An Fhrainc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
République française
Poblacht na Fraince
Bratach na Fraince Armas na Fraince
Bratach Armas
Mana: Liberté, Egalité, Fraternité
(Fraincis: Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas)
Amhrán náisiúnta: La Marseillaise
Suíomh na Fraince
Príomhchathair Páras
48°52′ Thuaidh 2°20′ Thoir
An chathair is mó Páras
Teangacha oifigiúla Fraincis
Rialtas
François Hollande
Manuel Valls
Poblacht
4 Deireadh Fómhair 1958
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
674,843 km² (42ú)
0.26%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh [[ ]]
 • Dlús
 
63,560,000 (20ú)
 
111/km² (-)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1.661 trilliún ()
$27,600 (-)
Airgeadra Euro () (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .fr
Glaochód +33

Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France), nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française), atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá príomhchuid na tíre suite in iarthar mhór-roinn na hEorpa, agus tá príomhoileán na tíre, Corsica, suite sa Mheánmhuir. Tá críocha agus oileáin Fhrancacha eile suite timpeall an domhain. Is í Guáin na Fraince an chríoch is mó thar lear.

San iomlán, tá achar 547,026 km ² sa "Fhrainc Dhúthach" (Eorpach), ar a dtugtar l'Hexagone, an "Heicseagán", uaireanta, mar gheall ar a cruth. Tá cóstaí ag an Fhrainc san iarthar, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá a tírdhreach múnlaithe den chuid is mó ag mánna nó cnoic. Tá an chuid thoir theas den tír sléibhtiúil; is iad na príomh-shliabhraonta na Piréiní, an Massif Central, na hAlpa agus na Vosges san oirthear. Is é Mont Blanc an sliabh is airde sa Fhrainc agus sna hAlpa (4,810 m).

Aeráide[athraigh | edit source]

Tá aeráide éadrom ag an tuaisceart agus an iarthuaisceart. San oirdheisceart, tá aeráide mheánmhara. San iarthar, tá an aeráide den chuid is mó aigéanach le go leor báisteach, geimhreadh éadróm agus samhradh te.

Cathracha[athraigh | edit source]

Is í an phríomhchathair Páras an chathair is tábhachtaí agus is mó sa bhFrainc le níos mó ná deich milliún áitritheoir i limistéar na cathrach (Réigiún Ile-de-France). Tá níos mó ná milliún áitritheoir sna ceantair uirbeacha timpeall Marseille agus Lyon freisin.

Ar an 1 Eanáir 2006 b'iad na cathracha ba mhó sa tír dar le suirbhéanna an daonáireamh:

Áit Ainm Cathair (áitr.) Limistéar (áitr.)
1. Páras 2.181.371 11.442.977
2. Marseille 839.043 1.418.481
3. Lyon 472.305 1.417.463
4. Toulouse 437.715 850.873
5. Nice 347.060 940.017
6. Naoned 282.853 568.743
7. Strasbourg 272.975 638.370
8. Montpellier 251.634
9. Bordeaux 232.260 803.117
10. Lille 226.014 1.016.205

Réigiún Fhrainc[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Ó Aimsir na Róimhe go dtí an Réabhlóid[athraigh | edit source]

Tá an Fhrainc suite sa réigiún a nglaoití an Ghaill air tráth - áit a ndeirtear gur tháinig na Ceiltigh aisti. Rinne Iúil Caesar concas ar an nGaill d'Impireacht na Róimhe san 1ú aois RC, agus ar deireadh ghlac na Gallaigh le cultúr agus le teanga na Róimhe. D'fhorbair an teanga de réir a chéile go dtí an pointe go n-aithneofaí mar Fhraincis í. Ón 2ú haois nó ón 3ú haois ar aghaidh, tháinig borradh ar an gCríostaíocht agus sa 4ú nó sa 5ú aois, scríobh Naomh Jerome gurbh í an Ghaill an t-aon réigiún a bhí "saor ó eiriceacht". Sna Meánaoiseanna, d'úsáid na Francaigh an ráiteas seo le cruthú gurbh iad "Ríocht sar-chríostaíocht na Fraince".

Sa 4ú haois, tháinig treibheanna Gearmánacha ón oirthear trasna abhann na Réine. Glaodh Francanna orthu. Chruthaigh na Francanna a n-impireacht féin, an Impireacht Chairilínseach, a shroich barr a réime faoin Impire Séarlas Mór. Ar bhás Shéarlais Mhóir, roinneadh an Impireacht ina trí chuid, le Conradh Verdun (843). Ba í an chuid iarthair, faoi rial Shéarlais Mhaoil, a chuir tús leis an bhFrainc mar is ann inniu di.

