacques-Louis David (1787) a rinne. Tá an fealsamh Sócraitéas ar tí deoch nimhe (muing mhear) a ól.

[athraigh] Fealsúnacht na Meánaoise agus ar Fhág Sí Againn

I cúrsaí fealsúnachta is í an Mheánaois bunús an léinn Chríostaí san Iarthar. Is amhlaidh gur shealbhaigh scoláirí Críostaí na húdair Ghréagacha, go háirithe Platón ar dtús, ansin Arastotail. Sholáthair a fhealsúnacht siúd córas machnaimh agus flúirse tráchtaireachta, agus aisti a fáisceadh an scolaíochas, scoil ar mhian léi an diagacht agus an fhealsúnacht a chur in oiriúint dá chéile.

Trí na húdair Laidine a rinneadh an t-athshealbhú sin, trí aistriúcháin ón nGréigis agus trí thráchtaireacht Arabach.

Is fiú a chuimhneamh go ndeachaigh fealsúnacht an Iarthair, an fhealsúnacht Ioslamach agus an fhealsúnacht Ghiúdach i bhfeidhm ar a chéile ar feadh na tréimhse seo.

[athraigh] Tréithe na Fealsúnachta Meánaoisí

Is féidir a rá go han-simplí go raibh dhá thréimhse mhóra ann:

[athraigh] An Ard-Mheánaois (ón 6ú haois go dtí an 10ú haois)

I rith na tréimhse sin ba limistéar tuaithe é an tIarthar, mórán. Tháinig an léann chun cinn sna mainstreacha, taobh amuigh de na bailte móra, de réir riail Naomh Beinidict, riail a raibh saothar inleachtúil ceangailte di agus a chuir na manaigh ag trascríobh na seanúdar. Sna scoileanna manachúla a bhí teacht ar scoth an léinn mheánaoisigh. Bhí na príomhúdair Laidine le fáil i leabharlanna na mainistreacha, cé nach bhfaighfeá ann ach cúpla céad leabhar ar a mhéad. Bhí eolas éigin ar fhealsúnacht na Gréige, mar bhí Platón á aistriú go Laidin agus á léamh, cé nach raibh fáil ar Arastotail fós, údar a tháinig anuas trí Phloitín, trí Agaistín agus trí Iseadór Sheiville.

Ba é an Sasanach Bede a bhunaigh, sa 7ú haois, na saorealaíona (septem artes liberales) agus a rinne staidéar ar leith ar an reitric agus ar an dialachtaic, ag leanúint lorg na nGréagach. Bhí Platón á léamh i gcúirt Shéarlais Mhóir, a bhuíochas sin ar scoláirí ar nós Alcuin.

Bhláthaigh saothar na bhfealsúnaithe nuaphlatónacha, dála an Éireannaigh Johannes Scottus Eiriugenus (Eoin a rugadh in Éirinn), scoil a mhairfeadh go dtí an Mheánaois Íochtarach,agus as sin amach mar Agaistíneachas.

Sa seansaol bhí an fhealsúnacht bunaithe ar chleachtadh na gceisteanna agus na bhfreagraí, córas dialachtaiceach a bheartaigh Séanan Éilé, fealsamh réamhShocraitéasach. Mheath an córas sin agus roinnt saorealaíon eile tar éis ionradh na Lochlannach, tubaiste a d'fhág Iarthar Eorpa suaite. D'éirigh leis an manach Gerbert d'Aurillac an cultúr a athneartú, go háirithe trí fhealsúnacht Arastotail a shaothrú. Thug sé dhá bhliain sa Chatalóin sa chuid deireanach den 10ú haois, i mainistir nárbh fhada ó Bharcelóna, é ag déanamh staidéir ar shaothar Arastotail, ar an matamaitic agus ar an réalteolaíocht, agus ag baint tairbhe as léann na Muslamach ar leo an chuid ba mhó den Spáinn. Bhain sé amach Réims na Fraince ansin gur chuir sé an dialachtaic agus an quadrivium (ailgéabar, céimseata, réalteolaíocht, ceol) á múineadh i scoil na hardeaglaise: go háirithe an ailgéabar. Bhí tuiscint an-soiléir aige ar rangú na fealsúnachta. Rinneadh Pápa de faoin ainm Silveastar II.

[athraigh] An Mheánaois Íochtarach (ón 11ú haois go dtí an 15ú haois)

Chuathas i mbun saothar Arastotail a aistriú arís sa 11ú haois, ach níor eagraíodh an obair i gceart go dtí na blianta idir 1120 agus 1190.

[athraigh] An 11ú haois

Sa 11ú haois ba mhó ná riamh an tábhacht a bhí leis an dialachtaic i gcúrsaí léinn, rud a d'fhág lucht dialachtaice agus lucht frithdhialachtaice in adharca a chéile. Shíl lucht dialachtaice gurbh fhéidir rúndiamhra na Críostaíochta a mhíniú go réasúnach le loighic Arastotail. Dúirt a naimhde go raibh an dialachtaic i mbaol na rúndiamhra úd a mhilleadh, agus rún acu an creideamh agus lánúdarás na bPápaí agus na gComhairlí a chosaint. Ba é saothar Anselm Chanterbury ba mhó éifeacht sa tréimhse sin agus soiléiriú á lorg ar an gcaidreamh idir an réasún agus an creideamh.

