Roscelin de Compiègne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRoscelin de Compiègne
Beathaisnéis
Breithc. 1050 (Féilire Ghréagóra)
Compiègne, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1121
70/71 bliana d'aois
Besançon, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnPierre Abélard agus Guillaume de Champeaux
TeangachaAn Laidin

Scoláire scolaíoch Francach agus bunaitheoir an Ainmneachais ab ea Roscelin (1050-c.1121) – an chéad scoláire den scoil sin a bhfuil beagán eolais againn ar a theagasc, cé gurb iad a naimhde amháin a thugann cuntas air. Ba é a thuairim nach raibh saghsanna rudaí ann i ndáiríre. Níl réaltacht le fáil ach sna rudaí indibhidiúla: tá an duine aonair ann, agus tá bun fírinne leis an bhfocal a ainmníonn é, ach níl a leithéid de rud ann is an cine daonna. Ach tuairim chontúirteach í sin i gcúrsaí diagachta, sa mhéid nach mbeadh sa Tríonóid, mar sin, ach triúr neach ar leith seachas trí ghné de Dhia Uilechumhachtach. Ní cinnte, áfach, gur bhain Roscelin feidhm as a theagasc sna cúrsaí sin.