Muir nIocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil. Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Is éard is Muir nIocht (Briotáinis: Mor Breizh; Coirnis: Mor Bretannek; Fraincis: la Manche) ann ná géag den Aigéan Atlantach a dheighleann an Bhreataine Mhór ó thuaisceart na Fraince, agus a cheanglaíonn an Mhuir Thuaidh leis an Atlantach. Tá sí thart ar 560 km (350 míle) ar fhad agus athraíonn a leithead ó 240 km (150 míle) ag a háit is leithne, go dtí 34 km (21 míle) sa Chaolas Dobhar. Is í an fharraige is éadomhain í timpeall ar scairbh ilchríochach na hEorpa, ag clúdach réimse thart ar 75,000 km2 (29,000 míle cearnach).