[athraigh] An 12ú haois

Leanadh de shaothrú agus de shaibhriú na dialachtaice sa 12ú haois, obair a shíolraigh an scolaíochas sa 13ú haois. Saothraíodh an loighic agus an ghramadach thuairimeach freisin agus rinneadh uirlisí diagachta díobh (féach Alain de Lille). Sa 12ú haois a buanaíodh argóint na n-uilithe idir na réalaithe agus na n-ainmníoch. Is beag eolas atá againn orthu inniu seachas ar ainmneacha Roscelin de Compiègne agus Guillaume de Champeaux, máistrí Abélard, an t-ainmníoch agus an dialachtaiceach ba mhó sa ré sin. Níorbh é dianchíoradh na loighice an t-aon ghnó intleachtúil amháin a bhí ann sa 12ú haois. Bhí dhá scoil mhanachúla ann:

  • Rinne scoil Chartres, a bhunaigh Gerbert d'Aurillac tríd an scoláire Fulbert, fealsúnacht nádúrtha a bheartú a raibh baint aici le saothrú na n-eolaíochtaí agus na dteicnící agus a chealódh scéim thraidisiúnta an "quadrivium" faoi dheireadh.

Réitigh bunú na scoileanna seo an bealach chun ollscoileanna a chur ar bun - Bolóin ar dtús, ansin Páras agus Oxford (an ollscoil ab ansa leis na hÉireannaigh).

I ndeireadh an 12ú haois d'aistrigh Anraoi Aristippe Leabhar IV de Mhéitéara Arastotail ó Ghréigis go Laidin, tar éis do Ghearóid Chreimeona Leabhair I-II a aistriú ó Araibis. Chuir Alfred de Shareshal gluaiseanna leis an téacs seo, agus d'aistrigh trí chaibidil "bhreise" ó Araibis - De mineralibus Aivinsíne (Ibn Sina, a dtugtar Avicenna air i Laidin). Ar an dóigh seo d'fhill an eolaíocht Arastotaileach ar an Iarthar.

Sa tréimhse seo rinneadh teagasc aithreacha na hEaglaise agus na gComhairlí a chur in eagar. Sholáthair Pierre Lombard Liber de Sentencia, saothar a bhí mar bhunábhar ag múinteoirí diagachta go dtí deireadh na Meánaoise. As eagrú sin na diagachta a tháinig achoimrí diaga na haoise dar gcionn.

Sa dara leath den 12ú haois tháinig raidhse aistriúchán amach, ó Thoiléid na Spáinne ar dtús, agus í athghafa ag na Críostaithe, agus ón Iodáil ina dhiaidh sin, áit ar fhoilsigh grúpaí asitritheoirí téacsanna diaganta (cuireadh Laidin ar an gCóran) agus eolaíocha (saothair chéimeata agus ailgéabair), agus mórán saothar fealsúnach: Arastotail, Proclas, agus tráchtais le Al-Kindi agus Al-Farabi. D'aistrigh Gondisalvi saothair le Aivinsíne, Al-Ghazali agus Salomon Ibn Gabirol. Cé nach raibh na saothair seo go léir ina mbuntéacsanna, chuir siad ar fáil méid mór Arastotaileachais Arabaigh ar cuireadh cuma nuaphlatónach air.

[athraigh] An 13ú haois

As scaipeadh fhealsúnacht Arastotail, mar sin, tháinig modh nua fealsúnach: an scolaíochas. Is é an bonn a bhí léi roinnt saothar le hArastotail, iad bailithe de réir a chéile ag Tomás Acuineas agus ag fealsúna eile de chuid Ollscoil Pháras. Bhí siad rangaithe ina n-aicmí: an loighic, an fhisic, an mheitifisic, an eitic, an pholaitíocht, an fhileatacht. Ach bhí fadhb mhór ag baint le hathshamhlú shaothar iomlán Arastotail; is éard a bhí i gceist an chéad chóras fhealsúnach riamh nach ndearnadh tagairt ar bith don chreideamh Críostaí ann. Ach faoi lár na haoise bhí an tArastotaileachas curtha in oiriúint don Chríostaíocht, comhtháthú ollmhór Tómasach ba chosúil a bheith dodhéanta. Ghlac an claonadh Doiminiceach leis gan mhoill ach dhiúltaigh an claonadh Proinsiasach dó de ghrá Agaistín, agus ba rogha le daoine eile AivinsíneAiveanruis (Ibn Rushd, a dtugtar Averroës air i Laidin). Lean imreas intleachtúil é seo nár chríochnaigh nó gur dhamnaigh Easpag Pháras 219 tairiscint Arastotaileach agus Aiveanruiseach. Cuireadh an teagasc Tómasach ar fionraí go dtí an bhliain 1285 agus lucht frithThómasach ag cruinniú nirt go díograiseach. Fáisceadh scoileanna nua as an bhfreasúra sin i dtús an 14ú haois agus iad bunaithe ag máistrí Proinsiasacha: Duns Scottus agus Uilleam ó Occam.