Bhí na Cairilínsigh i gcumhacht sa Fhrainc go dtí 987, nuair a corónaíodh Hugh Capet, Diúc na Fraince agus Cunta Phárais. Diaidh ar ndiaidh d'aontaigh a shliocht na Capetian, Valois agus Bourbon an tír trí chogadh agus pósadh. Ba sa seachtú haois déag, faoi réimeas Louis XIV, ba mhó a cumhacht. Ag an am seo bhí an daonra ba mhó san Eoraip aici agus bhí tionchar mór aici ar pholaitíocht, ar eacnamaíocht, agus ar chultúr na hEorpa. Bhí tionchar mór ag an bhFrainc freisin ar Réabhlóid Mheiriceá, ag íoc as airm agus ag cur sonraí míleata ar fáil do na réabhlóidithe in aghaidh Shasana.

Ó Mhonarcacht go Poblacht[athraigh | edit source]

Caisleáin Chambord

Bhí an mhonarcacht seo i gcumhacht go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789. Cuireadh Rí Louis XVI agus a bhanríon, Marie Antoinette, chun báis chomh maith leis na mílte Francach eile. I ndiaidh dornán rialtas réabhlóideach, thóg Napoleon Bonaparte cumhacht ón bpoblacht sa bhliain 1799, ar dtús mar an "Chéad Consul" agus níos déanaí mar Impire den Chéad Impireacht Francach (18041814). I rith cogaidh éagsúl, bhí cuid mhaith de mhór-roinn na hEorpa tógtha aige, agus chuir sé gaolta i gceannas ar na ríochtanna a ghabh sé (mar shampla Joseph Bonaparte sa Spáinn).

I ndiaidh briseadh deireanach Napoleon ag Cath Waterloo, cuireadh an mhonarcacht ar bhun arís sa Fhrainc, ach le teorainneacha bunreachtúla ar a cumhacht. Sa bhliain 1830, tar éis Éirí Amach mhí Iúil, cuireadh Monarcacht i bhfeidhm a lean go dtí an bhliain 1848. Chríochnaigh Dara Poblacht na Fraince go luath i ndiaidh a tosnú sa bhliain 1852 nuair a d'fhógair Louis-Napoléon Bonaparte Dara Impireacht na Fraince. Cháill airm na Fraince in aghaidh na bPrúiseach sa mbliain 1870 agus cuireadh tús le Tríú Poblacht na Fraince.

Eugène Delacroix - La liberté guidant le peuple

Bhí cóilíní ag an bhFrainc ón 17ú haois go dtí na 1960í. Sa 19ú agus 20ú haois bhí a hImpireacht Domhanda ar an dara ceann ba mhó, i ndiaidh impireacht na Breataine. Idir 1919 agus 1939, bhí an Impireacht ós cionn 12,347,000 km2 (4,767,000 míkm2). Leis an tír féin san áireamh, sna 1920í and 1930í, bhí 8.6% de achar an domhain faoi réimeas na Fraince.

Cé gur bhuaigh siad ar deireadh sa gCéad Chogadh Domhanda, d'fhulaing an tír go mór, go háirithe ó thaobh daoine agus mianraí de. Bhunaigh an rialtas, Fronta an Phobail, córas leasaithe shóisialta sna 1930í. I rith an Dara Cogadh Domhanda, tar éis ionradh na nGearmánach ag úsáid blitzkrieg, ghéill siad. Bhí daoine san Fhrainc nár aontaigh leis an ngéilleadh agus thosaigh siad "Fórsaí Saoirse na Fraince" lasmuigh den tír, agus Frithbheartaíocht na Fraince istigh sa tír. Sa bhliain 1944 taréis ionradh na gcomhghuaillithe ar "D-Day", bhí an Fhrainc saor arís. Go luath ina dhiaidh sin búnaíodh an Nouvelle Armée Française ("Arm Nua na Fraince") le cabhair na gcomhghuaillithe agus lean siad ag troid go dtí deireadh an Chogaidh.

Bunaíodh Ceathrú Poblacht na Fraince i ndiaidh an Chogaidh. Faoi mar a bhí ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí sé deacair don tír ar dtús báire, ach taréis tamaill bhí sí cumhachtach arís. Rinneadh iarracht a hImpireacht Cóilíneach a choimeád ach bhí trioblóid ag tósnú. Rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a ath-thógaint ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag Cath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhris Cogadh na Saoirse san Ailgéir amach san Ailgéir.

Bhí an cogadh sin go dona. Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí ann. Bhí sé chomh dona sin gur bheag nach raibh Cogadh Cathartha sa bhFrainc. Sa bhliain 1958, thit an rialtas agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir. Bhí Charles de Gaulle mar Uachtarán agus bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh. Chríochnaigh Cogadh na Saoirse san Ailgéir agus an cogadh cathartha sa príomhchathair Algiers, tar éis idirbheartaithe sa bhliain 1962, le neamhspleáchas don Ailgéir.

Le blianta beaga anuas tá an cairdeas atá ag an tír leis an nGearmáin ag cur go mór le polaitíocht agus eacnamaíocht na hEorpa.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Fhrainc. Is aici atá an séú geilleagar is mó ar domhan. Is í an earnáil seirbhíse an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre. Tagann thart ar 77 milliún turasóir go dtí an Fhrainc gach bliain.


Tagairtí[athraigh | edit source]



Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc