Simone de Beauvoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Simone de Beauvoir
Simone de Beauvoir.PNG
Dáta breithe 9 Eanáir, 1908
  Páras, an Fhrainc
Dáta báis 14 Aibreán, 1986
  Páras, an Fhrainc
Náisiúntacht Francach
Gairm Údar, fealsamh, gníomhaí, iriseoir
Seánra Feimineachas, eiseachas

Francach ab ea Simone de Beauvoir, údar, fealsamh, gníomhaí agus iriseoir (9 Eanáir 190814 Aibreán 1986). Bhí sí ina scríbhneoir bisiúil: cuimsíonn a cuid saothair úrscéalta, aistí ar chúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéis. Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar a húrscéalta meitifisiciúla agus a tráchtas Le Deuxième Sexe (The Second Sex), anailís chuimsitheach ar ansmacht na mban, atá ina bhunchloch don fheimineachas comhaimseartha.

A hóige[athraigh | edit source]

Fuineadh agus fáisceadh de Beauvoir i bPáras agus bhí scoth oideachais uirthi. Fágadh an teaghlach ar an ngannchuid nuair a breithníodh ina fhéimheach a seanathair máthar. Tháinig Simone agus a deirfiúr Hélène faoi anáil a n-athar agus é féin a thug grá na litríochta agus na drámaíochta dóibh. (Rinneadh ealaíontóir de Hélène dá bhrí sin). Bhí sé ag súil le mac ach dúirt sé le Simone go raibh “intinn fir” aici. Bhí dúil a anama san oideachas aige mar éalú as bochtaineacht an teaghlaigh agus d’éirigh le Simone ina cuid léinn in aois linbh. Ina déaga a bhí sí nuair a shocraigh sí a bheith ina scríbhneoir iomráiteach. Rug sí an barr léi i gcúrsaí scoláireachta ach bhí sí an-tógtha leis an bhfealsúnacht agus d’fhreastal sí ar ollscoil i bPáras chun staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin. Bhuail sí le Jean-Paul Sartre ansin agus is ar an gcaoi sin a thosaigh dlúthchaidreamh ar feadh an tsaoil. Sa bhliain 1929, bronnadh an agrégation san fhealsúnacht uirthi. Ba í de Beauvoir, nó Castor mar a tugadh uirthi toisc go raibh a sloinne cosúil leis an bhfocal “béabhar” as Béarla, an duine ab óige a fuair an duais seo riamh ag an am.

Í meánaosta[athraigh | edit source]

Simone de Beauvoir (ar chlé) le Jean Paul Sartre agus Che Guevara (Cúba - 1960)

Sna 1940í, foilsíodh a céad úrscéal L’invitée (She came to stay): saothar meitifisiciúil a bhaineann leis na caidrimh chasta atá ar siúl i measc triúir agus atá bunaithe ar an ménage à trois idir de Beauvoir, Sartre agus bean óg darbh ainm Olga Kosakiewicz.

Le linn na tréimhse seo, chuir de Beauvoir amach scríbhinní ar eitic agus eiseachas. Deirtear go dtugtar léirmheas sothuigthe ar an eiseachas Francach sa leabhar Pour une Morale de L’Ambiguité (The Ethics of Ambiguity). Soiléirítear roinnt neamhréireachtaí sna príomhshaothair sa ghort, L'Être et le Néant (Being and Nothingness) le Sartre féin san áireamh.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus ar son chúis an eiseachais, bhunaigh sí an iris Les Temps Modernes in éineacht le Sartre, Maurice Merleau-Ponty agus baill eile de lucht intleachta na héite clé. Dá dheasca sin, bhí sí in ann a cuid smaointe a chur chun cinn ar raon fairsing ábhar, an cumannachas agus an t-aindiachas, cuir i gcás.

Sa bhliain 1949 foilsíodh Le Deuxième Sexe agus leis sin ghnóthaigh Simone de Beauvoir cáil mar smaointeoir radacach. Tráchtas ar staid na mban atá i gceist a ndéantar cur síos an chos ar bolg sa tsochaí phatrarcach. Trí mhionchuntas a bhaineann le miotaseolaíocht, sibhialtacht, reiligiún, anatamaíocht agus traidisiún, taispeánann de Beauvoir idirdhealú i gcoinne na mban atá le fáil leis na cianta cairbreacha. Ba iad na gnéithe ba chonspóidí sa leabhar ná a cuid tuairimí faoi mháithreachas, ghinmhilleadh agus phósadh. (Déantar comparáid idir an ceann deireanach agus an striapachas). Dar leis an údar, meastar go bhfuil na mná ina gclaonadh sóisialta agus tá ar na mná féin an bhunbharúil seo a chur ar leataobh chun dul ar aghaidh. Is iad na coincheapa is tábhachtaí i bhfealsúnacht an eiseachais ná saor-rogha agus freagracht phearsanta.

D’eisigh sí an t-úrscéal Les Mandarins (The Mandarins) óna caidreamh paiseanta leis an scríbhneoir Meiriceánach Nelson Algren agus bhuaigh sí an Prix Goncourt, an duais litríochta is mó sa Fhrainc, dá thoradh sin.

Anonn sna blianta[athraigh | edit source]

Shiúil sí an domhan agus bhuail sí le ceannairí cumannacha ar nós Fidel Castro, Che Guevara agus Mao Tse-Tung. Bhí an-tóir ar a dialanna taistil. I rith na 50í agus na 60í, bhí de Beauvoir ina scríbhneoir rathúil, idir aistí agus ghearrscéalta á gcur amach aici. I ndeireadh na gcaogaidí a thosaigh sí céad imleabhar a dírbheathaisnéise ina bhfuil anailís ar a tógáil shrianta mheánaicmeach.

Bhí lámh bheo i saoirse na mban aici san am ba thréine an ghluaiseacht sa Fhrainc. Bhí sí páirteach san fheachtas ar son an ghinmhillte agus bhí an ginmhilleadh dleathach sa tír ó 1974.

A bás agus a hoidhreacht[athraigh | edit source]

Bhí sí ocht mbliana déag is trí scór d’aois nuair a fuair sí bás den niúmóine. Adhlacadh í in aice lena leathbhádóir ionúin Sartre sa Cimitière du Montparnasse i bPáras agus bíonn an-phlé faoin tionchar a bhí acu ar a chéile. Tá meas mór ar de Beauvoir mar intleachtach fadbhreathnaitheach agus scríbhneoir ildánach. Tugtar aitheantas di mar cheannródaí an fheimineachais sa 20ú haois. D’fhág sí oidhreacht thathagach ficsin agus neamhfhicsin ina diaidh.

I 2006 tugadh Passerelle Simone de Beauvoir mar ainm ar dhroichead nua coisithe trasna abhainn na Seinne i bPáras le hurraim do dhuine de na mná is cáiliúla sa Fhrainc.

Tagairtí[athraigh | edit source]