[athraigh] Ón 14ú haois amach

Sa bhliain 1447 scar Ollscoil Lováin teagasc na diagachta ó theagasc na fealsúnachta, rud a bhí ina chomhartha ar dheireadh na fealsúnachta meánaoisí. Mhair na seanscoileanna go fóill ach bhí siad gan fuinneamh, rud ba léir faoin 16ú haois. Sa 17ú haois ba léir nach raibh an scolaíochas in ann an fód a sheasamh i gcoinne an eolais a bhí á bhaint as trialacha na fisice; d'fhág scéal Ghalileo go háirithe smál air, agus bhí Descartes an-dian riamh ar a sheanmháistrí agus ar fhealsúnacht Arastotail. Cogito a dúirt sé, agus mhol rangú feasa a bheadh ina mheascán d'fhealsúnacht agus d'eolaíochtaí in Les Principes de la philosophie, saothar a tháinig amach sa bhliain 1644.

Bhí an lochtú seo i dteann a réime sa 19ú haois, nuair a d'fhógair Auguste Comte nach raibh suim ar bith aige sa mheitifisic, agus é ag brath ar theoiricí fealsúnacha an 17ú haois agus an 18ú haois (Descartes, Hume, Condorcet...). Caitheadh amhras ar dhearfachas Compte féin nuair a tháinig an éipistéimeolaíocht ar an saol. Idir an dá linn bhí doicheall roimh Arastotail ar dhá chúis:

  • An geolárnachas a bhain leis an eolas a bhí acu ar an domhan lena linn, sa 5ú haois BC.
  • A mhíniú ar an ngluaiseacht, míniú a bhain leis an eitic.

Cé is moite de neamhéifeacht éigin maidir leis an ngrinniú trialach agus de dhamnuithe éigin nach furasta a thuiscint inniu, bhronn an fhealsúnacht mheánaoiseach orainn bonn intleachtúil shibhialtacht an Iarthair, mar thug sí féin agus an tsibhialtacht Ioslamach dúinn fealsúnachtaí mhachnóirí móra an tSeanreachta (Platón, Arastotail agus eile). Ach níor leor léi an machnamh Gréagach a chur in oiriúint don Chríostaíocht, ós rud é gurbh éigean di a dhéanamh amach cén ceangal a bhí idir an réasún agus an creideamh. Inniu ní ghéilltear d’fhuascailt na faidhbe sin – an réasún a chur faoi bhráid an chreidimh, an fhealsúnacht a fhágáil faoi smacht na diagachta. Déarfá gur céim ar gcúl an smacht céanna.

Ní hamhlaidh atá an scéal, áfach. Nuair a thug an fhealsúnacht mheánaoiseach iarracht rathúil ar dhá bhealach machnaimh a d’eascair as foinsí difriúla a thabhairt le chéile, rinne sé nádúr an réasúin agus teorainn na tuisceana a iniúchadh níos géire ná mar a rinne na Gréagaigh riamh. D’fhéadfaí a rá go raibh toradh an iniúchtha sin róbhriathartha, rótheibí, agus go raibh sé dall ar an tástáil. Mar sin féin, ba é an t-iniúchadh sin a chuir Laidin theibí á saothrú a bhí ar na rudaí ba mhó ba chúis le haontú intleachtúil na hEorpa faoi scáth na Críostaíochta. Agus más gearr go raibh toradh na hiarrachta sin sáraithe ag an bhfisic, ní mar sin a bhí cúrsaí i gcás na meitifisice agus na moráltachta. An cruthú “ex nihilo,” an tsaoirse mheitifisiceach agus mhorálta, an indibhidiúlacht, an saol atá le teacht, smaointe nárbh eol do na Gréagaigh, tháinig siad isteach san fhealsúnacht agus chlaochlaigh í. D’eascair siad as an Meánaois agus shealbhaigh an machnamh nua-aoiseach, rud a bhfuil a rian orainn go léir, a bheag nó a mhór. Leis an gCríostaíocht a bhaineann na smaointe seo, gan amhras, ach ní léise a bhaineann siad ar fad. Sin é an fáth ar tháinig bláth orthu lastall den scolaíochas, san Athbheochan agus sa ré atá anois ann. Fealsúnacht Chríostaí fealsúnacht na Meánaoise, fiú más scéal conspóideach i gcónaí é sin, agus ní féidir í a scaradh óna haimsir féin.

[athraigh] Tagairtí

  • Tá an t-alt seo bunaithe ar Philosophie na Fraincise (Wikipédie). Cuirfear leis.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
I dteangacha eile